Eoin 12 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)1 Agus sé lá roiṁ an gcáisc, ṫáinig Íosa go Bétánia, mar a raiḃ Lasarus, do ḃí tógṫa ag Íosa ó’n mbás. 2 Agus do‐rinneadar séire annsin: agus do ḃí Marta ag frioṫáileaṁ; aċt do ḃí Lasarus mar aon leo‐san do ḃí ’n‐a suiḋe ċum biḋ leis. 3 Agus do ṫóg Máire púnt d’uinnimint náird ġlain, an‐luaċṁair, agus d’ong sí cosa Íosa, agus do ṫriomuiġ sí a ċosa le n‐a gruaig; agus do líonaḋ an teaċ de ċuṁraċt na h‐uinniminte. 4 Aċt aduḃairt duine d’á ḋeisceablaiḃ, Iúdás Iscariót, an té do ḃí le n‐a ḃraiṫ, 5 Cad ċuige nár díolaḋ an uinnimint seo ar ṫrí ċéad pinginn, agus a ṫaḃairt do na boċtaiḃ? 6 Ní h‐é go raiḃ spéis aige ins na boċtaiḃ go nduḃairt sé sin; aċt gur ġadaiḋe é, agus gurḃ é do ḃí i mbun bosca an airgid, agus go mbíoḋ sé ag goid a gcuirtiḋe ann. 7 Uime sin aduḃairt Íosa, Leigiḋ ḋí: go gcoiṁéadaiḋ sí fá ċóṁair lae m’aḋlaicṫe é. 8 Óir bíonn na boiċt ’n‐ḃúr ḃfoċair i gcóṁnaiḋe; aċt ní ḃím‐se ’n‐ḃúr ḃfoċair i gcóṁnaiḋe. 9 Agus do ḃí a ḟios ag coitċeanntaċt na nIúdaċ go raiḃ sé annsin: agus ṫángadar, ní h‐aṁáin mar ġeall ar Íosa, aċt ċum go ḃfeicfidís Lasarus do ḃí tógṫa aige ó na marḃaiḃ. 10 Aċt do ċeap uaċtaráin na sagart de ċóṁairle Lasarus do ċur ċum báis, ċóṁ maiṫ; 11 de ċionn go raiḃ mórán de na h‐Iúdaiġ ag imṫeaċt, agus ag creideaṁain i hÍosa. 12 Lá ar n‐a ḃáraċ, do ḃí sluaġ mór díoḃ‐san ṫáinig ċum na féile, agus nuair do‐ċualadar go raiḃ Íosa ag teaċt go h‐Iarúsalem, 13 do ṫógadar géaga de na pailmiḃ, agus do ġluaiseadar amaċ ’n‐a airċis, agus do ġlaoḋadar amaċ, Hósanna: is beannuiġṫe an té atá ag teaċt i n‐ainm an Tiġearna, Rí Israel. 14 Agus fuair Íosa asal óg agus do ṡuiḋ sé air; 15 mar tá scríoḃṫa, Ná bíoḋ eagla ort, a inġean Ṡíoin: féaċ, atá do Rí ag teaċt, ’n‐a ṡuiḋe ar ṡearraċ asail. 16 Níor ṫuig a ḋeisceabail na neiṫe sin ar dtús: aċt nuair do ḃí Íosa glóiriġṫe, annsin do ċuiṁniġeadar ar a raiḃ scríoḃṫa ’n‐a ṫaoḃ, agus go ndearnadar na neiṫe sin dó. 17 Uime sin, an sluaġ daoine do ḃí ’n‐a ḟoċair nuair do ġlaoḋ sé Lasarus as an tuama, agus do ṫóg sé ó na marḃaiḃ é, ṫugadar fiaḋnaise uaṫa. 18 Uime sin, fós, do ċuaiḋ an sluaġ ’n‐a airċis, óir do‐ċualadar go ndearna sé an ṁíorḃail sin. 19 Aduḃairt na Fairisíniġ, d’á ḃriġ sin, eadorṫa féin, Do‐ċí siḃ naċ ḃfuil ag éirġe liḃ ar ċor ar biṫ: féaċ, atá an saoġal go léir imṫiġṫe ’n‐a ḋiaiḋ. 20 Agus do ḃí Gréagaiġ áiriṫe i measc na ndaoine do ċuaiḋ suas ċum aḋraḋ do ḋéanaṁ sa ḃféile: 21 ṫáiniġ siad‐san ċum Ṗilib, fear as Bésáida na Galilé, agus do ċeistiġeadar é, g‐á ráḋ, A ḋuine uasail, ba ṁaiṫ linn Íosa d’ḟeicsin. 22 Ṫáinig Pilib agus d’innis sé d’Aindrias é: ṫáinig Aindrias agus Pilib, agus d’inniseadar d’Íosa é. 23 Agus d’ḟreagair Íosa iad, g‐á ráḋ, Atá an uair tagṫa ċum glóir do ṫaḃairt do Ṁac an Duine. 24 Go fírinneaċ adeirim liḃ, Muna dtuitiḋ gráinne cruiṫneaċtan sa talaṁ agus go n‐éagann sé, fanann sé ’n‐a aonar: aċt má éagann sé, do‐ḃeir sé toraḋ mór uaiḋ. 25 An té gur mór aige a anam cailleann sé é; agus an té gur beag air a anam sa tsaoġal so, coiṁéadfaiḋ sé ċum na beaṫaḋ síorraiḋé é. 26 Má ġníonn aoinneaċ seirḃís daṁ‐sa, leanaḋ sé mé; agus an áit ’n‐a ṁbím‐se, béiḋ mo ṡeirḃíseaċ ann, ċóṁ maiṫ: má ġníonn duine ar biṫ seirḃís daṁ‐sa, do‐ḃéarfaiḋ m’Aṫair onóir ḋó. 27 Anois atá buaiḋirt anma orm; agus créad adéarfad? A Aṫair, fuascail mé ó’n uair seo. Aċt ċuige seo is eaḋ ṫáinig mé ċum na h‐uaire seo. 28 A Aṫair, glóiriġ t’ainm. Annsin ṫáinig guṫ ó neaṁ, Do ġlóiriġeas ċeana é, agus glóireoċad arís é. 29 Agus an sluaġ do ḃí ’n‐a seasaṁ annsin, nuair do‐ċualadar é, aduḃradar gur tóirneaċ do ḃí ann: aduḃairt cuid eile, Aingeal do laḃair leis. 30 D’ḟreagair Íosa agus aduḃairt, Ní ar mo ṡon‐sa ṫáinig an guṫ sin, aċt ar ḃúr son‐sa. 31 Anois atá breiṫeaṁnas an tsaoġail seo ann; anois atá prionnsa an tsaoġail seo le ruagaḋ. 32 Agus mise, má árduiġṫear mé ó’n talaṁ, tarraingeoċad ċugam na daoine uile. 33 Aċt aduḃairt sé sin g‐á ċur i dtuigsint dóiḃ cia an saġas báis do‐ġeoḃaḋ sé. 34 D’ḟreagair an sluaġ é, Do ṫuigeamar ó’n dliġe go ḃfanann an Críost de ṡíor: agus adeir tusa go gcaiṫfear Mac an Duine d’árdú? cia h‐é Mac so an Duine? 35 Annsin aduḃairt Íosa leo, Tamall beag eile fós, béiḋ an solas ’n‐ḃúr measc. Siuḃlaiḋ an ḟaid atá an solas agaiḃ, i dtreo naċ mbéarfaḋ an dorċact oraiḃ: agus an té ṡiuḃlas sa dorċact, ní ḃíonn a ḟios aige cá mbíonn sé ag dul. 36 An ḟaid atá an solas agaiḃ, creidiḋ sa tsolas, ċum go mbéiḋ siḃ ’n‐ḃúr gclainn do’n tsolas. Do laḃair Íosa an méid sin, agus d’imṫiġ sé agus do ċeil sé é féin orṫa. 37 Aċt giḋ go ndearna sé an oiread sin míorḃal ’n‐a ḃfiaḋnaise, níor ċreideadar ann: 38 ionnas go gcóiṁlíonfaiḋe briaṫar Ésáias fáiḋ, aduḃairt, A Ṫiġearna, cia ċreid ar ḟógramar? Agus cia ḋó gur noċtaḋ láṁ an Tiġearna? 39 Ba é fáṫ nár ḟéadadar creideaṁain, go nduḃairt Ésáias i n‐áit eile. 40 Do ḋall sé a súile, agus ċruaḋuiġ sé a gcroiḋe; Ionnas naċ ḃfeicfidís le n‐a súiliḃ, ná naċ dtuigfidís le n‐a gcroiḋe, Agus naċ gcasfaidís, Agus naċ leiġeasfainn iad. 41 Aduḃairt Ésáias é sin, toisc go ḃfaca sé a ġlóir; agus do laḃair sé ’n‐a ṫaoḃ. 42 Do ḃí mórán de na h‐uaċtaránaiḃ féin, áṁ, do ċreid ann; aċt, mar ġeall ar na Fairisíneaċaiḃ níor adṁuiġeadar é, ar eagla go gcuirfiḋe amaċ as an tsionagóig iad: 43 óir ba ṁó aca an ġlóir ḋaonna ’ná glóir d’ḟáġáil ó Ḋia. 44 Agus do ġlaoḋ Íosa de ġuṫ árd agus aduḃairt, An té ċreideas ionnam‐sa ní h‐ionnam‐sa ċreideas sé, aċt san té do ċuir uaiḋ mé. 45 Agus an té do‐ċí mise, do‐ċí sé an té do ċuir uaiḋ mé. 46 Ṫáinig mé mar ṡolas ar an saoġal, ionnas cibé ċreideas ionnam, naċ ḃfanfaḋ sé sa dorċaċt. 47 Agus má éisteann aoinneaċ lem’ ḃriaṫraiḃ, agus naċ dtugann aire ḋóiḃ, ní ṫugaim‐se breiṫ air: óir ní ċum breiṫ do ṫaḃairt ar an saoġal ṫánag, aċt ċum an tsaoġail do ṡlánú. 48 An té ḋiúltas dom, agus naċ nglacann lem’ ḃriaṫraiḃ, atá aige an té do‐ḃeir breiṫ air: an briaṫar aduḃart‐sa, do‐ḃéarfaiḋ an briaṫar sin breiṫ air an lá déiḋeannaċ. 49 Óir ní h‐uaim féin do laḃras‐sa; aċt an t‐Aṫair do ċuir uaiḋ mé, ṫug sé órdú ḋom, céard adéarfainn, agus céard do laḃarfainn. 50 Agus atá a ḟios agam gur beaṫa ṡíorraiḋe a órdú: uime sin, gaċ a laḃraim‐se, mar duḃairt an t‐Aṫair liom é, laḃraim. |
First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1951.
British & Foreign Bible Society