Eoin 20 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)1 Agus an ċéad lá de’n tseaċtṁain ṫáinig Máire Ṁagdaléne go moċ ar maidin, agus an dorċaċt ann fós, go dtí an tuama, agus do ċonnaic sí go raiḃ an leac tógṫa ó’n tuama, 2 Do riṫ sí annsin, agus ṫáinig sí mar a raiḃ Síomón Peadar, agus an deisceabal eile ba ionṁain le h‐Íosa, agus aduḃairt sí leo, Do ṫógadar an Tiġearna as an tuama, agus ní ḟuil a ḟios againn cár ċuireadar é. 3 Annsin d’imṫiġ Peadar agus an deisceabal eile amaċ, agus do ċuadar fá ḋéin an tuama. 4 Agus do ḃíodar araon ag riṫ, agus do riṫ an deisceabal eile ní ba luaiṫe ’ná Peadar, agus ba ṫúisce do ṡroiċ seisean an tuama; 5 agus ag cromaḋ ḋó agus ag féaċaint isteaċ, do ċonnaic sé an línéadaċ leagṫa ann; aċt ní ḋeaċaiḋ sé isteaċ. 6 Ṫáinig Síomón Peadar annsin, g‐á leanaṁain, agus do ċuaiḋ sé isteaċ sa tuama; agus do ċonnaic sé an línéadaċ leagṫa amaċ, 7 agus an naipcín, do ḃí ar a ċeann, aċt é fillte i n‐áit eile ar leiṫ. 8 Annsin do ċuaiḋ an deisceabal eile isteaċ, leis, an té ṫáinig ar dtús go dtí an tuama, agus do ċonnaic sé, agus do ċreid. 9 Óir níor ṫuigeadar fós an scrioptúir, go raiḃ i ndán dó aiséirġe ó na marḃaiḃ. 10 Annsin d’imṫiġ na deisceabail ar ais aḃaile arís. 11 Aċt do ḃí Máire ’n‐a seasaṁ taoḃ amuiġ de’n tuama, agus í ag gol: 12 agus sa ngol dí do ċonnaic sí an ḃeirt aingeal i n‐éadaċ geal ’n‐a suiḋe, aingeal aca ag a ċeann, agus aingeal ag a ċosaiḃ, mar ar leagaḋ corp Íosa. 13 Agus aduḃradar léi, A ḃean, cad ċuige an ḃfuil tú ag gol? Aduḃairt sise leo, De ḃriġ gur ṫógadar mo Ṫiġearna, agus naċ ḃfuil a ḟios agam cár ċuireadar é. 14 Ar n‐a ráḋ sin dí, d’iompuiġ sí siar, agus do ċonnaic sí Íosa ’n‐a ṡeasaṁ, agus ní raiḃ a ḟios aici gurḃ é Íosa é. 15 Aduḃairt Íosa léi, A ḃean, cad ċuige an ḃfuil tú ag gol? cia atá uait? Ba ḋóiġ léi‐se gurḃ é an garradóir é, agus aduḃairt sí leis, A ḋuine uasail, má’s tusa do ṫóg as so é, innis dom cár ċuiris é, agus tógfad‐sa liom é. 16 Aduḃairt Íosa léi, A Ṁáire! D’iompuiġ sí, agus aduḃairt sí as Eaḃrais, A Rabbóní! (is é sin le ráḋ, A Ṁáiġistir.) 17 Áduḃairt Íosa léi, Ná bain liom; óir ní ċuaḋas suas ċum an Aṫar fós: aċt téiġ ċum mo ḃráiṫreaċ, agus abair leo, Atáim ag dul suas ċum m’Aṫar‐sa agus ḃúr nAṫar‐sa, agus ċum mo Ḋé‐se agus ḃúr nDé‐se. 18 Ṫáinig Máire Ṁagdaléne agus d’innis sí ḋóiḃ, Do ċonnacas an Tiġearna; agus go nduḃairt sé na neiṫe sin léi. 19 Agus le linn an tráṫnóna, an lá sin, an ċéad lá de’n tseaċtṁain, agus na dóirse dúnta san tiġ ’n‐a raiḃ na deisceabail cruinniġṫe, ar eagla na nIúdaċ, ṫáinig Íosa agus do ṡeas sé ’n‐a measc, agus aduḃairt sé leo, Síoṫċáin daoiḃ. 20 Agus nuair aduḃairt sé sin, do noċt sé ḋóiḃ a láṁa agus a ṫaoḃ. Agus ba ṁór an t‐áṫas do ḃí ar na deisceablaiḃ, nuair ċonnacadar an Tiġearna. 21 Annsin aduḃairt Íosa arís leo, Síoṫċáin daoiḃ: fá mar ċuir an t‐Aṫair uaiḋ mé, cuirim‐se siḃ‐se uaim mar an gcéadna. 22 Agus ar n‐a ráḋ sin dó, d’análuiġ sé orṫa, agus aduḃairt sé leo, Glacaiḋ an Spiorad Naoṁ: 23 na daoine go maiṫfiḋ siḃ a gcionnta ḋóiḃ, atá siad maiṫte ḋóiḃ; na daoine go ḃfágfaiḋ siḃ a gcionnta orṫa, atá siad fágṫa orṫa. 24 Aċt Tomás, duine de’n dáréag, d’á ngoirṫear Didimus, ní raiḃ seisean ’n‐a ḃfoċair nuair ṫáinig Íosa. 25 Agus aduḃairt na deisceabail eile leis, Do ċonnacamar an Tiġearna. Aċt aduḃairt seisean leo, Muna ḃfeicim ’n‐a láṁaiḃ rian na dtairngní, agus muna gcuirim mo ṁéar isteaċ i n‐ionad na dtairngní, agus muna gcuirim mo láṁ isteaċ ’n‐a ṫaoḃ, ní ċreidfead. 26 Agus oċt lá ’n‐a ḋiaiḋ sin do ḃí a ḋeisceabail istiġ arís, agus Tomás ’n‐a ḃfoċair. Ṫáinig Íosa, agus na dóirse dúnta, agus do ṡeas sé ’n‐a measc, agus aduḃairt, Síoṫċáin daoiḃ. 27 Aduḃairt sé annsin le Tomás, Cuir do ṁéar annso, agus féaċ mo láṁa; agus sín annso do láṁ, agus cuir isteaċ im’ ṫaoḃ í: agus ná bí díċreidṁeaċ, aċt bí creidṁeaċ. 28 D’ḟreagair Tomás, agus aduḃairt sé leis, Mo Ṫiġearna agus mo Ḋia ṫú! 29 Aduḃairt Íosa leis, De ḃriġ go ḃfacais mé, ar ċreidis? is aoiḃinn dóiḃ‐sean naċ ḃfaca, agus do ċreid. 30 Is iomḋa míorḃail eile naċ ḃfuil cur síos air ins an leaḃar seo, do‐rinne Íosa i láṫair a ḋeisceabal: 31 aċt do scríoḃaḋ an méid seo ċum go gcreidfeaḋ siḃ gur ab é Íosa an Críost, Mac Dé; agus g‐á gcreideaṁain, go mbéaḋ an ḃeaṫa agaiḃ ’n‐a ainm‐sean. |
First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1951.
British & Foreign Bible Society