Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

Eoin 9 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

1 Agus sa tsiuḃal dó, do ċonnaic sé duine do ḃí dall ó rugaḋ é.

2 Agus d’ḟiafruiġ a ḋeisceabail de, A Rabbí, cia aca do‐rinne peacaḋ, an duine seo, nó a aṫair agus a ṁáṫair, go rugaḋ é ’n‐a ḋall?

3 D’ḟreagair Íosa, Ní h‐é gur ṗeacuiġ sé seo ná a aṫair ná a ṁáṫair: aċt ċum go ḃfoillseoċaiḋe oibreaċa Dé tríd.

4 Caiṫfimíd oibreaċa an té do ċuir uaiḋ mé do ḋéanaṁ an ḟaid atá an lá ann: atá an oiḋċe ag teaċt nuair naċ ḃféadann aon duine obair do ḋéanaṁ.

5 An ḟaid atáim ar an saoġal, is mise solas an tsaoġail.

6 Nuair aduḃairt sé an méid sin, do ċaiṫ sé seile ar an talaṁ, agus do‐rinne sé láib de’n tseile, agus do sméaruiġ sé a ṡúile leis an láib,

7 agus aduḃairt sé leis, Imṫiġ, niġ i loċán Ṡílóam (ċialluiġeas, Curṫa). D’imṫiġ sé, mar sin, agus do niġ, agus d’ḟill sé agus a raḋarc aige.

8 Agus a ċóṁarsana agus na daoine do ċonnaic roiṁe sin é, agus é ’n‐a ḋéirceoir, aduḃradar, Naċ é seo an té do ḃíoḋ ’n‐a ṡuiḋe ag iarraiḋ déirce?

9 Aduḃairt cuid aca, Is é: aduḃairt cuid eile, Ní h‐é, aċt is cosṁail leis é.

10 Aduḃairt sé féin, Is mise é. Annsin aduḃradar leis, Cia an ċaoi ar fosclaḋ do ṡúile?

11 D’ḟreagair sé, An fear ar a dtugtar Íosa, do‐rinne sé láib, agus do sméaruiġ sé mo ṡúile, agus aduḃairt sé liom, Imṫiġ go Sílóam, agus niġ: agus d’imṫiġeas agus do niġeas, agus fuaras mo raḋarc.

12 Agus aduḃraḋar leis, Cá ḃfuil sé? Aduḃairt seisean, Ní ḟuil a ḟios agam.

13 Ṫugadar ċum na ḃFairisíneaċ an fear do ḃí roiṁe sin ’n‐a ḋall.

14 Agus ba é lá na sabóide do ḃí ann nuair do‐rinne Íosa an láib agus d’ḟoscail sé súile an duine.

15 Agus d’ḟiafruiġ na Fairisíniġ arís de cionnas fuair sé a raḋarc. Agus aduḃairt sé leo, Do ċuir sé láib ar mo ṡúiliḃ, agus do niġeas agus do‐ċím.

16 Uime sin aduḃairt cuid de na Fairisíneaċaiḃ, Ní ó Ḋia an fear so, óir ní ċoiṁéadann sé an tsabóid. Aċt ḃí cuid eile aca aduḃairt, Cionnas is féidir do ḋuine peacaṁail a leiṫéidí de ṁíorḃailtiḃ do ḋéanaṁ? Agus do ḃí siosma eadorṫa.

17 Agus aduḃairt siad arís leis an dall, Créad é do ḃaraṁail de’n té úd, ó d’ḟoscail sé do ṡúile? Aduḃairt seisean, Fáiḋ is eaḋ é.

18 Níor ċreid na h‐Iúdaiġ, áṁ, an scéal go raiḃ sé ’n‐a ḋall, agus go ḃfuair sé a raḋarc, nó gur ġlaoḋadar ar aṫair agus ar ṁáṫair an té fuair a raḋarc,

19 agus gur ċeistiġeadar iad, g‐á ráḋ, An é seo ḃúr mac adeir siḃ a rugaḋ ’n‐a ḋall? Cionnas do‐ċí sé anois?

20 Aduḃairt a aṫair agus a ṁáṫair, Atá a ḟios againn gur ab é ár mac é, agus go rugaḋ é ’n‐a ḋall:

21 aċt cionnas ṫarla go ḃfeiceann sé anois, ní ḟuil a ḟios againn; nó cia d’ḟoscail a ṡúile, ní ḟuil a ḟios againn: cuiriḋ an ċeist air féin; atá sé d’aois, laḃarfaiḋ sé ar a ṡon féin.

22 Aduḃairt an t‐aṫair agus an ṁáṫair an méid sin ar eagla na nIúdaċ: óir do ḃí socruiġṫe ag na h‐Iúdaċaiḃ, dá n‐adṁuiġeaḋ duine ar biṫ gurḃ é an Críost é, go gcuirfiḋe amaċ é as an tsionagóig.

23 Ar an aḋḃar sin aduḃairt a aṫair agus a ṁáṫair.

24 Atá sé d’aois, cuiriḋ an ċeist air féin. Annsin do ġlaoḋadar aṫuair ar an duine do ḃí ’n‐a ḋall, agus aduḃradar leis, Taḃair glóir do Ḋia: is eol dúinn gur peacaċ an fear úd.

25 Aduḃairt seisean leo, Ní ḟuil a ḟios agam an peacaċ é: atá a ḟios agam aon niḋ aṁáin, go raḃas im’ ḋall, agus go ḃfuil raḋarc agam anois.

26 Aduḃradar leis annsin, Créad do‐rinne sé ḋuit? cionnas d’ḟoscail sé do ṡúile?

27 D’ḟreagair seisean dóiḃ, D’inniseas ċeana ḋaoiḃ é, agus níor éisteaḃar: cad ċuige gur ab áil liḃ a ċlos arís? an mian liḃ‐se, leis, ḃeiṫ ’n‐ḃúr ndeisceablaiḃ aige?

28 Agus do ṫarcuisniġeadar é, agus aduḃradar, Is deisceabal dó ṫusa, aċt is do Ṁaois is deisceabail sinne.

29 Atá a ḟios againn gur laḃair Dia le Maois: aċt ní h‐eol dúinn cá h‐as do’n ḟear so.

30 D’ḟreagair an fear agus aduḃairt sé leo, Naċ iongantaċ an scéal é, naċ eol daoiḃ cá h‐as dó, agus gur ḟoscail sé mo ṡúile.

31 Atá a ḟios againn naċ n‐éisteann Dia le luċt peacaiḋ do ḋéanaṁ: aċt an duine aḋras Dia, agus ġníos a ṫoil, éisteann sé leisean.

32 Ní ċualaṫas ó ṫosaċ an doṁain gur ḟoscail aoinneaċ súile duine rugaḋ ’n‐a ḋall.

33 Muna mbéaḋ gur ó Ḋia an fear so, ní ḟéadfaḋ sé niḋ ar biṫ do ḋéanaṁ.

34 D’ḟreagradar‐san agus aduḃradar leis, Is i bpeacaiḋiḃ ar fad rugaḋ ṫusa, agus an ag taḃairt teagaisc dúinne atáir? Agus do ċaiṫeadar amaċ é.

35 Do‐ċuala Íosa gur ċaiṫeadar amaċ é; agus nuair fuair sé é, aduḃairt sé leis, An gcreideann tusa i Mac Dé?

36 D’ḟreagair seisean agus aduḃairt, Agus cia h‐é féin, a Ṫiġearna, go gcreidfinn ann?

37 Aduḃairt Íosa leis, Do ċonnacais é, agus an té atá ag laḃairt leat is é é.

38 Agus aduḃairt seisean, Creidim, a Ṫiġearna. Agus d’uṁlaiġ sé ḋó.

39 Agus aduḃairt Íosa, Ċum breiṫeaṁnas do ṫaḃairt ṫánag‐sa ar an saoġal so, ċum go ḃfeicfiḋ siad‐san naċ ḃfeiceann, agus go ndallfar iad‐san do‐ċí.

40 Do‐ċuala cuid de na Fairisíneaċaiḃ do ḃí ’n‐a ḟoċair é sin, agus aduḃradar leis, An ḃfuilmíd‐ne dall, leis?

41 Aduḃairt Íosa leo, Dá mbéaḋ siḃ dall, ní ḃéaḋ peacaḋ oraiḃ: aċt anois adeir siḃ, Do‐ċímíd: fanann ḃúr bpeacaḋ.

First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1951.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan