Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

Gníoṁarṫa 1 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

1 Do‐rinneas an ċéad tráċtas, a Ṫéofiluis, ar gaċ ar ṫionnscain Íosa do ḋéanaṁ agus do ṫeagasc,

2 go dtí an lá ’n‐ar tógaḋ suas é, tar a éis dó aiṫeanta do ṫaḃairt tríd an Spiorad Naoṁ do na h‐abstalaiḃ do ṫoġ sé;

3 d’ar ṫaisbeán sé é féin beo i ndiaiḋ a ṗáise, le n‐a lán deiṁniú, d’á ṫaiḋḃsiú féin dóiḃ i gcaiṫeaṁ dá ḟiċid lá, agus ag laḃairt ar na neiṫiḃ do ḃain le ríoġaċt Dé:

4 agus, ’n‐a gcóṁluadar dó, d’órduiġ sé ḋóiḃ gan imṫeaċt as Iarúsalem, aċt fanaṁain le geallaṁain an Aṫar, do‐ċualaḃar, ar sé, uaim‐se:

5 óir do‐rinne Eoin baisteaḋ go dearḃṫa le h‐uisce; aċt baistfear siḃ‐se leis an Spiorad Naoṁ taoḃ istiġ de ḃeagán laeṫe.

6 Agus, ar mbeiṫ ḋóiḃ i ḃfoċair a ċéile, d’fiafruiġeadar de, g‐á ráḋ, A Ṫiġearna, an é seo an t‐am ’n‐a dtiuḃraiḋ tú an ríoġaċt ar ais d’Israel?

7 Aċt aduḃairt seisean leo, Ní cuiḃe ḋaoiḃ‐se fios d’ḟáġáil ar na h‐aimsiriḃ ná ar na tráṫaiḃ do ċoiṁéad an t‐Aṫair ’n‐a ċuṁaċt féin.

8 Aċt doġeoḃaiḋ siḃ neart nuair ṫiocfas an Spiorad Naoṁ oraiḃ: agus béiḋ siḃ ’n‐ḃúr ḃfiaḋnaiḋṫiḃ daṁ‐sa i nIarúsalem, agus i nIúdaea ar fad, agus i Samária, agus go foirimeall an doṁain.

9 Agus nuair aduḃairt sé an méid sin, do tógaḋ suas é, agus iad ag aṁarc; agus do ċeil scamall ar a raḋarc é.

10 Agus an ḟaid do ḃíodar ag féacain go géar ar spéir neiṁe, agus é ag imṫeaċt, féaċ, do ḃí beirt ḟear agus éadaċ geal orṫa ’n‐a seasaṁ ’n‐a n‐aice; agus aduḃradar.

11 A ḟeara Galiléanaċa, cad ċuige ḋaoiḃ ḃeiṫ ’n‐ḃúr seasaṁ ag aṁarc ar spéir neiṁe? an t‐Íosa so, atá tógṫa suas uaiḃ isteaċ ins na flaiṫeasaiḃ, tiocfaiḋ sé ar an gcuma ċéadna agus ċonnaic siḃ é ag dul suas ar neaṁ.

12 Annsin d’ḟilleadar ar ais go h‐Iarúsalem ó’n gcnoc ar a dtugtar Ola‐ċrannda, atá i ngiorraċt aistir lae sabóide d’Iarúsalem.

13 Agus ar dteaċt isteaċ ḋóiḃ, ċuadar suas go dtí an seomra uaċtaraċ, mar a raiḃ siad ’n‐a gcóṁnaiḋe; Peadar agus Séamas agus Aindrias, Pilib agus Tomás, Parṫalán agus Maṫa, Séamas Alféuis, agus Síomón Sélótés, agus Iúdás Ṡéamais.

14 Do ḃíodar uile ag leanaṁain de ṫoil a ċéile i n‐urnaiġe, mar aon leis na mnáiḃ, agus le Muire máṫair Íosa, agus le n‐a ḃráiṫreaċaiḃ.

15 Agus ins na laeṫiḃ sin d’éiriġ Peadar i lár na mbráiṫreaċ, (do ḃí cruinniú daoine ann, tuairim céad agus fiċe),

16 agus aduḃairt, A ḃráiṫreaċa, ní foláir go gcóiṁlíonfaiḋe an scrioptúir, do ṫairngir an Spiorad Naoṁ tré ḃéal Dáiḃi i dtaoḃ Iúdáis, an té do ṫreoruiġ iad‐san go ġaḃ Íosa.

17 Óir do h‐áirṁeaḋ é mar ḋuine againn, agus fuair sé a ċuid san tseirḃís seo.

18 (Is aṁlaiḋ fuair an fear sin talaṁ le tuarastal a ċuirpṫeaċta; agus do ṫuit sé i ndiaiḋ a ċinn, agus do scoilt sé ’n‐a lár, agus do scéiṫ a inní go léir amaċ.

19 Agus ṫáinig fios scéil ’n‐a ṫaoḃ do ṁuinntir Iarúsalem go léir; i dtreo go dtugaḋ ar an ḃfearann sin ’n‐a dteangain‐sean, Aceldama, is é sin, Fearann na Fola.)

20 Óir atá scríoḃṫa i leaḃar na Salm, Go ndéantar fásaċ d’á áit cóṁnaiḋṫe, Agus ná déanaḋ aon duine cóṁnaiḋe ann: agus, GIacaḋ duine éigin eile a ḟeaḋmannas.

21 D’á ḃriġ sin, as na fearaiḃ do ḃí ’n‐ár gcuideaċtain i riṫ an ama ’n‐a raiḃ an Tiġearna Íosa ag dul isteaċ agus amaċ ’n‐ár measc,

22 ag tosnú ó ḃaisteaḋ Eoin, go dtí an lá ’n‐ár tógaḋ suas uainn é, caiṫfiḋ duine aca ḃeiṫ ’n‐a ḟiaḋnaiḋe ar a aiséirġe.

23 Agus do ċeapadar beirt, Seosaṁ ar a dtugaḋ Barsabbas, gur ṡloinneaḋ ḋó Iustus, agus Maitias.

24 Agus do ġuiḋeadar, agus aduḃradar, A Ṫiġearna, ṫuigeas croiḋeaċa na ndaoine uile, taisbeán dúinn cia aca de’n ḃeirt seo is roġa leat,

25 leis an ionad do ġlacaḋ san tseirḃís agus san abstalaċt so; ó n‐a ndeaċaiḋ Iúdás amuġa, ċum go raċaḋ sé d’á áit féin.

26 Agus do ċuireadar ar ċrannaiḃ é; agus do ṫuit an crann ar Ṁaitias; agus do h‐áirṁeaḋ é mar ḋuine de’n aon abstal déag.

First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1951.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan