Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

Eoin 6 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

1 I n‐a ḋiaiḋ sin do ċuaiḋ Íosa trasna mar Galilé, is é sin muir Ṫibérias.

2 Agus do lean sluaġ mór daoine é, mar do ċonnacadar na míorḃailtí do‐rinne sé orṫa‐san do ḃí breoite.

3 Agus do ċuaiḋ Íosa suas an cnoc, agus do ṡuiḋ sé annsin i ḃfoċair a ḋeisceabal.

4 Agus do ḃí an ċáisc, féile na nIúdaċ, i ḃfogas.

5 Agus nuair d’árduiġ Íosa a ṡúile, agus do ċonnaic sé sluaġ mór ag teaċt ċuige, aduḃairt sé le Pilib, Cá gceannóċaimíd arán dóiḃ‐sean le n’iṫe.

6 G‐á ṫriail aduḃairt sé sin: óir do ḃí a ḟios aige féin créad do‐ġéanaḋ sé.

7 D’ḟreagair Pilib dó, Níor leor dóiḃ luaċ ḋá ċéad pinginn d’arán ċum go mbéaḋ blúire beag de ag gaċ duine aca.

8 Aduḃairt duine d’á ḋeisceablaiḃ, Aindrias, dearḃráṫair Ṡíomóin Peadar, leis,

9 Atá gasúr annso, go ḃfuil cúig bollóga eornan agus ḋá iasc aige, aċt cad is fiú an méid sin idir an oiread sin daoine?

10 Aduḃairt Íosa, Cuiriḋ na daoine ’n‐a suiḋe. Agus do ḃí flúirse féin san áit sin. Do ṡuiḋ na daoine síos, mar sin, tuairim agus cúig míle a líon.

11 Agus do ṫóg Íosa na bollóga; agus iar mbreiṫ buiḋeaċais dó, do roinn sé iad orṫa‐san do ḃí ’n‐a suiḋe; agus na h‐iasca, ċóṁ maiṫ, an oiread díoḃ do ṫeastuiġ uaṫa.

12 Agus nuair fuaradar a sáiṫ, aduḃairt sé le n‐a ḋeisceablaiḃ, Bailiġiḋ an sprúilleaċ atá fágṫa, ċum naċ raċaiḋ éinniḋ amuġa.

13 Agus do ḃailiġeadar, agus do líonadar ḋá ċiseán déag de sprúilleaċ na gcúig mbollóg eornan do ḃí fágṫa i ndiaiḋ na ndaoine do ḃí ag iṫe.

14 Agus nuair do ċonnaic na daoine an ṁíorḃail do‐rinne sé, aduḃradar, Go fírinneaċ is é seo an fáiḋ atá le teaċt ar an saoġál.

15 Ar n‐a ḟeicsin d’Íosa, áṁ, go raḃadar ar tí teaċt, agus breiṫ air le h‐éigean, ċum rí do ḋéanaṁ ḋe, d’imṫiġ sé ’n‐a aonar arís suas an cnoc.

16 Agus nuair do ḃí sé ’n‐a ṫráṫnóna, do ċuaiḋ a ḋeisceabail síos fá ḋéin na fairrge;

17 agus do ċuadar isteaċ i mbád, agus ḃíodar ag dul trasna na fairrge go Cafarnaúm. Agus do ḃí dorċadas ann an t‐am sin, agus ní ṫáinig Íosa ċuċa.

18 Agus do ḃí an ḟairrge ag éirġe le neart gaoiṫe móire do ḃí ag séideaḋ.

19 Agus nuair do ḃí fá ṫuairim cúig staid fiċead nó deiċ staid fiċead d’iomraṁ déanta aca, do ċonnacadar Íosa ag siuḃal ar an ḃfairrge, ag tarraing i ngar do’n ḃád: agus do ḃí scannraḋ orṫa.

20 Aċt aduḃairt seisean leo, Mise atá ann; ná bíoḋ eagla oraiḃ.

21 Annsin do b’áil leo a ġlacaḋ isteaċ ċuca sa mbád: agus ar an láṫair do ḃí an bád ag an tír ċum a raḃadar ag dul.

22 Ar n‐a ḃáraċ na daoine do ḃí ’n‐a seasaṁ ar an taoḃ ṫall de’n ḟairrge, do ċonnacadar naċ raiḃ aon ḃád eile ann, aċt bád aṁáin, agus naċ ndeaċaiḋ Íosa i n‐éinḟeaċt le n‐a ḋeisceablaiḃ isteaċ sa mbád sin, aċt gur imṫiġ na deisceabail leo féin

23 (ṫáinig báid, áṁ, ó Ṫibérias i n‐aice na h‐áite ’n‐ar iṫeadar an t‐arán tar éis altuiġṫe an Tiġearna):

24 nuair do ċonnaic an sluaġ naċ raiḃ Íosa ná a ḋeisceabail annsin, do ċuadar féin isteaċ ins na bádaiḃ, agus ṫángadar go Cafarnaúm ar lorg Íosa.

25 Agus nuair fuaradar é ar an taoḃ ṫall de’n ḟairrge, aduḃradar leis, A Rabbí, cá h‐uair ṫáinig tú annso?

26 D’ḟreagair Íosa agus aduḃairt sé leo, Go fírinneaċ adeirim liḃ, Ní mar ġeall ar na cóṁarṫaiḃ do ċonnacaḃar atá siḃ ’gam’ lorg, aċt de ċionn gur iṫeaḃar na bollóga, agus gur sásuiġeaḋ siḃ.

27 Ná saoṫruiġiḋ an biaḋ ṫéiġeas amuġa, aċt saoṫruiġiḋ an biaḋ ṁaireas go dtí an ḃeaṫa ṡíorraiḋe, an biaḋ ḃéarfas Mac an Duine ḋaoiḃ: óir is airsean do ċuir an t‐Aṫair, Dia, a ṡéala.

28 Uime sin aduḃradar leis, Créad atá le déanaṁ againn, ionnas go ndéanfaimís oibreaċa Dé?

29 D’ḟreagair Íosa agus aduḃairt sé leo, Is é obair Dé, go gcreidfeaḋ siḃ san té do ċuir sé uaiḋ.

30 Annsin aduḃradar leis, Créad é an cóṁarṫa do‐ġní tusa ċum go ḃfeicfimís é, agus go gcreidfimís ionnat?

31 Créad é an gníoṁ do‐ġní tú? D’iṫ ár n‐aiṫreaċa an manna sa ḃfásaċ; mar atá scríoḃṫa, Ṫug sé arán ó neaṁ le n’iṫe ḋóiḃ.

32 Annsin aduḃairt Íosa leo, Go fírinneaċ adeirim liḃ, Níorḃ é Maois ṫug an t‐arán ó neaṁ daoiḃ; aċt is é m’Aṫair do‐ḃeir an fíor‐arán ó neaṁ daoiḃ.

33 Óir is é arán Dé an t‐arán ṫig ó neaṁ anuas agus do‐ḃeir beaṫa do’n tsaoġal.

34 Annsin aduḃradar leis, A Ṫiġearna, taḃair an t‐arán sin dúinn i gcóṁnaiḋe.

35 Aduḃairt Íosa leo, Is mise arán na beaṫaḋ: an té ṫig ċugam‐sa, ní ḃéiḋ ocras go bráṫ air, agus an té ċreideas ionnam‐sa, ní ḃéiḋ tart go bráṫ air.

36 Aċt aduḃairt mé liḃ go ḃfaca siḃ mé agus naċ gcreideann siḃ.

37 Gaċ a dtugann an t‐Aṫair ḋom, tiocfaiḋ sé ċugam, agus an té ṫig ċugam ní ċuirfiḋ mé uaim é ar ċor ar biṫ.

38 Óir ní ċum mo ṫoil féin do ḋéanaṁ ṫáinig mé anuas ó neaṁ, aċt ċum toil an té do ċuir uaiḋ mé do ḋéanaṁ.

39 Agus is é toil an té do ċuir uaiḋ mé naċ gcaillfinn aoinneaċ díoḃ‐san atá taḃarṫa aige ḋom, aċt go dtógfainn suas é an lá deiriḋ.

40 Óir is é toil m’Aṫair, an uile ḋuine do‐ċí an Mac, agus ċreideas ann, go ḃfaiġeaḋ sé an ḃeaṫa ṡíosraiḋe, agus tógfad‐sa é an lá deiriḋ.

41 Agus do ḃí na h‐Iúdaiġ ag ceisneaṁ ’n‐a ṫaoḃ, toisc go nduḃairt sé, Is mise an t‐arán ṫáinig anuas ó neaṁ.

42 Agus aduḃradar, Naċ é seo Íosa mac Ṡeosaiṁ, go ḃfuil aiṫne againn ar a aṫair agus ar a ṁáṫair? cionnas, d’á ḃriġ sin, adeir sé, Ṫáinig mé anuas ó neaṁ?

43 D’ḟreagair Íosa agus aduḃairt sé leo, Ná biḋiḋ ag ceisneaṁ eadraiḃ féin.

44 Ní féidir le h‐aon duine teaċt ċugam‐sa, muna dtarraingiḋ an t‐Aṫair do ċuir uaiḋ mé, é: agus tógfad‐sa suas é an lá deiriḋ.

45 Atá scríoḃṫa ins na fáiḋiḃ, Agus béiḋ siad uile d’á dteagasc ag Dia. Gaċ duine d’éist leis an Aṫair, agus d’ḟoġlaim, tagann sé ċugam‐sa.

46 Ní h‐é go ḃfaca aon duine an t‐Aṫair, aċt aṁáin an té atá ó Ḋia, do ċonnaic seisean an t‐Aṫair.

47 Go fírinneaċ adeirim liḃ, An té ċreideas, atá an ḃeaṫa ṡíorraiḋe aige.

48 Is mise arán na beaṫaḋ.

49 D’iṫ ḃúr n‐aiṫreaċa an manna sa ḃfásaċ, agus fuaradar bás.

50 Is é seo an t‐arán ṫáinig anuas ó neaṁ, go n‐íosfaḋ duine é, agus naċ ḃfaiġeaḋ sé bás.

51 Is mise an t‐arán beo ṫáinig anuas ó neaṁ: má iṫeann duine an t‐arán so, mairfiḋ sé go deoiḋ: agus an t‐arán do‐ḃéarfad‐sa, is é m’ḟeoil é, tugaḋ ċum beaṫaḋ an tsaoġail.

52 Annsin d’éiriġ aiġneas idir na h‐Iúdaiġ, agus aduḃradar, Cionnas is féidir do’n ḟear so a ċuid feola do ṫaḃairt dúinn le n’iṫe?

53 D’á ḃriġ sin aduḃairt Íosa leo, Go fírinneaċ adeirim liḃ, Muna n‐iṫiḋ siḃ feoil Ṁic an Duine, agus muna n‐ólaiḋ siḃ a ḟuil, ní ḟuil aon ḃeaṫa ionnaiḃ.

54 An té iṫeas m’ḟeoil agus ólas m’ḟuil, atá an ḃeaṫa ṡíorraiḋe aige, agus tógfad‐sa é an lá deiriḋ.

55 Óir is fír‐ḃiaḋ m’ḟeoil‐se, agus is fír‐ḋeoċ m’ḟuil‐se.

56 An té iṫeas m’ḟeoil agus ólas m’ḟuil, cóṁnuiġeann sé ionnamsa, agus cóṁnuiġim‐se ann.

57 Fá mar ċuir an t‐Aṫair sír‐ḃeo mise uaiḋ, agus gur tríd an Aṫair ṁairimse: mar an gcéadna an té iṫeas mise, is tríom‐sa ṁaireas sé.

58 Is é seo an t‐arán ṫáinig anuas ó neaṁ: ní h‐ionann é agus an t‐arán d’iṫ ḃúr n‐aiṫreaċa agus fuair bás: an té iṫeas an t‐arán so, mairfiḋ sé go deoiḋ.

59 Aduḃairt sé an méid sin sa tsionagóig agus é ag teagasc i gCafarnaúm.

60 Ar an aḋḃar sin, a lán d’á ḋeisceablaiḃ nuair do‐ċualadar é, aduḃradar, Is cruaiḋ an ċainnt í sin, cia d’ḟéadfaḋ éisteaċt léi?

61 Aċt, ó ḃí a ḟios ag Íosa go raiḃ a ḋeiseabail ag cannrán ’n‐a ṫaoḃ so, aduḃairt sé leo, An ḃfuil sin ’n‐a ċás oraiḃ?

62 Agus dá ḃfeiceaḋ siḃ Mac an Duine ag dul suas mar a raiḃ sé ar dtús?

63 Is í an spioraid do‐ḃeir beaṫa; ní ḟuil tairḃe ar biṫ sa ḃfeoil: na briaṫra atá ráiḋte agam liḃ, is spioraid agus is beaṫa iad.

64 Aċt atá cuid agaiḃ naċ gcreideans. Óir do ḃí a ḟios ag Íosa ó ṫosaċ cia’rḃ iad nár ċreid, agus cia’rḃ é do ḃí ċum é do ḃraiṫ.

65 Agus aduḃairt sé, Is ar an aḋḃar sin aduḃairt mé liḃ naċ féidir le h‐aoinneaċ teaċt ċugam muna ḃfuil taḃarṫa ag m’Aṫair ḋó teaċt.

66 Ó’n uair sin amaċ do ṫréig mórán d’á ḋeisceablaiḃ é, agus níor ṡiuḃladar a ṫuilleaḋ leis.

67 Aduḃairt Íosa, d’á ḃriġ sin, leis an dáréag, Arḃ áil liḃ‐se imṫeaċt, leis?

68 D’ḟreagair Síomón Peadar é, A Ṫiġearna, cia ċum a raċaimís? is agat‐sa atá briaṫra na beaṫaḋ síorraiḋe.

69 Agus creidimíd‐ne, agus atá a ḟios againn gur tusa Aon Naoṁṫa Dé.

70 D’ḟreagair Íosa ḋóiḃ, Nár ṫoġas‐sa siḃ‐se, dáréag, agus duine agaiḃ ’n‐a ḋiaḃal?

71 Agus is do Iúdás Ṡíomóin Iscariót do ḃí sé ag tagairt, óir ba eisean do ḃí ċum é do ḃraṫ, agus gur duine de’n dáréag é.

First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1951.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan