Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

Gníoṁarṫa 14 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

1 Agus ṫárla i nIcónium go ndeaċadar araon isteaċ i sionagóig na nIúdaċ, agus gur laḃradar ar ċuma gur ċreid sluaġ mór de na h‐Iúdaċaiḃ agus de na Gréagaċaiḃ.

2 Aċt na h‐Iúdaiġ do ḃí díċreideaṁnaċ, do ġríosadar na Cineaḋaiġ, agus do ṁúscladar mioscais ’n‐a h‐inntinn do na bráiṫreaċaiḃ.

3 Aċt d’ḟanadar tamall fada annsin ag laḃairt go dána i muiniġin an Tiġearna, ṫug fiaḋnaise do ḃriaṫar a ġrása, agus míorḃailtí agus iongantais d’á ndéanaṁ d’á ḋeoin tré n‐a láṁaiḃ.

4 Aċt d’éiriġ deiġilt idir ṁuinntir na caṫraċ; cuid aca ag cur leis na h‐Iúdaċaiḃ, agus cuid aca ag cur leis na h‐abstalaiḃ.

5 Agus nuair d’éiriġ droċ‐ḟuadar fá na Cineaḋaċaiḃ agus fá na h‐Iúdaċaiḃ mar aon le n‐a riaġlóiriḃ, ċum droċ‐íde do ṫaḃairt orṫa, agus gaḃáil de ċloċaiḃ orṫa, do ċonnacṫas dóiḃ é,

6 agus do ṫeiċeadar go caṫraċaiḃ Licaónia, go Listra agus go Derbé, agus go dtí an dúṫaiġ mágcuairt:

7 agus do ċraoḃscaoileadar an soiscéal annsin.

8 Agus do ḃí fear ’n‐a ṡuiḋe i Listra naċ raiḃ lúṫ na gcos aige, cláiríneaċ ó ḃroinn a ṁáṫar, nár ṡiuḃail ariaṁ.

9 Do ḃí an duine seo ag éisteaċt le Pól ag cainnt: agus nuair do ḋearc seisean go grinn air, agus ṫug sé fá deara go raiḃ creideaṁ ċum a ṡlánuiġṫe aige,

10 aduḃairt sé de ġuṫ árd, Éíriġ id’ ṡeasaṁ go díreaċ ar do ċosaiḃ. Agus d’éiriġ sé de léim, agus do ṡiuḃail sé.

11 Agus nuair do ċonnaic na sluaiġte a raiḃ déanta ag Pól, do ġlaoḋadar i n‐árd a ngoṫa as cainnt Licaónia, g‐á ráḋ, Atá na déiṫe tagṫa anuas ċugainn i rioċt daoine.

12 Agus ṫugadar Iúpiter ar Ḃarnabas, agus Mercúrius ar Ṗól, mar ba eisean ba ṁó do laḃair.

13 Agus sagart Iúpiter, go raiḃ a ṫeampall os cóṁair na caṫraċ, ṫug sé leis tairḃ agus bláiṫ‐ḟleisc go dtí na geataí, agus fonn air íoḋbairt do ḋéanaṁ mar aon leis na sluaiġtiḃ.

14 Aċt nuair do‐ċuala na h‐abstail, Barnabas agus Pól ’n‐a ṫaoḃ, do réabadar a n‐éadaiġe, agus do léimeadar amaċ i measc an tsluaiġ,

15 ag liúġaḋ agus g‐á ráḋ, A ḋaoine, créad do b’áil liḃ a leiṫéid sin do ḋéanaṁ? Daoine go ḃfuil an nádúir ċéadna againn agus atá agaiḃ féin, is eaḋ sinne, agus atáimíd ag taḃairt deaġ‐scéala ḋaoiḃ, go gcaiṫfiḋ siḃ iompóḋ ó na neiṫiḃ baoṫa sin ċum Dé ḃí, do ċruṫuiġ neaṁ, agus talaṁ, agus muir, agus a ḃfuil ionnta:

16 an té do leig do na cineaḋaċaiḃ, ins na tráṫaiḃ atá imṫiġṫe, siuḃal ar a sliġṫiḃ féin.

17 Cibé sin de, níor ḟág sé é féin gan fiaḋnaise, g‐á ċur i gduigsin as uċt an ṁaiṫeasa do‐rinne sé, óir ṫug sé báisteaċ agus séasúir ṫorṫaċa ó’n spéir ḋaoiḃ, ag líonaḋ ḃúr gcroiḋe de ḃiaḋ agus de ġáirdeaċas.

18 Agus bíoḋ gur laḃradar ar an gcuma sin, is ar éigin d’éiriġ leo na daoine do ċosc gan íoḋbairt do ḋéanaṁ dóiḃ.

19 Aċt ṫáinig Iúdaiġ go dtí an áit sin ó Antuaiġ agus ó Icónium, do spreag na daoine, agus do ġaḃ de ċloċaiḃ ar Ṗól, agus do ṫarraingt amaċ as an gcaṫair é, mar ba ḋóiġ leo go raiḃ sé marḃ.

20 Aċt nuair do ḃí na deisceabail ’n‐a seasaṁ ’n‐a ṫimċeall, d’éiriġ sé, agus do ċuaiḋ sé isteaċ san gcaṫair: agus lá ar n‐a ḃáraċ d’imṫiġ sé mar aon le Barnabas go Derbé.

21 Agus tar a éis dóiḃ an soiscéal do ċraoḃscaoileaḋ do ṁuinntir na caṫraċ sin, agus mórán deisceabal do ḋéanaṁ, d’ḟilleadar go Listra, agus go h‐Icónium, agus go h‐Antuaiġ,

22 ag neartú anamann na ndeisceabal, g‐á spreagaḋ ċum ḃeiṫ seasaṁaċ san gcreideaṁ, mar gur tré mórán d’ḟulang caiṫfear ríoġaċt Dé do ḃaint amaċ.

23 Agus tar éis seanóirí do ṫoġaḋ ḋóiḃ ins gaċ eaglais, agus urnaiġe agus troscaḋ do ḋéanaṁ, d’ḟágadar iad fá ċoimirce an Tiġearna, go raiḃ a gcreideaṁ ann.

24 Agus do ġaḃadar tré lár Ṗisidia, go dtángadar go Pamfilia.

25 Agus tar a éis dóiḃ an briaṫar do laḃairt i bPérgé, do ċuadar síos go h‐Attalia;

26 agus do ċuadar ar luing ó’n áit sin go h‐Antuaiġ, an áit as ar cuireaḋ iad fá ġrás Dé ċum na h‐oibre do ḃí críoċnuiġṫe aca.

27 Agus nuair ṫángadar, agus do ċruinniġeadar an eaglais i gceann a ċéile, d’inniseadar gaċ a ndearna Dia tríoṫa, agus cionnas mar d’ḟoscail sé doras creidiṁ do na Cineaḋaċaiḃ.

28 Agus d’ḟanadar tamall maiṫ annsin i ḃfoċair na ndeisceabal.

First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1951.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan