Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

Eoin 17 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

1 Do laḃair Íosa an méid sin; annsin, ag árdú a ṡúl ċum neiṁe, aduḃairt sé, A Aṫair, atá an uair tagṫa; taḃair glóir dod’ Ṁac, ċum go dtiuḃraḋ an Mac glóir ḋuit‐se:

2 fá mar ṫugais dó cuṁaċt ar gaċ a ḃfuil beo, ionnas, gaċ a dtugais dó, go dtiuḃraḋ sé an ḃeaṫa ṡíorraiḋe ḋóiḃ.

3 Agus is í seo an ḃeaṫa ṡíorraiḋe, aiṫne do ḃeiṫ aca ort‐sa, an t‐aon Dia fírinneaċ, agus ar an té do ċuiris uait, Íosa Críost.

4 Ṫugas‐sa glóir ḋuit ar talaṁ, ag críoċnú na h‐oibre ṫugais dom le déanaṁ.

5 Agus anois, a Aṫair, taḃair‐se glóir ḋaṁ‐sa, i n‐éinḟeaċt leat féin, leis an nglóir do ḃí agam id’ ḟoċair sara raiḃ an doṁan ar bun.

6 D’ḟoillsiġeas t’ainm do na daoiniḃ ṫugais dom as an saoġal: ba leat‐sa iad, agus ṫugais daṁ‐sa iad; agus do ċóiṁéadadar do ḃriaṫar.

7 Atá a ḟios aca anois gur ab uait‐se gaċ a dtugais dom:

8 óir na briaṫra ṫugais dom, ṫugas dóiḃ‐sean iad, agus do ġlacadar iad, agus do ḃí a ḟios aca go fíor gur ab uait‐se ṫáinig mé, agus do ċreideadar gur tusa do ċuir uait mé.

9 Is orṫa‐san ġuiḋim: ní h‐ar an saoġal ġuiḋim, aċt orṫa‐san ṫugais dom; óir is leat‐sa iad:

10 agus is leat‐sa gaċ niḋ is liom‐sa: agus atáim glóiriġṫe ionnta.

11 Agus ní ḟuilim‐se feasta ar an saoġal, agus atáid‐sean, ar an saoġal, agus atáim ag teaċt ċugat‐sa. A Aṫair Naoṁṫa, congḃuiġ it’ ainm iad‐san ṫugais dom, ċum go mba aon iad, aṁail sinne.

12 An ḟaid do ḃíos‐sa ’n‐a ḃfoċair, do ċongḃuiġeas it’ ainm‐se iad‐san ṫugais dom, agus do ċosnas iad, agus ní ḋeaċaiḋ aoinneaċ aca amuġa, aċt mac an ṁillte, ċum go gcoiṁlíonfaiḋe an Scrioptúir.

13 Aċt atáim ag teaċt ċugat anois; agus atáim ag laḃairt ar an gcuma so san tsaoġal, ċum go mbéaḋ m’áṫas‐sa ’n‐a iomláine ionnta féin.

14 Ṫugas‐sa ḋóiḃ do ḃriaṫar‐sa; agus ṫug an saoġal fuaṫ ḋóiḃ, de ċionn naċ de’n tsaoġal iad, fá mar naċ de’n tsaoġal mise.

15 Ní iarraim ort iad d’aistriú as an saoġal, aċt iad do ċosaint ar an olc.

16 Ní de’n tsaoġal iad, fá mar naċ de’n tsaoġal mise.

17 Coisric san ḃfírinne iad: is fírinne do ḃriaṫar‐sa.

18 Fá mar ċuiris mise ċum an tsaoġail, do ċuireas‐sa ċum an tsaoġail iad‐san, ċóṁ maiṫ.

19 Agus is ar a son‐san ċoisreacaim mé féin, ċum go mbéidís féin coisreacṫa san ḃfírinne.

20 Ní h‐ar a son‐san aṁáin atáim ag guiḋe, aċt ar son na ndaoine ċreideas ionnam tré n‐a mbriaṫar; ċum go mba aon iad uile;

21 fá mar atáir‐se, a Aṫair, ionnam‐sa, agus mise ionnat‐sa, go mbéaḋ siad‐san ionainn, ċóṁ maiṫ: ċum go gcreidfeaḋ an saoġal gur ċuiris uait mé.

22 Agus an ġlóir ṫugais daṁ‐sa, ṫugas‐sa ḋóiḃ‐sean í; ionnas go mba aon iad, fá mar is aon sinne;

23 mise ionnta‐san, agus tusa ionnam‐sa; ċum go mbéidís ’n‐a n‐aon go h‐iomlán; go mbéaḋ a ḟios ag an saoġal gur ċuiris uait mé, agus go dtugais gráḋ ḋóiḃ‐sean, fá mar ṫugais gráḋ ḋaṁ‐sa.

24 A Aṫair, is é is mian liom na daoine ṫugais dom do ḃeiṫ mar a ḃfuilim; go ḃfeicfiḋ siad mo ġlóir, a ṫugais‐se ḋom: óis ṫugais gráḋ ḋom roiṁ ċruṫú an doṁain.

25 A Aṫais ḟiréin, níor aiṫin an saoġal mé, aċt d’aiṫniġeas‐sa ṫú; agus do ḃí a ḟios aca‐san gur ċuiris‐se uait mé;

26 agus d’ḟoillsiġeas t’ainm dóiḃ, agus foillseoċad é; ionnas, an gráḋ ṫugais dom, go mbéiḋ sé ionnta‐san, agus go mbéiḋead‐sa ionnta.

First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1951.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan