Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

Eoin 19 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

1 Annsin ṫug Píoláid Íosa, agus do sciúrsáil sé é.

2 Agus d’ḟiġ na saiġdiúirí coróin deilgneaċ, agus ċuiseadar ar a ċeann í, agus do ċuireadar falaing ċorcra uime;

3 agus ṫángadar ċuige, agus aduḃradar, Go mbeannuiġṫear ḋuit, a Rí na nIúdaċ! agus do ġaḃadar dé ḃosaiḃ air.

4 Agus do ċuaiḋ Píoláid amaċ arís, agus aduḃairt sé leo, Féaċ, atáim g‐á ṫaḃairt amaċ ċugaiḃ, ċum go dtuigfiḋ siḃ naċ ḃfaġaim coir ar biṫ ann.

5 Ṫáinig Íosa amaċ annsin, an ċoróin deilgneaċ air, agus an ḟalaing ċorcra uime. Agus aduḃairt Píoláid leo, Féaċ an duine!

6 Agus nuair do ċonnaic na h‐árd‐ṡagairt agus na h‐oifigiġ é, do liúġadar g‐á ráḋ, Croċ é, croċ é. Aduḃairt Píoláid leo, Tógaiḋ féin é, agus croċaiḋ é: óir ní ḟaġaim‐se coir ar biṫ ann.

7 D’ḟreagair na h‐Iúdaiġ, Atá dliġe againn, agus de réir na dliġe sin atá an bás tuillte aige, de ḃriġ go ndearna sé Mac Dé ḋe féin.

8 Nuair do ċuala Píoláid an ċainnt sin, ba ṁó do scannruiġ sé;

9 agus do ċuaiḋ sé isteaċ san bPraetorium arís, agus aduḃairt sé le h‐Íosa, Cá h‐as duit‐se? Aċt ní ṫug Íosa aon ḟreagra air.

10 Uime sin aduḃairt Píoláid leis, Naċ laḃarfaiḋ tú liom? naċ ḃfuil a ḟios agat go ḃfuil ar ċumas dom do scaoileaḋ saor, agus go ḃfuil ar ċumas dom do ċroċaḋ?

11 D’ḟreagair Íosa ḋó, Ní ḃéaḋ aon ċumas agat im’ aġaiḋ muna dtugtaiḋe ḋuit é ó neaṁ anuas: uime sin, an té ṫug ar láiṁ duit mé, is móide a ṗeacaḋ é.

12 Annsin do ḃí fonn ar Ṗíoláid Íosa do ṡaoraḋ: aċt do liúġ na h‐Iúdaiġ, g‐á ráḋ, Má ṡaorann tú an duine sin, ní cara le Céasar ṫú: gaċ duine do‐ġní rí ḋe féin, is ag cur i gcoinniḃ Ċéasair atá sé.

13 Ar n‐a ċlos sin do Ṗíoláid, ṫug sé Íosa amaċ, agus do ṡuiḋ sé síos san gcaṫaoir breiṫeaṁnais, i n‐áit ar a dtugtar Litostrótos, agus Gabbata i nEaḃrais.

14 Agus ba é lá Ullṁuiġṫe na cásca do ḃí ann: tuairim na séṁaḋ h‐uaire.

15 Agus aduḃairt sé leis na h‐Iúdaċaiḃ, Sin é ḃúr Rí! Aċt do liúġadar, Tóg uainn é, tóg uainn é, croċ é! Aduḃairt Píoláid leo, An aṁlaiḋ ċroċfad ḃúr Rí? D’ḟreagair na h‐árd‐ṡagairt, Ní ḟuil aon rí againn aċt Céasar.

16 Annsin ṫug sé ḋóiḃ é le croċaḋ.

17 Rugadar Íosa, d’á ḃriġ sin: agus d’imṫiġ sé amaċ, ag iomċar a ċroise ḋó, go dtí an áit ar a dtugtar Áit an Ċloiginn, d’á ngoirṫear Golgotá i nEaḃrais:

18 mar ar ċroċadar é, agus beirt eile i n‐éinḟeaċt leis, duine ar gaċ taoḃ de, agus Íosa i lár baill.

19 Agus do scríoḃ Píoláid tiodal, agus do ċuir sé ar an gcrois é. Agus is é do ḃí scríoḃṫa, ÍOSA NASARḊA, RÍ NA N‐IÚDAĊ.

20 Agus do ḃí a lán de na Iúdaċaiḃ do léiġ an tiodal sin: óir an áit ’n‐ar croċaḋ Íosa ḃí sé cóṁgaraċ do’n ċaṫair: agus do ḃí sé scríoḃṫa i nEaḃrais, agus i Laidin, agus i nGréigis.

21 Uime sin aduḃairt árd‐ṡagairt na nIúdaċ le Píoláid, Ná scríoḃ, Rí na nIúdaċ; aċt go nduḃairt sé, Is mise Rí na nIúdaċ.

22 D’ḟreagair Píoláid, An niḋ atá scríoḃṫa agam, atá sé scríoḃṫa agam.

23 Agus na saiġdiúirí, nuair ḃí Íosa croċta aca, do ṫógadar a ċuid éadaiġe, agus do roinneadar ’n‐a gceiṫre codaċa iad, cuid do gaċ saiġdiúr; agus an ċasóg, ċóṁ maiṫ: agus do ḃí an ċasóg gan fuaġáil innti, í fiġṫe ar fad ó n‐a bárr.

24 Ar an aḋḃar sin aduḃradar le ċéile, Ná réabaimís í, aċt cuirimís ar ċrannaiḃ cia leis í: ċum go gcóiṁlíonfaiḋe an scrioptúir, aduḃairt, Do roinneadar mo ċuid éadaiġe eatorṫa, Agus do ċuireadar ar ċrannaiḃ mo ċlúdaċ.

25 Mar sin do‐rinne na saiġdiúirí. Aċt do ḃí ’n‐a seasaṁ i n‐aice croise Íosa a ṁáṫair, agus deirḃṡiúr a ṁáṫar, Máire Ċléopais, agus Máire Ṁagdaléne.

26 Agus nuair do ċonnaic Íosa a ṁáṫair, agus an deisceabal ab ionṁain leis ’n‐a ṡeasaṁ ’n‐a h‐aice, aduḃairt sé le n‐a ṁáṫair, A ḃean, sin é do ṁac!

27 Annsin aduḃairt sé leis an deisceabal, Is ise do ṁáṫair! Agus ó’n uair sin amaċ ṫug an deisceabal ċum a ṫeaġlaiġ féin í.

28 I n‐a ḋiaiḋ sin, ó ḃí a ḟios ag Íosa go raiḃ gaċ niḋ críoċnuiġṫe, ionnas go gcóiṁlíonfaiḋe an scrioptúir, aduḃairt sé, Atá tart orm.

29 Do ḃí soiṫeaċ ann, agus é lán de ḃínéigre; agus do ċuireadar sponnc lán de’n ḃínéigre ar iosóip, agus do ṡíneadar ċum a ḃéil é.

30 Agus nuair do ġlac Íosa an ḃínéigre, aduḃairt sé, Atá críoċnuiġṫe: agus do ċrom sé a ċeann, agus ṫug sé a anam uaiḋ.

31 Annsin na h‐Iúdaiġ, toisc lá an Ullṁuiġṫe ḃeiṫ ann, ċum naċ ḃfanfaḋ na cuirp ar an gcrois ar an tsabóid (óir ba lá mór lá na sabóide sin), d’iarradar ar Ṗíoláid go mbrisfiḋe a loirgne, agus go dtógfaiḋe as iad.

32 Ṫáinig na saiġdiúirí d’á réir sin, agus do ḃriseadar loirgne an ċéad duine, agus loirgne an duine eile do croċaḋ i n‐éinḟeaċt leis:

33 aċt nuair ṫángadar ċum Íosa, agus ċonnacadar go raiḃ sé marḃ ċeana, níor ḃriseadar a loirgne‐sean:

34 aċt do ṫoll duine de na saiġdiúiriḃ a ċliaṫán le sléiġ, agus ar an láṫair ṫáinig fuil agus uisce amaċ as.

35 Agus an té do ċonnaic é, ṫug sé fiaḋnaise ’n‐a ṫaoḃ; agus atá a ḟiaḋnaise fíor: agus atá a ḟios aige gur fíor a n‐abrann sé, ċum go gcreidfeaḋ siḃ‐se, ċóṁ maiṫ.

36 Óir ṫáinig an méid sin ċum críċe ċum go gcóiṁlíonfaiḋe an scrioptúir, Cnáṁ de ní brisfear.

37 Agus adeir scrioptúir eile fós, Féaċfaid ar an té do ṫolladar.

38 Agus ’n‐a ḋiaiḋ sin, Seosaṁ ó Arimataea (do ḃí ’n‐a ḋeisceabal ag Íosa, aċt fá ċeilt ar eagla na nIúdaċ), d’iarr sé ar Ṗíoláid leigean dó corp Íosa do ḃreiṫ leis: agus ṫug Píoláid cead dó. Ṫáinig sé mar sin, agus do ṫóg sé leis a ċorp.

39 Agus ṫáinig Nicodémus, leis, an té úd ṫáinig ar dtús ċum Íosa san oiḋċe, agus tuairim céad púnt de ṁeascán mirr agus alóes aige.

40 Agus do ṫógadar corp Íosa, agus d’ḟilleadar i línéadaċ é leis na spíosraiḃ, mar is gnáṫ leis na h‐Iúdaċaiḃ aḋlacaḋ do ḋéanaṁ.

41 Agus do ḃí garrḋa san áit ’n‐ar croċaḋ é; agus sa ngarrḋa sin ḃí tuama úr‐nua nár cuireaḋ duine riaṁ roiṁe sin ann.

42 Uime sin, de ḃriġ go raiḃ lá an Ullṁuiġṫe ann, (óir do ḃí an tuama cóṁgaraċ), ba ann do ċuireadar Íosa.

First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1951.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan