Eoin 7 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)1 I n‐a ḋiaiḋ sin do ġluais Íosa ar fud na Galilé: óir níorḃ áil leis siuḃal i nIúdaea, toisc go raiḃ na h‐Iúdaiġ ag iarraiḋ a ċur ċum báis. 2 Agus do ḃí féile na nIúdaċ, féile na mboṫ, i ḃfogas. 3 D’á ḃriġ sin aduḃairt a ḃráiṫre leis, Fág an áit seo, agus imṫiġ go h‐Iúdaea, ċum go ḃfeicfiḋ do ḋeisceabail na gníoṁarṫa do‐ġní tú, ċóṁ maiṫ. 4 Óir ní oibriġeann aon duine fá ċeilt, agus é ag iarraiḋ é féin do noċtaḋ go poibliḋe. Má ġníonn tú na neiṫe seo, taisbeán ṫú féin do’n tsaoġal. 5 Óir níor ċreid a ḃráiṫre féin ann. 6 Uime sin aduḃairt Íosa leo, Ní ṫáinig m’uair‐se fós; aċt atá ḃúr n‐uair‐se ann i gcóṁnaiḋe. 7 Ní ḟéadann an saoġal fuaṫ do ṫaḃairt daoiḃ‐se; aċt atá fuaṫ aige ḋaṁ‐sa, de ḃriġ go dtugaim fiaḋnaise ’n‐a ṫaoḃ go ḃfuil a ġníoṁarṫa go h‐olc. 8 Téiġiḋ‐se suas ċum na féile: ní ḟuilim‐se ag dul ċum na féile seo fós; óir ní ṫáinig m’uair fós. 9 Agus nuair aduḃairt sé an méid sin leo, d’ḟan sé sa nGalilé. 10 Aċt nuair ḃí a ḃráiṫre imṫiġṫe suas ċum na féile, do ċuaiḋ sé féin suas mar an gcéadna, aċt ní ḋeaċaiḋ go poibliḋe, aċt mar ḃéaḋ sé ag dul i ngan ḟios. 11 Agus do ḃí na h‐Iúdaiġ ar a lorg ag an ḃféile, agus aduḃradar, Cá ḃfuil sé? 12 Agus do ḃí conspóid i measc na ndaoine ’n‐a ṫaoḃ: aduḃairt cuid aca, Is fear maiṫ é; aduḃairt cuid eile, Ní h‐eaḋ, aċt ag meallaḋ na ndaoine atá sé. 13 Aċt ar eagla na nIúdaċ níor laḃair aoinneaċ go foscailte ’n‐a ṫaoḃ. 14 Aċt nuair ḃí a leaṫ de’n ḟéile ṫart, do ċuaiḋ Íosa suas go dtí an teampall, agus do‐rinne sé teagasc. 15 Agus do ḃí iongnaḋ ar na h‐Iúdaċaiḃ, agus aduḃradar, Cionnas fuair an fear so léiġeann agus nár ḟoġlaim sé riaṁ? 16 D’ḟreagair Íosa iad, agus aduḃairt sé, Ní liom féin mo ṫeagasc‐sa, aċt leis an té do ċuir uaiḋ mé. 17 Cibé duine gur mian leis a ṫoil‐sean do ḋéanaṁ, tuigfiḋ sé i dtaoḃ an teagaisc, an ó Ḋia laḃraim, nó uaim féin. 18 An té laḃras uaiḋ féin, is í a ġlóir féin loirgeas sé; aċt an té loirgeas glóir an té do ċuir uaiḋ é, ata seisean fírinneaċ, agus ní ḟuil mí‐ċneastaċt ann. 19 Naċ dtug Maois an reaċt daoiḃ, agus gan duine agaiḃ ag cóiṁlíonaḋ an reaċta? Cad ċuige ḋaoiḃ ḃeiṫ ag iarraiḋ mise do ṁarḃaḋ? 20 D’ḟreagair an sluaġ agus aduḃradar, Deaṁan atá ionnat: cia atá ag iarraiḋ ṫú do ṁarḃaḋ? 21 D’ḟreagair Íosa agus aduḃairt sé leo, Do‐rinneas gníoṁ aṁáin, agus atá iongnaḋ oraiḃ uile. 22 Uime sin ṫug Maois an timċeall‐ġearraḋ ḋaoiḃ (ní h‐é gur ó Ṁaois ṫáinig sé, aċt ó n‐ḃúr sinnsearaiḃ); agus do‐ġní siḃ‐se timċeall‐ġearraḋ ar ḋuine sa tsabóid. 23 Má ġnítear timċeall‐ġearraḋ ar ḋuine sa tsabóid, ċum naċ mbrisfiḋe reaċt Ṁaoise, an ḃfuil olc agaiḃ daṁ‐sa, de ċionn gur leiġeasas duine go h‐iomlán sa tsabóid? 24 Ná beiriḋ breiṫ de réir na súile, aċt beiriḋ breiṫ ċeart. 25 Agus do ḃí dream de ṁuinntir Iarúsalem aduḃairt, Naċ é seo an duine go ḃfuil siad ag iarraiḋ a ṁarḃaḋ? 26 Agus féaċ, atá sé ag laḃairt go poibliḋe, agus ní abrann siad éinniḋ leis. An ḃfuil a ḟios go fíor ag na h‐uaċtaránaiḃ gur ab é an Críost é? 27 Aċt atá aiṫne againne ar an ḃfear so, agus atá a ḟios againn cá h‐as dó. 28 Annsin do ġlaoḋ Íosa ós árd, agus é ag teagasc sa teampall, g‐á ráḋ, Atá aiṫne agaiḃ orm‐sa, agus atá a ḟios agaiḃ cá h‐as dom; agus ní uaim féin ṫáinig mé, aċt an té do ċuir uaiḋ mé atá sé fíor, an té naċ ḃfuil aiṫne agaiḃ‐se air. 29 Atá aiṫne agam‐sa air; óir is uaiḋ‐sean mé, agus is é féin do ċuir uaiḋ mé. 30 Annsin do ṡanntuiġeadar breiṫ air: aċt níor ċuir aon duine láṁ ann, óir ní raiḃ a uair tagṫa fós. 31 Aċt do ḃí a lán de’n tsluaġ do ċreid ann; agus aduḃradar, Nuair ṫiocfas an Críost, an ndéanfaiḋ sé níos mó míorḃailtí ’ná do‐rinne an duine seo? 32 Do‐ċuala na Fairisíniġ an sluaġ ag conspóideaċt ’n‐a ṫaoḃ ar an gcuma sin; agus do ċuir uaċtaráin na sagart agus na Fairisíniġ maoir ċum beirṫe air. 33 Annsin aduḃairt Íosa leo, Tamall beag dom ’n‐ḃúr ḃfoċair go fóill, agus annsin imṫeoċad ċuige‐sean do ċuir uaiḋ mé. 34 Béiḋ siḃ ’gam’ lorg, agus ní ḃfaiġiḋ siḃ mé: agus an áit ’n‐a ḃfuilim‐se, ní ḟéadfaiḋ siḃ‐se teaċt ann. 35 Annsin aduḃairt na h‐Iúdaiġ eadorṫa féin, Cia an áit ’n‐a raċaiḋ an duine seo, agus naċ ḃfaiġimíd é? An raċaiḋ sé ċum na ndaoine atá scaipṫe i measc na nGréagaċ, leis na Gréagaiġ do ṫeagasc? 36 Créad is ciall do’n ċainnt seo aduḃairt sé, Loirgfiḋ siḃ mé, agus ní ḃraiġiḋ siḃ mé: agus an áit ’n‐a mbéiḋ mé, ní ḟéadfaiḋ siḃ teaċt ann? 37 Agus an lá deireannaċ de’n ḟéile, an lá mór, do ṡeas Íosa agus do ġlaoḋ sé ós árd, Má tá tart ar aon duine, tagaḋ sé ċugam‐sa, agus ólaḋ sé. 38 An té ċreideas ionnam‐sa, mar aduḃairt an scrioptúir, riṫfiḋ as a ḃroinn sruṫanna uisce ḃeo. 39 Aċt is i dtaoḃ an Spioraid do ḃí le glacaḋ aca‐san do ċreidfeaḋ ann, aduḃairt sé an méid sin: óir do ḃí an Spiorad gan bronnaḋ fós; de ḃriġ go raiḃ Íosa gan glóiriú fós. 40 Ar n‐a ċlos sin dóiḃ, aduḃairt cuid de’n tsluaġ, Go fírinneaċ, is é seo an fáiḋ. Aduḃairt cuid eile, Is é an Críost é. 41 Aċt aduḃairt dream eile, An ó’n nGalilé atá an Críost le teaċt? 42 Naċ nduḃairt an scrioptúir gur de ṡíol Dáiḃí, agus ó Ḃeiṫil, baile Ḋáiḃi, atá an Críost le teaċt? 43 Agus d’éiriġ aiġneas sa tsluaġ mar ġeall air. 44 Agus ba ṁian le cuid aca breiṫ air, aċt níor ċuir aon duine láṁ air. 45 Annsin ṫáinig na maoir ċum uaċtarán na sagart agus ċum na ḃFairisíneaċ, agus d’ḟiafruiġeadarsan díoḃ, Cad ċuige náċ dtugaḃar liḃ é? 46 D’ḟreagair na maoir, Níor laḃair aon duine riaṁ mar laḃrann an fear so. 47 Agus d’ḟreagair na Fairisíniġ iad, An ḃfuil siḃ‐se meallta, leis? 48 Ar ċreid aoinneaċ de na h‐uaċtaránaiḃ nó de na Fairisíneaċaiḃ ann? 49 Aċt an sluaġ so atá gan eolas ar an dliġe, atá mallaċt orṫa. 50 Aduḃairt Nicodémus (an fear úd ṫáinig ċuige san oiḋċe, mar ba ḋuine aca é) leo, 51 An ndaorann ar ndliġe duine ar biṫ ġan éisteaċt leis féin ar dtús, agus a aiṫint créad tá déanta aige? 52 D’ḟreagradar agus aduḃradar leis, An as an nGalilé ḋuit‐se, leis? Cuarduiġ, agus ċífir naċ n‐éiriġeann aon ḟáiḋ ó’n nGalilé. 53 [Agus d’imṫiġ gaċ duine aca ċum a ṫiġe féin: |
First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1951.
British & Foreign Bible Society