Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

Galatiánaċ 6 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

1 A ḃráiṫre, má beirtear ar ḋuine i míġníoṁ ar biṫ, siḃ‐se atá spioradálta, cuiriḋ i gceart é le spiorad ceannsaċta; ag féaċaint ċugat féin ar eagla go gcurtar caṫú ort.

2 Tógaiḋ trom‐ualaiġe a ċéile, ag cóiṁlíonaḋ dliġe Ċríost mar sin.

3 Óir má ṁeasann aon duine gur niḋ éigin é féin, agus gur neaṁ‐niḋ é, meallann sé é féin.

4 Aċt scrúduiġeaḋ gaċ duine a ġnó féin, agus annsin béiḋ aḋḃar maoiḋṁeaċais ’n‐a ṫaoḃ féin aige, ní i dtaoḃ an duine ṫallé.

5 Óir caiṫfiḋ gaċ duine a ualaċ beag féin d’iomċar.

6 An té do‐ġeiḃ teagasc san mbriaṫar déanaḋ sé gaċ deaġ‐niḋ do roinnt ar an té do‐ḃeir an teagasc.

7 Ná mealltar sinn; ní féidir cluain do ċur ar Ḋia: óir cibé niḋ ċuireas an duine, is é an niḋ céadna sin ḃainfeas sé.

8 Óir an té ċuireas fá ċóṁair na colna, is truailleaċt ó’n gcolainn ḃainfeas sé; aċt an té ċuireas fá ċóṁair an Spioraid, is í an ḃeaṫa ṁarṫannaċ ḃainfeas sé.

9 Agus ná h‐éiriġmís tuirseaċ ag déanaṁ maiṫeasa: óir bainfimíd toraḋ i n‐am oireaṁnaċ, muna dtagaiḋ lag‐spioraidiġe orainn.

10 Mar sin de, do réir mar ḃíos an uain againn, déanaimís an ṁaiṫ do’n uile ḋuine, go mórṁór do luċt tiġe an ċreidiṁ.

11 Féaċáiḋ na litreaċa móra atáim do ḋéanaṁ, ag scríoḃaḋ ċugaiḃ ḋom lem’ láiṁ féin.

12 An dream gur mian leo éirġe go mórḋálaċ san ḃfeoil, cuireann siad d’ḟiaċaiḃ oraiḃ timċeall‐ġearraḋ do ḋéanaṁ; sin ċum naċ ndéanfiḋe géirleanṁain orṫa ar son croise Críost.

13 Óir an dream sin féin atá timċeall‐ġearrṫa, ní ċoiṁeádann siad an dliġe; aċt do b’áil leo siḃ‐se ḃeiṫ timċeall‐ġearrṫa, ċum go mbéaḋ aḋḃar maoiḋṁeaċais aca as ḃur ḃfeoil.

14 Aċt im’ ṫaoḃ‐sa, nár leigiḋ Dia go ndéanfainn maoiḋṁeaċas aċt aṁáin as crois Íosa Críost, tríd a ḃfuil an saoġal céasta ḋaṁ‐sa, agus mise do’n tsaoġal.

15 Óir ní h‐éinniḋ an timċeall‐ġearraḋ, ná an neaṁ‐ṫimċeall‐ġearraḋ, aċt nádúir úrnua.

16 Agus an méid ṡiuḃalfas de réir na riaġla so, go raiḃ síoṫċáin, agus trócaire orṫa go léir, agus ar Israel Dé.

17 As so amaċ ná cuireaḋ aoinneaċ caṫú orm; óir beirim marcanna Íosa ar mo ċorp.

18 Grása ár dTiġearna Íosa Críost go raiḃ ar ḃur spiorad, a ḃráiṫre. Amen.

First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1951.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan