Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

Gníoṁarṫa 13 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

1 Agus san eaglais do ḃí i nAntuaiġ do ḃí fáiḋe agus teagascóirí, ar a raiḃ Barnabas, agus Símeon Duḃ, mar tugtaí air, agus Lúcius ó Ċuréné, agus Manaén cóṁḋalta Ioruaiṫ tetrarċa, agus Saul.

2 Agus ag frioṫáileaṁ gnóṫa an Tiġearna, agus ag déanaṁ troscaiḋ ḋóiḃ, aduḃairt an Spiorad Naoṁ, Cuiriḋ i leaṫtaoiḃ Barnabas agus Saul le h‐aġaiḋ na h‐oibre ċum a ḃfuil siad ceapṫa agam.

3 Annsin, tar a éis dóiḃ troscaḋ agus urnaiġe do ḋéanaṁ, agus a láṁa do ċur orṫa, do ċuireadar uaṫa iad.

4 Uime sin, do ċuadar fá stiúraḋ an Spioraid Naoiṁ, síos go Seleúcia; agus as sin do seolaḋ iad go Cuprus.

5 Agus nuair do ṡroiċeadar Salamis, do ċraoḃscaoileadar briaṫar Dé i sionagógaiḃ na nIúdaċ: agus ḃí Eoin mar ċongantóir aca.

6 Agus nuair do ḃí an t‐oileán uile siuḃalta aca ċóṁ fada le Pafos, fuaradar draoi áiriṫe, fáiḋ bréige, Iúdaċ, darḃ ainm Bar‐Iésus;

7 do ḃí i ḃfoċair an ṗróconsúil, Sergius Paulus, fear tuigseanaċ. Do ġlaoḋ seisean Barnabas agus Saul ċuige, agus ba ṁian leis briaṫar Dé do ċlos.

8 Aċt Elimas draoi (óir is mar sin míniġṫear a ainm), do ċuir sé ’n‐a gcoinniḃ, ag iarraiḋ an ṗróconsúil d’iompóḋ ó’n gcreideaṁ.

9 Aċt Saul, go ḃfuil Pól mar ainm air, leis, do ḃí sé lán de’n Spiorad Naoṁ, agus ag féaċain go géar air,

10 aduḃairt sé, A ḋuine atá lan de gaċ ceilg agus de gaċ feall, a ṁic an diaḃail, a náṁaid gaċ cirt, naċ staonfaiḋ tú ó ṡliġṫiḃ díreaċa an Tiġearna do ċur bun os cionn?

11 Agus féaċ anois, atá láṁ an Tiġearna ort, agus béiḋir id’ ḋall, gan solas na gréine d’ḟeicsin go ceann tamaill. Agus leis sin do ṫuit scamall agus dorċaċt air; agus ag siuḃal dó, ḃí sé ag iarraiḋ duine do‐ḃéarfaḋ láṁ dó.

12 Annsin, nuair do ċonnaic an próconsúl a raiḃ déanta, do ċreid sé, ag déanaṁ iongantais de ṫeagasc an Tiġearna.

13 Agus do ċuaiḋ Pól agus a ċomplaċt ar luing ó Ṗafos, agus ṫángadar go Pergé i bPamfilia; agus d’imṫiġ Eoin uaṫa, agus d’ḟill sé go h‐Iarúsalem.

14 Aċt do ċuadar‐san rómpa ó Ṗergé, go dtángadar go h‐Antuaiġ i bPisidia; agus do ċuadar isteaċ san tsionagóig lá na sabóide, agus do ṡuiḋeadar síos.

15 Agus nuair do ḃí léiġeaḋ an reaċta agus na ḃfáiḋ déanta, do ċuir uaċtaráin na sionagóige teaċtaireaċt ċuca, g‐á ráḋ, A ḃráiṫreaċa, má tá focal congantaċ le h‐aġaiḋ an ṗobail agaiḃ, laḃraiḋ.

16 Agus d’éiriġ Pól ’n‐a ṡeasaṁ, agus ag bagairt ciúnais le n‐a láiṁ dó, aduḃairt sé, A ṗobail Israel, agus siḃ‐se ar a ḃfuil eagla Dé, éistiḋ.

17 Do ṫoġ Dia an ṗobail seo Israel ár sinnsir, agus d’árduiġ sé an pobal nuair do ḃíodar ’n‐a gcóṁnaiḋe i gcríoċaiḃ na h‐Éigipte, agus do ṫreoruiġ sé as sin amaċ iad le láiṁ ċuṁaċtaiġ.

18 Agus ar feaḋ dá ḟiċid bliaḋan, nó mar sin, do‐rinne sé foiġid le n‐a gcleaċtaiḃ san ḃfásaċ.

19 Agus nuair do ḃí seaċt gcineaḋaċa i gcríoċaiḃ Ċanaan scriosta aige, do roinn sé an tír sin mar oiḋreaċt orṫa ar feaḋ ceiṫre céad agus caogad bliaḋan:

20 agus ’n‐a ḋiaiḋ sin ṫug sé breiṫeaṁain dóiḃ go h‐aimsir Ṡamuel fáiḋ.

21 Annsin d’iarradar rí: agus ṫug Dia ḋóiḃ Saul mac Ċis de ṫreiḃ Ḃeniamín, ar feaḋ dá ḟiċid bliaḋan.

22 Agus nuair do ḃí seisean curṫa i leaṫ‐taoiḃ aige, do ṫog sé suas Dáiḃí ċum ḃeiṫ ’n‐a riġ ḋóiḃ; agus ṫug sé teistiméireaċt dó, g‐á ráḋ, Fuaras Dáiḃi mac Iesse, fear de réir mo ċroiḋe, ḋéanfas gaċ niḋ de réir mo ṫola.

23 Is ó ṡlioċt an ḟir sin, de réir na geallaṁna, ṫug Dia Slánuiġṫeoir d’Israel, Íosa;

24 tar a éis d’Eoin baisteaḋ na h‐aiṫriġe d’ḟógairt do ṗobal Israel uile.

25 Agus nuair do ḃí Eoin ag cóiṁlíonaḋ a ċúrsa, aduḃairt sé, Cia ṁeasann siḃ gur mé? Ní mise é. Aċt féaċ, atá duine ag teaċt im’ ḋiaiḋ, naċ fiú mé go scaoilfinn bróga a ċos.

26 A ḃráiṫreaċa, a ċlann de ṡlioċt Abraċaim, agus an méid agaiḃ ar a ḃfuil eagla Dé, is dúinne do cuireaḋ briaṫar an tslánuiġṫe seo.

27 Óir na daoine ċóṁnuiġeas i nIarúsalem, agus a riaġlóirí, toisc gan aiṫne ḃeiṫ aca airsean, agus gan eolas ḃeiṫ aca ar ḃriaṫraiḃ na ḃfáiḋ léiġtear gaċ sabóid, do ċóiṁlíonadar a nduḃradar g‐á ḋaoraḋ.

28 Agus bíoḋ naċ ḃfuaradar aon ċoir do ṫuill bás ann, d’iarradar ar Ṗíoláid go gcuirfiḋe é ċum báis.

29 Agus nuair do ḃí gaċ niḋ do scríoḃaḋ ’n‐a ṫaoḃ cóiṁlíonta aca, do ṫógadar anuas é de’n ċroiċ, agus do ċuireadar i dtuama é.

30 Aċt do ṫóg Dia ó na marḃaiḃ é:

31 agus do ḃí sé d’á ḟeicsin ar feaḋ mórán laeṫe aca‐san ṫáinig i n‐éinḟeaċt leis ó’n nGalilé go h‐Iarúsalem, iad‐san atá ’n‐a ḃfiaḋnaiḋṫiḃ ḋó i láṫair na ndaoine.

32 Agus atáimíd ag taḃairt na geallaṁna ḋaoiḃ tugaḋ do na sinnsearaiḃ,

33 cionnas mar ċóiṁlíon Dia d’ár gclainn é, mar d’aiṫḃeoḋuiġ sé Íosa; mar atá scríoḃṫa san dara salm; Is tusa mo Ṁac, indiu do ġeineas ṫú.

34 Agus i dtaoḃ a ṫógála ó na marḃaiḃ, gan filleaḋ a ṫuilleaḋ ċum truailliġṫe, do laḃair sé ar an gcuma so, Do‐béarfad duit geallaṁnaċa naoṁṫa, diongḃálta Ḋáiḃi.

35 Uime sin aduḃairt sé i salm eile, Ní leigfir dod’ Aon naoṁṫa truailleaḋ d’ḟeicsin.

36 Óir, nuair do ḃí a ṡeirḃís déanta ag Dáiḃí ’n‐a ġeinealaċ féin, do ċodail sé, agus do cuireaḋ é i ḃfoċair a ṡinnsear, agus do ċonnaic sé truailleaḋ;

37 aċt an té do ṫóg Dia suas, ní ḟaca seisean truailleaḋ.

38 D’á ḃriġ sin, a ḃráiṫreaċa, tuigiḋ gur tríd an ḃfear so fógarṫar daoiḃ‐se maiṫeaṁnas na bpeacaḋ:

39 agus gur tríd‐sean saorṫar gaċ aoinneaċ ċreideas ó na cionntaiḃ go léir naċ ḃféadfaiḋe ḃúr saoraḋ uaṫa de réir reaċta Ṁaoise.

40 Seaċnaiḋ, d’á ḃriġ sin, sara dtiocfaiḋ oraiḃ an méid go ḃfuil tráċt air ins na fáiḋiḃ;

41 Féaċaiḋ, a luċt tarcuisne, déanaiḋ iongnaḋ, agus téiġeaḋ siḃ i n‐éag; Óir atá obair d’á déanaṁ agam ’n‐ḃúr laeṫiḃ, Obair naċ gcreidfeaḋ siḃ, dá n‐innsiġeaḋ duine ḋaoiḃ é.

42 Agus, ag dul amaċ dóiḃ, d’iarradar orṫa na briaṫra sin do laḃairt leo an ċéad sabóid eile.

43 Agus nuair do cuireaḋ scaipeaḋ ar an sionagóig, do lean a lán de na h‐Iúdaċaiḃ agus de na prosélíteaċaiḃ cráiḃṫeaċa Pól agus Barnabas: do laḃradar‐san leo, g‐á spreagaḋ ċum fanaṁna i ngrás Dé.

44 Agus an ċéad sabóid ’n‐a ḋiaiḋ sin do ċruinniġ muinntear na caṫraċ go léir, naċ mór, i ḃfoċair a ċéile ċum éisteaċta le briaṫar Dé.

45 Aċt nuair do ċonnaic na h‐Iúdaiġ na sluaiġte, do líonadar d’éad, agus do ċuireadar i gcoinniḃ na neiṫe do laḃair Pól, agus ṫugadar masla ḋó.

46 Agus do laḃair Pól agus Barnabas go dána, agus aduḃradar, Is liḃ‐se ba ḋual ḋúinn briaṫar Dé do laḃairt ar dtús. Aċt ó’s ag diúltaḋ ḋó atá siḃ, agus naċ fiú liḃ, de réir ḃúr mbreiṫe féin, an ḃeaṫa ṡíorraiḋe d’ḟáġáil, féaċ, atáimíd ag iompoḋ ċum na nGeinte.

47 Óir is é an t‐órdú ṫug an Tiġearna ḋúinn, Do ċuireas mar ṡolas do na Geintiḃ ṫú, Ċum go mbeiṫeá mar aḋḃar slánuiġṫe go foirimeall an doṁain.

48 Agus nuair do‐ċuala na Geinte sin, ḃí an‐áṫas orṫa, agus ṫugadar glóir do ḃriaṫar Dé: agus do ċreid siad‐san do ḃí réaṁórduiġṫe ċum na beaṫaḋ síorraiḋe.

49 Agus do leaṫ briaṫar an Tiġearna ar fud na dúṫaiġe ar fad.

50 Aċt do spreag na h‐Iúdaiġ na mná onóraċa diaḋa, agus uaisle na caṫraċ, agus do ġríosadar géirleanaṁain i n‐aġaiḋ Ṗóil agus Ḃarnabais, agus ruaigeadar as a ndúṫaiġ amaċ iad.

51 Aċt do ċroṫadar‐san luaiṫ a gcos ’n‐a gcoinniḃ, agus ṫángadar go h‐Icónium.

52 Agus do líonaḋ na deisceabail de ġáirdeaċas agus de’n Spiorad Naoṁ.

First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1951.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan