Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

Gníoṁarṫa 15 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

1 Agus ṫáinig daoine áiriṫe anuas ó Iúdaea, agus do ḃíodar ag teagasc na mbráiṫreaċ, g‐á ráḋ, Muna dtimċeall‐ġearrṫar siḃ de réir reaċta Ṁaoise, ní féidir ḃúr slánú.

2 Agus tar éis aiġnis agus conspóide nár ḃeag do ḃí ag Pól agus ag Barnabas leo‐san, do socruiġeaḋ go raċaḋ Pól agus Barnabas, agus cuid eile aca suas go h‐Iarúsalem ċum na n‐abstal agus na seanóir fá’n scéal seo.

3 D’imṫiġeadar, mar sin, agus luċt na h‐eaglaise d’á dtionnlacan, agus do ġaḃadar tré Ḟoinicia agus tré Ṡamária, g‐á innsin cionnas h‐iompuiġeaḋ na Cineaḋaċa: agus do ċuireadar áṫas mór ar na bráiṫreaċaiḃ go léir.

4 Agus ar ṡroiċeaḋ Iarúsalem dóiḃ, d’ḟáiltiġ an eaglais agus na h‐abstail agus na seanóirí rómpa, agus d’inniseadar tríd síos gaċ a ndearna Dia tríoṫa.

5 Aċt d’éiriġ daoine áiriṫe d’aicme na ḃFairisíneaċ go raiḃ an creideaṁ aca, g‐á ráḋ, Ní foláir iad do ṫimċeall‐ġearraḋ, agus a ċur d’ḟiaċaiḃ orṫa reaċt Ṁaoise do ċoiṁéad.

6 Annsin ṫáinig na h‐abstail agus na seanóirí i gceann a ċéile leis an scéal do ḃreaṫnú.

7 Agus tar éis diospóireaċta fada, d’éiriġ Peadar ’n‐a ṡeasaṁ, agus aduḃairt sé leo, A ḃráiṫreaċa, is eol daoiḃ go ndearna Dia toġaḋ eadraiḃ, tamall maiṫ ó ṡoin, gur as mo ḃéal‐sa do‐ċluinfeaḋ na Cineaḋaċa briaṫar an tsois céil agus go gcreidfidís.

8 Agus Dia ṫuigeas a ḃfuil san gcroiḋe, ṫug sé fiaḋnaise ’n‐a ḃfáḃar, ag bronnaḋ an Spioraid Naoiṁ orṫa, fá mar ḃronn sé orainne;

9 agus ní ḋearna sé deifriḋeaċt ar biṫ idir sinne agus iad‐san ag glanaḋ a gcroiḋe le creideaṁ.

10 Cad ċuige ḋaoiḃ anois, d’á ḃriġ sin, caṫú do ċur ar Ḋia, ag cur cuinge ar ṁuineálaiḃ na ndeisceabal, nár ḟéad ár sinnsir ná sinn féin d’iomċar?

11 Aċt creidimíd go slánóċar sinne tré ġrás an Tiġearna Íosa, fá mar slánuiġeaḋ iad‐san.

12 Agus d’ḟan an ċuideaċta uile ’n‐a dtost; agus d’éisteadar le Pól agus le Barnabas ag innsin i dtaoḃ na míorḃal agus na n‐iongantas do‐rinne Dia tríoṫa féin i measc na gCineaḋaċ.

13 Agus nuair ḃíodar ’n‐a dtost, d’ḟreagair Séamas, g‐á ráḋ, A ḃráiṫreaċa, éistiḋ liom‐sa:

14 D’innis Símeon cionnas mar d’ḟéaċ Dia ar dtús ar an Cineaḋaċaiḃ ċum pobal do ṫoġaḋ asta d’á ainm féin.

15 Agus aontuiġeann briaṫra na ḃfáiḋ leis sin; mar atá scríoḃṫa,

16 Fillfead ’n‐a ḋiaiḋ sin, Agus tógfad arís tabernacal Dáiḃí atá ar lár: Agus tógfad arís a ḟoṫraiġ, Agus cuirfead ar a ḃonnaiḃ é:

17 Ċum go loirgfiḋ an ċuid eile de na daoiniḃ an Tiġearna, Agus na Cineaḋaċa, ar a nglaoḋtar m’ainm,

18 Adeir an Tiġearna, atá ag cur na neiṫe sin i dtuigsin ó ṫosaċ an tsaoġail.

19 D’á ḃriġ sin, is é mo ḃreiṫeaṁnas‐sa, gan buaḋirt do ċur orṫa‐san iompuiġeas ċum Dé i measc na gCineaḋaċ;

20 aċt scríoḃaḋ ċuca iad féin do ṡeaċaint ar ṫruailleaḋ na n‐íoḋal, agus ar striapaċas, agus ar ḟeoil do taċtaḋ, agus ar ḟuil.

21 Óir ó’n aimsir i ḃfad i gcéin, atá ag Maois ins gaċ caṫair a ṡeanmóiriḋṫe féin, agus é d’á léiġeaḋ gaċ sabóid ins na sionagógaiḃ.

22 Annsin do ṡocruiġ na h‐abstail agus na seanóirí ar ḋaoine do ṫoġaḋ as a gcuideaċtain féin, agus a seolaḋ go h‐Antuaiġ i n‐éinḟeaċt le Pól agus le Barnabas: ba iad sin Iúdás ar a dtugaḋ Barsabbas, agus Sílas, fir tosaiġ i measc na mbráiṫreaċ:

23 agus do ċuireadar scríḃinn tré n‐a láṁaiḃ, Ó na h‐abstalaiḃ agus ó na bráiṫreaċaiḃ is sine ċum na mbráiṫreaċ de ṡlioċt na gCineaḋaċ i nAntuaiġ, agus i Siria, agus i gCilicia, beaṫa agus sláinte:

24 De ḃriġ gur clos dúinn go ndearna daoine áiriṫe do ċuaiḋ amaċ uainn buaḋirt daoiḃ le cainnt, ag cur mío‐ṡuaiṁnis aigne oraiḃ; gan aon órdú d’ḟáġáil uainne:

25 do ṡocruiġeamar d’aon toil ar ḟearaiḃ do ṫoġaḋ, agus ar iad do ċur ċugaiḃ i n‐éinḟeaċt le n‐ár gcáirdiḃ ionṁaine, Barnabas agus Pól,

26 fir do ċuir a n‐anmanna i gcontaḃairt ar son ainme an Tiġearna Íosa Críost.

27 D’á ḃriġ sin do ċuireamar Iúdás agus Sílas, agus inneosaiḋ siad féin le briaṫraiḃ béil na neiṫe céadna.

28 Óir is toil leis an Spiorad Naoṁ, agus linne, gan ualaċ níos truime ’ná an méid seo do ċur oraiḃ;

29 siḃ féin do ṡeaċaint ar neiṫiḃ do h‐íoḋbraḋ d’íoḋalaiḃ, agus ar ḟuil, agus ar neiṫiḃ do taċtaḋ, agus ar striapaċas; má ċongḃuiġeann siḃ amaċ uaṫa sin, béiḋ an scéal go maiṫ agaiḃ. Slán liḃ.

30 Annsin nuair do cuireaḋ ċum siuḃail iad, do ċuadar síos go h‐Antuaiġ; agus do ċruinniġeadar an pobal le ċéile, agus ṫugadar uaṫa an scríḃinn.

31 Agus nuair do léiġeaḋ í, ḃí an‐áṫas orṫa de ḃárr an tsóláis.

32 Agus Iúdás agus Sílas, ó ba fáiḋe iad féin, do spreagadar na bráiṫreaċa le mórán cainnte, agus do neartuiġeadar iad.

33 Agus tar a éis dóiḃ tamall do ċaiṫeaṁ annsin, do cuireaḋ iad le síoṫċáin ó na bráiṫreaċaiḃ ċuca‐san do ċuir uaṫa iad.

35 Aċt d’ḟan Pól agus Barnabas i nAntuaiġ, ag teagasc agus ag craoḃscaoileaḋ briaṫair an Tiġearna, agus mórán eile ag cuidiú leo.

36 Agus tar éis tamaill aduḃairt Pól le Barnabas, Fillimís anois le cuairt do ṫaḃairt ċum na mbráiṫreaċ atá ins gaċ caṫair ’n‐ar ċraoḃscaoileamar briaṫar an Tiġearna, d’ḟéaċain cionnas atá ag éirġe leo.

37 Agus ba ṁian le Barnabas Eoin ar a dtugaḋ Marcus, do ṫaḃairt leo, leis.

38 Aċt níor ṁaiṫ le Pól an té do ṫréig iad i bPamfilia, gan dul san obair leo, do ṫaḃairt leo.

39 Uime sin d’éiriġ easaontas géar eadorṫa, i dtreo gur scaradar le ċéile, agus ṫug Barnabas Marcus leis, agus ċuaiḋ sé ar luing go Cuprus;

40 aċt do ṫoġ Pól Sílas, agus d’imṫiġ sé, tar a éis do na bráiṫreaċaiḃ a ċur fá ċoimirce grása an Tiġearna.

41 Agus do ċuaiḋ sé tré Ṡiria agus tré Ċilicia, ag neartú na n‐eaglais.

First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1951.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan