Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

Eoin 13 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

1 Agus roiṁ ḟéile na cásca, ó ḃí a ḟios ag Íosa go raiḃ a ṫráṫ tagṫa ċum imṫeaċt as an saoġal so ċum a Aṫar, ó ṫug sé gráḋ d’á ṁuinntir féin do ḃí sa tsaoġal, ṫug se gráḋ ḋóiḃ go deireaḋ.

2 Agus le linn an tsuipéir, agus an diaḃal tar éis a ċur i gcroiḋe Iúdáis Iscariót Ṡíomóin, é do ḃraṫ,

3 ó ḃí a ḟios ag Íosa go raiḃ gaċ niḋ taḃarṫa ’n‐a láiṁ ḋó ag an Aṫair, agus go dtáinig sé ó Ḋia,

4 agus go raiḃ sé ag dul ċum Dé, d’éiriġ sé ó’n mbórd, agus do ċuir sé a ḃrat i leaṫtaoiḃ, agus do ġlac sé tuḃáille, agus do ċeangail sé fá n‐a ċom é.

5 Annsin do ḋoirt sé uisce isteaċ i mbáisín, agus do ṫosnuiġ sé ar ċosa a ḋeisceabal do niġe, agus ar a dtriomú leis an tuḃáille do ḃí timċeall a ċuim.

6 Annsin ṫáinig sé go dtí Síomón Peadar. Aduḃairt seisean leis, Tusa ag niġe mo ċos‐sa, a Ṫiġearna!

7 D’ḟreagair Íosa agus aduḃairt sé leis, An niḋ do‐ġním‐se, ní ṫuigeann tú anois é; aċt tuigfiḋ tú é ar ball.

8 Aduḃairt Peadar leis, Ní niġfir mo ċosa‐sa go bráṫ. D’ḟreagair Íosa ḋó, Muna niġim ṫú, ní ḟuil aon roinn agat liom.

9 Aduḃairt Síomón Peadar leis, A Ṫiġearna, nár ab iad mo ċosa aṁáin aċt mo láṁa agus mo ċeann, ċóṁ maiṫ.

10 Aduḃairt Íosa leis, an té atá niġte ní gáḃaḋ ḋó aċt a ċosa do niġe, agus atá sé glan ar fad: agus atá siḃ‐se glan, aċt ní ḟuil gaċ duine agaiḃ glan.

11 Óir ḃí a ḟios aige cia’rḃ é do ḃí le n‐a ḃraṫ; do b’uime sin aduḃairt sé, Ní ḟuil siḃ go léir glan.

12 Annsin nuair ḃí a gcosa niġte aige, agus a éadaiġe curṫa air, agus nuair do ṡuiḋ sé siar arís, aduḃairt sé leo, An dtuigeann siḃ céard atá déanta agam daoiḃ?

13 Glaoḋann siḃ Múinteoir agus Tiġearna orm: agus atá an ceart agaiḃ; óir is mé sin.

14 D’á ḃriġ sin, má niġeas‐sa ḃúr gcosa, agus gur mé an Tiġearna agus an Múinteoir, ba ċeart daoiḃ‐se cosa a ċéile do niġe.

15 Óir atá eisiompláir taḃarṫa agam daoiḃ, go ndéanfaḋ siḃ‐se fá mar tá déanta agam‐sa ḋaoiḃ.

16 Go fírinneaċ adeirim liḃ, Ní mó an seirḃíseaċ ’ná a ṁáiġistir; agus ní mó an teaċtaire ’ná an té do ċuir uaiḋ é.

17 Má’s eol daoiḃ an méid sin, is aoiḃinn daoiḃ má ġníonn siḃ d’á réir.

18 Ní ḟuilim ag laḃairt oraiḃ uile: atá a ḟios agam na daoine do ṫoġas: áċt ċum go gcóiṁlíonfaiḋe an scrioptúir, An té iṫeas mo ċuid aráin do ṫóg sé a ṡál im’ ċoinniḃ.

19 Atáim g‐á innsin sin daoiḃ roiṁ ré, ionnas, nuair ṫiocfas sé ċum críċe, go gcreidfeaḋ siḃ gur mé atá ann.

20 Go fírinneaċ adeirim liḃ, Cibé ġlacas an té ċuirim uaim, ġlacann sé mise; agus cibé ġlacas mise, glacann sé an té do ċuir uaiḋ me.

21 Ar n‐a ráḋ sin d’Íosa, do ḃí sé go buaiḋearṫa ’n‐a spioraid, agus do ḋearḃuiġ sé, agus aduḃairt, Go fírinneaċ adeirim liḃ, go mbraiṫfiḋ duine agaiḃ mé.

22 Do ḋearc na deisceabail ar a ċéile, agus mearḃall orṫa i dtaoḃ an té d’á mbéaḋ sé ag tagairt.

23 Agus do ḃí ag an mbórd duine d’á ḋeisceablaiḃ, do b’ionṁain le h‐Íosa, ’n‐a luiġe ar uċt Íosa.

24 Agus do sméid Síomón Ṗeadar airsean, agus aduḃairt sé leis, Innis dúinn cia ḋó go ḃfuil sé ag tagairt.

25 Aduḃairt seisean leis, agus é sínte siar ar uċt Íosa, A Ṫiġearna, cia h‐é?

26 D’ḟreagair Íosa ḋó, An té d’á dtomfad an giota aráin seo agus go dtiuḃrad dó é, is é é. Agus nuair do ḃí an giota aráin tomṫa aige, do ṫóg sé é agus ṫug d’Iúdás Ṡíomóin Iscariót é.

27 Agus i ndiaiḋ an ġiota, do ċuaiḋ Sátan isteaċ ann, agus aduḃairt Íosa leis, An niḋ atá le déanaṁ agat, déan gan ṁoill é.

28 Aċt níor ṫuig aoinneaċ d’á raiḃ ag an mbórd cad ċuige go nduḃairt sé leis é.

29 Do ċeap cuid aca, ó ḃíoḋ an sparán ag Iúdás, go nduḃairt Íosa leis, Ceannuiġ a ḃfuil ag teastáil uainn i gcóṁair na féile; nó, rud éigin do ṫaḃairt do na boċtaiḃ.

30 Agus nuair do ġlac seisean an giota aráin d’imṫiġ sé amaċ ar an láṫair: agus ḃí an oiḋċe ann.

31 Agus nuair do ḃí sé imṫiġṫe amaċ, aduḃairt Íosa, Anois atá Mac an Duine glóiriġṫe, agus atá Dia glóiriġṫe tríd;

32 agus glóireoċaiḋ Dia eisean ann féin, agus glóireaċaiḋ sé ar ball é.

33 A ċlann dílis, atáim ’n‐ḃúr ḃfoċair tamall beag go fóill. Béiḋ siḃ ’gam’ lorg, aċt, mar aduḃairt mé leis na h‐Iúdaċaiḃ, An áit ’n‐a ḃfuilim ag dul, ní ḟéadann siḃ‐sé teaċt ann; deirim liḃ‐se anois é.

34 Do‐ḃeirim aiṫne nua ḋaoiḃ, gráḋ do ṫaḃairt d’á ċéile; fá mar ṫug mise gráḋ ḋaoiḃ‐se, go dtiuḃraḋ siḃ‐se gráḋ d’á ċéile, ċóṁ maiṫ.

35 As sin aiṫneoċaiḋ gaċ uile ḋuine gur deisceabail daṁ‐sa siḃ, aċt gráḋ ḃeiṫ agaiḃ d’á ċéile.

36 Aduḃairt Síomón Peadar leis, A Ṫiġearna, cá ḃfuil tú ag dul? D’ḟreagair Íosa, An áit ’n‐a ḃfuilim ag dul, ní ḟéadann tusa mo leanaṁain ann anois; aċt leanfaiḋ tú mé ’n‐a ḋiaiḋ seo.

37 Aduḃairt Peadar leis, A Ṫiġearna, cad ċuige naċ ḃféadaim ṫú do leanaṁain anois díreaċ? doḃéarfad m’anam ar do ṡon.

38 D’ḟreagair Íosa, An dtiuḃraiḋ tú t’anam ar mo ṡon? Go fírinneaċ adeirim leat, Ní ġlaoḋfaiḋ an coileaċ sara séanfair trí h‐uaire mé.

First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1951.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan