Eoin 15 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)1 Is mise an ḟíneaṁain ḟíor, agus is é m’Aṫair an fíon‐tsaoṫruiġṫeoir. 2 Aon ċraoḃ díom naċ dtugann toraḋ, scoiṫeann sé í: agus aon ċraoḃ do‐ḃeir toraḋ, glanann sé í ċum go dtiuḃraḋ sí tuilleaḋ torṫa. 3 Atá siḃ‐se glan anois de ḃárr an ḃriaṫair do laḃras liḃ. 4 Fanaiḋ ionnam‐sa, agus mise ionnaiḃ‐se. Fá mar naċ ḃféadann an ċraoḃ toraḋ do ṫaḃairt uaiṫi féin muna ḃfanann sí ar an ḃfíneaṁain; ní ḟéadann siḃ‐se, aċt an oiread, muna ḃfanann siḃ ionnam‐se. 5 Is mise an ḟíneaṁain, is siḃ‐se na craoḃaċa: An té ḟanas ionnam‐sa, agus go ḃfanaim‐se ann, do‐ḃeir seisean mórán torṫa: óir im’ éagmais‐se ní ḟéadann siḃ éinniḋ do ḋéanaṁ. 6 Aon duine naċ ḃfanann ionnam‐sa, caiṫtear é amaċ aṁail craoḃ, agus feoġann sé; agus bailiġtear iad agus caiṫtear isteaċ sa teiniḋ iad, agus dóiġtear iad. 7 Má ḟanann siḃ ionnam‐sa, agus má ḟanann mo ḃriaṫra ionnaiḃ‐se, iarraiḋ niḋ ar biṫ is mian liḃ, agus do‐ġéantar daoiḃ é. 8 Siḃ‐se do ṫaḃairt mórán torṫa, as sin is eaḋ tugtar glóir dom’ Aṫair; agus siḃ do ḃeiṫ ’n‐ḃúr ndeisceablaiḃ agam‐sa. 9 Fá mar ṫug an t‐Aṫair gráḋ ḋaṁ‐sa, ṫugas‐sa gráḋ ḋaoiḃ‐se; fanaiḋ im’ ġráḋ. 10 Má ċoiṁéadann siḃ m’aiṫeanta, fanfaiḋ siḃ im’ ġráḋ; fá mar ċoiṁéadas‐sa aiṫeanta m’Aṫar, agus go ḃfanaim ’n‐a ġráḋ. 11 Do laḃras na neiṫe sin liḃ, d’ḟonn go mbéaḋ mo ġáirdeaċas ionnaiḃ, agus go mbéaḋ ḃúr ngáirdeaċas iomlán. 12 Is í seo m’aiṫne‐se, go dtiuḃraḋ siḃ gráḋ d’á ċéile, mar ṫugas‐sa gráḋ ḋaoiḃ‐se. 13 Ní ḟuil gráḋ ag aon duine is mó ’ná so, go dtiuḃraḋ duine a anam ar son a ċarad. 14 Is siḃ‐se mo ċáirde má ġníonn siḃ a n‐órduiġim daoiḃ. 15 Ní seirḃísiġ ġlaoḋaim oraiḃ feasta; óir ní h‐eol do’n tseirḃíseaċ céard do‐ġní a ṫiġearna: aċt ṫugas cáirde oraiḃ; óir gaċ a gcualas óm’ Aṫair ṫugas le fios daoiḃ‐se. 16 Ní siḃ‐se do ṫoġ mise, aċt is mise do ṫoġ siḃ‐se, agus do ċeapas siḃ ċum go n‐imṫeoċaḋ siḃ agus go dtiuḃraḋ siḃ toraḋ, agus go mbéaḋ ḃúr dtoraḋ buan: ionnas, cibé niḋ iarrfas siḃ ar an Aṫair im’ ainm‐se, go dtiuḃraḋ sé ḋaoiḃ é. 17 Do‐ḃeirim na h‐aiṫeanta so ḋaoiḃ, ċum go mbéaḋ gráḋ agaiḃ d’á ċéile. 18 Má ḃeir an saoġal fuaṫ ḋaoiḃ, bíoḋ a ḟios agaiḃ go dtug sé fuaṫ ḋaṁ‐sa róṁaiḃ. 19 Dá mba leis an saoġal so siḃ, do ḃéaḋ cion ag an saoġal ar a ċineál féin: aċt de ḃriġ naċ leis an saoġal siḃ, aċt gur ṫoġas‐sa siḃ as an saoġal, ar an aḋḃar sin atá fuaṫ ag an saoġal daoiḃ. 20 Cuiṁniġiḋ ar an mbriaṫar aduḃairt mé liḃ, Ní mó an seirḃíseaċ ná a ṁáiġistir. Má rinneadar géir‐leanaṁain orm‐sa, do‐ġéanaid géir‐leanaṁain oraiḃ‐se mar an gcéadna; má ċoiṁéadadar mo ḃriaṫra‐sa, ċoiṁéadfaiḋ siad ḃúr mbriaṫra‐sa, leis. 21 Aċt do‐ġéanaid na neiṫe seo go léir ḋaoiḃ mar ġeall ar m’ainm‐se, de ḃriġ naċ ḃfuil aiṫne aca ar an té do ċuir uaiḋ mé. 22 Muna mbéaḋ go dtáinig mé agus gur laḃair mé leo, ní ḃéaḋ peacaḋ orṫa: aċt anois atáid gan leiṫscéal i dtaoḃ a bpeacaiḋ. 23 An té go ḃfuil fuaṫ aige ḋaṁ‐sa, atá fuaṫ aige dom’ Aṫair, leis. 24 Muna mbéaḋ go ndearnas ’n‐a measc na h‐oibreaċa naċ ndearna aoinneaċ eile, do ḃéidís gan ṗeacaḋ: aċt anois do ċonnacadar mise agus m’Aṫair, agus ṫugadar fuaṫ ḋúinn. 25 Aċt ċuige sin ṫarla, ċum go gcóiṁlíonfaiḋe an briaṫar atá scríoḃṫa ’n‐a ndliġe, Ṫugadar fuaṫ ḋom gan ċúis. 26 Aċt nuair ṫiocfas an Sólásaiḋe, an té ċuirfeas mé ċugaiḃ ó’n Aṫair, Spiorad na fírinne, ġluaiseas ó’n Aṫair, do‐ḃéarfaiḋ seisean fiaḋnaise im’ ṫaoḃ‐sa: 27 agus do‐ḃeir siḃ‐se, leis, fiaḋnaise, óir atá siḃ im’ ḟoċair ó ṫosaċ. |
First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1951.
British & Foreign Bible Society