Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

Galatiánaċ 3 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

1 A Ġalátaċa gan ċéill, cia h‐é do ċuir fá ḋraoiḋeaċt siḃ, gur noċtaḋ Íosa Críost, agus é céasta, go soiléir os cóṁair ḃur súl?

2 Is é rud ba ṁian liom a ċlos uaiḃ, An ó oibreaċaiḃ dliġe nó tré ṫeaċtaireaċt an ċreidiṁ fuair siḃ an Spiorad?

3 An ḃfuil siḃ ċóṁ diṫ‐céilliḋe sin? tar a éis daoiḃ tosnú san Spiorad, an aṁlaiḋ gur ab í an ḟeoil atá mar ċríoċnú agaiḃ?

4 Ar ḟulaing siḃ an oiread sin gan éifeaċt? má’s fíor gur gan éifeaċt é.

5 Uime sin an té do‐ḃeir an Spiorad daoiḃ, agus do‐ġní míorḃailtí ’n‐ḃur measc, an tré oibreaċaiḃ an dliġe, nó tré ṫeaċtaireaċt an ċreidiṁ do‐ġní?

6 Fá mar ċreid Abraċam Dia agus gur h‐áirṁeaḋ é mar ḟíréantaċt dó.

7 Bíoḋ a ḟios agaiḃ d’á ḃriġ sin, na daoine atá i muiniġin an ċreidiṁ, gur ab iad clann Abraċaim iad.

8 Agus an scrioptúir, g‐á ḟeicsin roiṁ ré go ḃfíréanóċaḋ Dia na Cineaḋaiġ tré ċreideaṁ, d’ḟóġair sé an soiscéal roiṁ ré d’Abraċam, g‐á ráḋ, Beannóċar ionnat‐sa na náisiúin uile.

9 Uime sin na daoine ċreideas atá siad beannuiġṫe i n‐éinḟeaċt le h‐Abraċam creidṁeaċ.

10 Óir an méid ċlaoiḋeas le h‐oibreaċaiḃ an dliġe atáid fá ṁallaċt: mar atá scríoḃṫa, Is malluiġṫe gaċ duine naċ leanann do’n uile niḋ aṫá scríoḃṫa i leaḃar an dliġe, agus naċ gcuireann i ngníoṁ é.

11 Agus is léir naċ ḃfíréanuiġṫear aon duine tríd an dliġe i ḃfiaḋnaise Dé: óir, Is tré ċreideaṁ ṁairfeas an fíréan:

12 agus ní ḟuil an dliġe i muiniġin an ċreidiṁ; aċt an té ċleaċtas na neiṫe sin mairfiḋ sé d’á mbárr.

13 D’ḟuascail Críost ó ṁallaċt an dliġe sinn, ag déanaṁ mallaċta ḋe féin ar ár son: óir atá scríoḃṫa, Is malluiġṫe gaċ duine croċtar ar ċrann:

14 ċum go dtiocfaḋ beannú Abraċaim i nÍosa Críost ar na Cineaḋaċaiḃ; ċum go ḃfaiġmís tré ċreideaṁ an Spiorad do ḃí geallta.

15 A ḃráiṫre, is ar ṁoḋ daoine atáim ag laḃairt: Giḋ naċ ḃfuil ann aċt tiomna daonna, nuair dearḃuiġtear é, ní ḟéadann aoinneaċ a ċur ar gcúl, nó cur leis.

16 Anois is d’Abraċam agus d’á ṡlioċt tugaḋ na geallaṁnaċa. Ní abrann sé, Agus do ṡlioċtaiḃ, mar ḃéaḋ mórán ann; aċt gan aċt slioċt aṁáin ḃeiṫ ann. Agus dod’ ṡlioċt, is é sin Críost.

17 Adeirim anois, Tiomna do ḃí dearḃuiġṫe roiṁ ré ag Dia, an dliġe ṫáinig ceiṫre céad agus deiċ mbliaḋna fiċead ’n‐a ḋiaiḋ sin, naċ gcuireann sé ar gcúl é, ċum an ġeallaṁain do ċur ar neaṁ‐niḋ.

18 Óir má’s ó’n dliġe ṫáinig an oiḋreaċt, ní mar ġeall ar ġeallaṁain ṫáinig sé: aċt ṫug Dia d’Abraċam é tré ġeallaṁain.

19 Cad ċuige an dliġe mar sin? Do tugaḋ isteaċ é ní ba ḋeireannaiġe mar ġeall ar ċionntaiḃ, nó go dtigeaḋ an slioċt go dtugaḋ an ġeallaṁaim dó; agus do h‐órduiġeaḋ é tré aingealaiḃ le láiṁ eadarġuiḋṫeora.

20 Anois ní ḃíonn eadarġuiḋṫeoir ann muna ḃfuil aċt duine n‐a aonraic ann aċt is n‐a aonar atá Dia.

21 An ḃfuil an dliġe i n‐aġaiḋ geallaṁnaċa Dé mar sin? nar leigiḋ Dia é: óir dá dtugtaiġe dliġe d’ḟéadfaḋ beaṫa do ṫaḃairt, is léir gur tríd an dliġe do ṫiocfaḋ fíréantaċt.

22 Aċt do réir na Scrioptúra, atá cáċ i ngéiḃeann ag an bpeacaḋ, ċum go dtiuḃrṫaí an ġeallaṁain tré ċreideaṁ i nÍosa Críost do na daoiniḃ ċreideas.

23 Aċt sul a dtáinig an creideaṁ, do ċongḃuiġeaḋ sinn fá’n dliġe i gcoiṁeád fá ċóṁair an ċreidiṁ do ḃí le foillsiú ’n‐a ḋiaiḋ sin.

24 Ar ṁoḋ gurḃ é an dliġe ár n‐oide ċum sinn do ṫreorú ċum Ċríost, ċum go ḃfíréanóċaiḋe sinn tré ċreideaṁ.

25 Aċt ar dteaċt do’n ċreideaṁ, nílmíd feasta fá’n oide.

26 Óir is clann Dé siḃ uile tré ċreideaṁ i nÍosa Críost.

27 Óir an méid díḃ do baisteaḋ i gCríost, do ċuir siḃ Críost mar ċlúdaċ oraiḃ féin.

28 Ní ḟuil lúdaċ ’ná Gréagaċ ann, ní ḟuil saor ’ná daor ann, ní ḟuil fireannaċ ’ná baineannaċ ann: óir is aon duine aṁáin i nÍosa Críost siḃ go léir.

29 Agus má’s le Críost siḃ, is slioċt Abraċaim siḃ, leis, oiḋrí de réir na geallaṁna.

First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1951.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan