Eoin 5 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)1 I n‐a ḋiaiḋ sin do ḃí féile ag na h‐Iúdaċaiḃ: agus do ċuaiḋ Íosa suas go h‐Iarúsalem. 2 Agus atá i nIarúsalem, i n‐aice geata na gcaoraċ, loċán ar a dtugtar i nEaḃrais Bétesda, go ḃfuil cúig póirsí aige. 3 Do ḃí ’n‐a luiġe ionnta sin mórán daoine breoiṫe, daill, bacaiġ, seirgṫiġ. 5 Agus do ḃí ann fear aṁáin do ḃí breoite le h‐oċt mbliaḋna déag ar ḟiċid. 6 Nuair do ċonnaic Íosa é ’n‐a luiġe, agus a ḟios aige gurḃ ḟada ḋó sa rioċt sin, aduḃairt sé leis, Ar ṁian leat go leiġeasfaiḋe ṫú? 7 D’ḟreagair an fear breoite, A ḋuine uasail, ní ḟuil duine agam do ċuirfeaḋ sa loċán mé nuair corruiġtear an t‐uisce: aċt an ḟaid ḃím‐se ag teaċt, téiġeann duine eile síos róṁam. 8 Aduḃairt Íosa leis, Éiriġ, tóg do leaba agus siuḃal. 9 Agus ar an láṫair do leiġeasaḋ an fear, agus do ṫóg sé a leaba agus do ṡiuḃal sé. 10 Agus ba í an tsabóid do ḃí ann an lá sin. Agus aduḃairt na h‐Iúdaiġ leis an duine a leiġeasaḋ. Atá an tsabóid ann, agus ní dleaġṫaċ ḋuit do leaba d’iomċar. 11 Aċt d’ḟreagair seisean dóiḃ, An té do leiġeas mé, ba é aduḃairt liom, Tóg do leaba agus siuḃal. 12 D’ḟiafruiġeadar de, Cia h‐é an duine aduḃairt leat, Tóg do leaba agus siuḃal? 13 Aċt ní raiḃ a ḟios ag an duine do leiġeasaḋ ciarḃ é: óir d’éaluiġ Íosa uaṫa toisc sluaġ daoine ḃeiṫ san áit sin. 14 I n‐a ḋiaiḋ sin fuair Íosa sa teampall é, agus aduḃairt sé leis, Féaċ, atáir slán anois: ná déan peacaḋ feasta, ar eagla go dtuitfiḋ niḋ ba ṁeasa ort. 15 D’imṫiġ an fear, agus d’innis sé do na h‐Iúdaċaiḃ gurḃ é Íosa do‐rinne slán é. 16 Ar an aḋḃar sin do ḃí na h‐Iúdaiġ ag gaḃáil d’Íosa, toisc na neiṫe sin do ḋéanaṁ lá na sabóide. 17 Aċt d’ḟreagair sé ḋóiḃ, Atá m’Aṫair ag obair go dtí an uair seo, agus atáim‐se ag obair. 18 Ar an aḋḃar sin ba ḋéine do ḃí na h‐Iúdaiġ ag tnúṫ le n‐a ċur ċum báis, ní h‐é aṁáin gur ḃris sé an tsabóid, aċt go nduḃairt sé gurḃ é Dia a Aṫair, g‐á ċur féin ar aon dul le Dia. 19 D’á ḃriġ sin d’ḟreagair Íosa agus aduḃairt sé leo, Go fírinneaċ adeirim liḃ, Ní ḟéadann an Mac éinniḋ do ḋéanaṁ uaiḋ féin, aċt an méid do‐ċí sé ag an Aṫair d’á ḋéanaṁ: óir cibé neiṫe do‐ġní seisean, do‐ġní an Mac iad ar an gcuma ċéadna. 20 Óir gráḋuiġeann an t‐Aṫair an Mac, agus noċtann sé ḋó gaċ niḋ do‐ġní sé féin: agus noċtfaiḋ sé ḋó oibreaċa is mó ná iad so, ar ṁoḋ go mbéiḋ iongnaḋ oraiḃ‐se. 21 Óir fá mar ṫógas an t‐Aṫair na mairḃ agus aiṫḃeoḋuiġeas sé iad, ar an gcuma ċéadna aiṫḃeoḋuiġeann an Mac na daoine is toil leis. 22 Óir ní ḃeireann an t‐Aṫair breiṫ ar aon duine, aċt atá gaċ breiṫ taḃarṫa aige do’n Ṁac; 23 ionnas go dtiuḃraḋ gaċ aoinneaċ onóir do’n Ṁac, fá mar ḃeireann siad onóir do’n Aṫair. An té naċ dtugann onóir do’n Ṁac ní ṫugann sé onóir do’n Aṫair do ċuir uaiḋ é. 24 Go fírinneaċ adeirim liḃ, An té éisteas lem’ ḃriaṫar‐sa agus ċreideas an té do ċuir uaiḋ mé, atá an ḃeaṫa ṡíorraiḋe aige, agus ní ṫig sé fá ḃreiṫeaṁnas, aċt atá sé aṫruiġṫe ó’n mbás ċum na beaṫaḋ. 25 Go firinneaċ adeirim liḃ, Atá an t‐am ag teact, agus atá sé ann anois féin, ’n‐a n‐éistfiḋ na mairḃ le guṫ Ṁic Dé; agus mairfiḋ siad‐san éistfeas leis. 26 Óir fá mar atá beaṫa ag an Aṫair ann féin, ar an gcuma ċéadna ṫug sé do’n Ṁac beaṫa do ḃeiṫ aige ann féin: 27 agus ṫug sé uġdarás dó ċum breiṫ do ḋéanaṁ, toisc gur ab é Mac an Duine é. 28 Ná déanaiḋ iongantas de seo: óir atá an t‐am ag teaċt, ’n‐a n‐éistfiḋ a ḃfuil ins na tuamaiḃ le n‐a ġuṫ, 29 agus tiocfaiḋ siad amaċ: luċt déanta an ċirt go h‐aiséirġe na beaṫaḋ; agus luċt déanta an uilc go h‐aiséirġe na breiṫe. 30 Ní ḟéadaim‐se éinniḋ do ḋéanaṁ uaim féin: de réir mar ċluinim do‐ḃeirim breiṫ: agus atá mo ḃreiṫ ceart; óir ní h‐í mo ṫoil féin loirgim, aċt toil an té do ċuir uaiḋ mé. 31 Má ḃeirim fiaḋnaise im’ ṫaoḃ féin, ní ḟuil m’ḟiaḋnaise fíor. 32 Atá neaċ naċ mise do‐ḃeir fiaḋnaise im’ ṫaoḃ; agus atá a ḟios agam gur fíor an ḟiaḋnaise do‐ḃeir sé im’ ṫaoḃ. 33 Do ċuireaḃairse teaċtaí ċum Eoin, agus ṫug sé fiaḋnaise i dtaoḃ na fírinne. 34 Aċt ní ó ḋuine do‐ġeiḃim‐se fiaḋnaise: aċt adeirim an méid seo ċum go saorfar siḃ‐se. 35 Ba eisean an lóċrann ar lasaḋ agus ag soillsiú: agus ar feaḋ tréiṁse níor ṁisde liḃ‐se aoiḃneas d’ḟáġáil ’n‐a ṡolas. 36 Aċt atá fiaḋnaise agam‐sa is mó ’ná fiaḋnaise Eoin: óir na gnóṫa ṫug m’Aṫair ḋom le cur ċum ċríċe, na gnóṫa féin do‐ġníṁ, do‐ḃeir siad ḟiaḋnaise im’ ṫaoḃ, gur ab é an t‐Aṫair do ċuir uaiḋ mé. 37 Agus an t‐Aṫair do ċuir uaiḋ mé, ṫug sé fiaḋnaise im’ ṫaoḃ. Ní, ċualaḃair‐se a ġuṫ ariaṁ agus ní ḟacaḃar a ġné. 38 Agus ní ḟuil a ḃriaṫar ag fanaṁain ionnaiḃ: óir an té do ċuir sé uaiḋ ní ċreideann siḃ dó. 39 Cuarduiġeann siḃ na scrioptúirí, óir measann siḃ gur ab ionnta atá an ḃeaṫa ṡíorraiḋe agaiḃ; agus is iad sin do‐ḃeir fiaḋnaise im’ ṫaoḃ‐sa; 40 agus ní h‐áil liḃ teaċt ċugam‐sa, ċum go mbéiḋ beaṫa agaiḃ. 41-42 Ní ġlacaim‐se onóir ó ḋaoiniḃ. Áċt atá a ḟios agam naċ ḃfuil aon ġráḋ do Ḋia ionnaiḃ. 43 Ṫánag‐sa i n‐ainm m’Aṫar, agus ní ġlacann siḃ mé: má ṫig duine eile ’n‐a ainm féin, glacfaiḋ siḃ eisean. 44 Cionnas do b’ḟéidir go gcreidfeaḋ siḃ‐se, ġlacas onóir ó n‐a ċéile, agus gan aon éileaṁ agaiḃ ar an nglóir ṫig ó’n aon Dia. 45 Ná measaiḋ go gcionntóċad‐sa siḃ i láṫair m’Aṫar: atá duine ċionntuiġeas siḃ, eaḋon, Maois, an té go ḃfuil muiniġin agaiḃ as. 46 Óir dá gcreideaḋ siḃ Maois, do ċreidfeaḋ siḃ mise; óir do scríoḃ sé im’ ṫaoḃ‐sa. 47 Aċt muna gcreideann siḃ a scríḃinní‐sean, cionnas ċreidfiḋ siḃ mo ḃriaṫra‐sa? |
First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1951.
British & Foreign Bible Society