Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

Galatiánaċ 1 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

1 Pól, abstal (ní ó ḋaoiniḃ, agus ní tríd an duine, aċt tré Íosa Críost, agus tré Ḋia, an tAṫair, do ṫóg ó na marḃaiḃ é),

2 agus na bráiṫre uile atá im’ ḟoċair, ċum eaglaisí Ġalátia:

3 grása ċugaiḃ agus síoṫċáin ó Ḋia an tAṫair, agus ó n‐ár dTiġearna Íosa Críost,

4 ṫug é féin i n‐éiric ár bpeacaiḋe, ċum go saorfaḋ sé ó’n aois uilc so atá ann de láṫair, do réir tóla ár nDé agus ár nAṫar,

5 dó‐san go raiḃ an ġlóir go saoġal na saoġal. Amen.

6 Is mór is iongnaḋ liom siḃ ḃeiṫ ċóṁ luaṫ sin ag iompoḋ ó’n té do ġlaoḋ i ngrása Ċríost siḃ, ċum soiscéil eile;

7 ní h‐é gur soiscéal eile é: aċt go ḃfuil dream áiriṫe ann atá ag déanaṁ buaiḋearṫ a ḋaoiḃ, agus gur mian leo soiscéal Ċríost do ċur bun os cionn.

8 Aċt dá ḃfógraḋ sinne nó aingeal as na flaiṫeasaiḃ soiscéal eile ḋaoiḃ seaċas an soiscéal d’ḟógramair‐ne ḋaoiḃ, bíoḋ sé malluiġṫe.

9 Mar tá ráiḋte againn ċeana, adeirim arís é, Má ḟógrann aon duine soiscéal ar biṫ seaċas an soiscéal fuaraḃar, bíoḋ sé malluiġṫe.

10 Óir an é do ḋaoiniḃ, nó do Ḋia go ḃfuilim d’iarraiḋ sásaṁ do ṫaḃairt? nó an ḃfuilim d’iarraiḋ taiṫneaṁ do ṫaḃairt do ḋaoiniḃ? Dá mbéinn fós d’iarraiḋ taiṫneaṁ do ṫaḃairt do ḋaoiniḃ, ní ḃéinn im’ ṡeirḃíseaċ ag Críost.

11 Óir do‐ḃeirim le fios daoiḃ, a ḃráiṫre, i dtaoḃ an tsoiscéil d’ḟógras, naċ dó réir an duine é.

12 Óir ní ó’n duine fuaras é, agus níor múineaḋ é ḋom, aċt ṫáinig sé ċugam tré ṫaisbeánaḋ Íosa Críost.

13 Óir do ċualaḃar i dtaoḃ mo ṡaoġail roiṁe seo i gcreideaṁ na nIúdaċ, cionnas mar rinneas géirleanṁain as miosúr ar eaglais Dé, g‐á scrios:

14 agus gur ṁó do ċuaḋas ar aġaiḋ i gcreideaṁ na nIúdaċ ’ná a lán daoine dem’ ċóṁaois féin i measc muinntire mo ċiniḋ, agus mé i ḃfad ní ba ḋúṫraċtaiġe i dtaoḃ gnáṫ‐nósann mo ṡinnsir.

15 Aċt nuair ba é deaġ‐ṫoil Dé é, do ċuir ar leiṫ mé ó ḃroinn mo ṁáṫar, agus do ġlaoḋ tré n‐a ġrása mé,

16 ċum a Ṁac d’ḟoillsiú ionnam, ċum go ḃfógróċainn i measc na gCineaḋaċ é; ar an láṫair sin ní ḋeaċas i gcóṁairle feola agus fola:

17 agus níor ṁó naċ ndeaċas suas go h‐Iarúsalem ċum na ndaoine do ḃí ’n‐a n‐abstalaiḃ róṁam: aċt d’imṫiġeas ċum na h‐Aráibe; agus ṫáinig mé ar ais go Damaisc.

18 I gcionn trí bliaḋan ’n‐a ḋiaiḋ sin do ċuaḋas suas go h‐Iarúsalem ċum aiṫne do ċur ar Ċéfas, agus d’ḟanas cúig lá déag ’n‐a ċuideaċtain.

19 Aċt ní ḟacas aon duine eile de na h‐abstalaiḃ, aċt aṁáin Séamas, dearḃráṫair an Tiġearna.

20 Anois i dtaoḃ na neiṫe atá agam g‐á scríoḃaḋ ċugaiḃ, féaċ, i ḃfiaḋnaise Dé, ní bréag atáim d’innsint.

21 ’N‐a ḋiaiḋ sin ṫáinig mé isteaċ i gcríoċaiḃ Ṡiria agus Ċilicia.

22 Agus do ḃíos gan aiṫne súl ḃeiṫ ag eaglaisiḃ Iúdaea do ḃí i gCríost orm:

23 ní ċualadar d’á ráḋ aċt, An té do rinne géirleanṁain orainn roiṁe seo, atá sé anois ag fógairt an ċreidiṁ go ndearna sé léirscrios air tráṫ;

24 agus ṫugadar glóir do Ḋia im’ ṫaoḃ.

First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1951.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan