Galatiánaċ 5 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)1 Is ċum saoirse do rinne Críost saor sinn: seasaiḋ go daingean, mar sin, gan ḃeiṫ ceangailte arís fá ċuing na daoirse. 2 Féaċ, atáim‐se Pól g‐á ráḋ liḃ, má timċeall‐ġearsṫar siḃ, naċ mbéiḋ tairḃe agaiḃ i gCríost. 3 Dearḃuiġim arís do gaċ duine timċeall‐ġearrṫar, go ḃfuil sé d’ḟiaċaiḃ air an dliġe ar fad do ċóiṁlíonaḋ. 4 Atá siḃ deiġilte ó Ċríost; an méid díḃ gur mian liḃ ḃur ḃfíréanú tríd an dliġe; atá siḃ tuitṫe ó ġrása. 5 Óir is tríd an Spiorad le creideaṁ atáimíd ag súil le fíréantaċt. 6 Óir i nÍosa Críost ní ḟuil fóġnaṁ ar biṫ i dtimċeall‐ġearraḋ ná i neaṁ‐ṫimċeall‐ġearraḋ aċt oiread: aċt aṁáin san gcreideaṁ oibriġeas tré ġráḋ. 7 Do ḃí siḃ ag riṫ go maiṫ: cia h‐é do ċuir cosc liḃ fá ḃeiṫ uṁal do’n ḟírinne? 8 Ní ó’n té do ġlaoḋ siḃ ṫáinig an spreagaḋ sin. 9 Is leor beagán laiḃín do’n ċnap ar fad. 10 Atá muiniġin agam asaiḃ san Tiġearna, naċ mbéiḋ siḃ ar aṫrú intinne: aċt an té atá ag d éanaṁ buaiḋearṫa ḋaoiḃ, iomċarfaiḋ sé a ḃreiṫeaṁnas, cibé cia h‐é féin. 11 Aċt im’ ṫaoḃ‐sa, a ḃráiṫre, má táim ag fógraḋ an timċeall‐ġearrṫa fós, cad ċuige a ḃfuil géirleanaṁain d’á déanaṁ orm fós? Ins an gcás sin atá deireaḋ déanta de ċeap tuisliḋ na croise. 12 An dream atá ag cur as daoiḃ, bá ṁaiṫ liom go gciorrḃaidís iad féin. 13 Óir, a ḃráiṫre, is ċum saoirse do glaoḋaḋ siḃ; aċt aṁáin ná déanaiḋ leiṫscéal de ḃur saoirse le h‐aġaiḋ na feola, aċt biḋiḋ mar ṡeirḃísiġ i ngráḋ d’á ċéile. 14 Óir ċóiṁlíontar an dliġe uile i n‐aon ḟocal aṁáin; Gráḋóċair do ċóṁarsa mar ṫú féin. 15 Aċt má ḃíonn siḃ ag sclaṁaḋ agus ag alpaḋ a ċéile, taḃraiḋ aire naċ scriosfaiḋ siḃ a ċéile. 16 Uime sin adeirim, Siuḃlaiḋ do réir an Spioraid, agus ní ċóiṁlíonfaiḋ siḃ mianġas na colna. 17 Óir bíonn mianġas na colna ag cur i gcoinniḃ an Spioraid, agus bíonn an Spiorad ag cur i gcoinniḃ mianġais na colna; mar tá siad i n‐aġaiḋ a ċéile; ar ṁóḋ naċ ḃféadann siḃ na neiṫe dob’ áil liḃ do ḋéanaṁ. 18 Aċt má tá siḃ fá ṫreorú an Spioraid, ní ḟuil siḃ fá’n dliġe. 19 Anois atá gníoṁarṫa na colna follasaċ, mar atá, striapaċas, neaṁ‐ġlaine, drúis, 20 íoḋal‐aḋraḋ, piseogaċt, náiṁdeaċas, imreas, éada, fearg, clampar, easaontaċt, aicmí, formad, 21 ólaċán, dreaḃlas, agus a leiṫéidí eile: fógraim daoiḃ roiṁ ré, mar aduḃras liḃ ċeana, na daoine ċleaċtas a leiṫéidí sin, naċ ḃfaiġiḋ siad oiḋreaċt i ríoġaċt Dé. 22 Aċt is é toraḋ an Spioraid, gráḋ, aoiḃneas, síoṫċáin, fád‐ḟulang, muinntearas, maiṫeas, dílse, 23 caoiṁe, stuamḋaċt: ní ḟuil dliġe ar biṫ i n‐aġaiḋ a leiṫéidí sin. 24 Agus na daoine is le h‐Íosa Críost, atá an ċolainn le n‐a h‐antoil agus le n‐a miantaiḃ céasta aca. 25 Má’s do réir an Spioraid ċaiṫimíd ár saoġal, siuḃlaimís do réir an Spioraid. 26 Ná biḋiḋ mórḋálaċ, ag cur duḃṡláin fá n‐a ċéile, ag formad le ċéile. |
First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1951.
British & Foreign Bible Society