Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

Eoin 11 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

1 Agus do ḃí duine áiriṫe breoite, Lasarus ó Ḃétánia, baile Ṁáire agus Ṁarta, a ḋeirḃṡiúr.

2 Máire d’ong an Tiġearna le h‐uinnimint, agus do ṫriomuiġ a ċosa le n‐a gruaig, do b’í sin an té go raiḃ a dearḃráṫair Lasarus breoite.

3 Agus do ċuir an ḃeirt deirḃṡiúr teaċtaireaċt ċuige, g‐á ráḋ, A Ṫiġearna, féaċ, an té is ionṁain leat atá sé breoite.

4 Aċt nuair do‐ċuala Íosa é, aduḃairt sé, Ní ċum báis an ḃreoiteaċt so, aċt ċum glóire Dé, ionnas go ḃfaiġeaḋ Mac Dé glóir d’á ḃárr.

5 Agus do ḃí an‐ċion ag Íosa ar Ṁarta, agus ar a deirḃṡiúr, agus ar Lasarus.

6 Aċt ar n‐a ċlos dó go raiḃ sé breoite, d’ḟan sé ḋá lá san áit ’n‐a raiḃ sé.

7 Annsin, ’n‐a ḋiaiḋ sin, aduḃairt sé le n‐a ḋeisceablaiḃ, Téiġimís arís go h‐Iúdaea.

8 Aduḃairt na deisceabail leis, A Rabbí, do ḃí na h‐Iúdaiġ ag iarraiḋ gaḃáil de ċloċaiḃ ort le déiḋeannaiġe; agus an ag dul annsin arís atáir?

9 D’ḟreagair Íosa, Naċ ḃfuil ḋá uair déag san lá? Má ṡiuḃlann duine san lá, ní baintear tuisleaḋ as, óir do‐ċí sé solas an tsaoġail seo.

10 Aċt má ṡiuḃlann duine san oiḋċe, baintear tuisleaḋ as, óir ní ḟuil an solas ann.

11 Aduḃairt sé an méid sin: agus aduḃairt sé leo ’n‐a ḋiaiḋ sin, Atá ár gcara Lasarus ’n‐a ċodlaḋ; áċt atáim ag dul g‐á ḋúiseaċt.

12 Annsin aduḃairt na deisceabail leis, A Ṫiġearna, má ta sé ’n‐a ċodlaḋ, slánóċar é.

13 Aċt is ag tagairt d’á ḃás do ḃí Íosa; aċt do ċeapadar‐san gur ag cainnt ar ṡuan codlata do ḃí sé.

14 Annsin aduḃairt Íosa leo go cruinn, Atá Lasarus marḃ.

15 Agus is maiṫ liom ar ḃúr son‐sa naċ raḃas ann, ċum go gcreidfeaḋ siḃ; aċt téiġmís ċuige.

16 Agus aduḃairt Tomás, ar a dtugtar Didimus, le n‐a ċóṁ‐ḋeisceablaiḃ, Téiġmís‐ne mar an gcéadna, go ḃfaiġmís bás i n‐éinḟeaċt leis.

17 Agus nuair ṫáinig Íosa, fuair sé go raiḃ sé ceiṫre lá ċeana sa tuama.

18 Agus ḃí Bétánia i ngiorraċt cúig staid déag d’Iarúsalem;

19 agus do ḃí mórán Iúdaċ ṫáinig ċum Marta agus Máire, ag déanaṁ sóláis dóiḃ i dtaoḃ a ndearḃráṫar.

20 Agus nuair do‐ċuala Marta go raiḃ Íosa ag teaċt, do ċuaiḋ sí ’n‐a airċis: aċt d’ḟan Máire ’n‐a suiḋe istiġ.

21 Agus aduḃairt Marta le h‐Íosa, A Ṫiġearna, dá mbeiṫeá annso, ní ḃfaiġeaḋ mo ḋearḃráṫair bás.

22 Aċt atá a ḟios agam anois féin, cibé niḋ iarrfas tú ar Ḋia, go dtiuḃraiḋ Dia ḋuit é.

23 Aduḃairt Íosa léi, Éireoċaiḋ do ḋearḃráṫair arís.

24 Aduḃairt Marta leis, Atá a ḟios agam go n‐éireoċaiḋ sé arís san aiséirġe an lá deireannaċ.

25 Aduḃairt Íosa léi, Is mise an aiséirġe agus an ḃeaṫa: cibé ċreideas ionnam‐sa, má ġeiḃ sé bás féin, mairfiḋ sé:

26 agus cibé ṁaireas agus ċreideas ionnam‐sa ní ḃfaiġiḋ sé bás go deoiḋ. An gcreideann tú sin?

27 Aduḃairt sise leis, Creidim, A Ṫiġearna: creidim gur tusa an Críost, Mac Dé, do ḃí le teaċt ar an saoġal.

28 Agus nuair aduḃairt sí sin, d’imṫiġ sí, agus do ġlaoḋ sí ós íseal ar Ṁáire, a deirḃṡiúr, g‐á ráḋ, Atá an Máiġistir annso, agus atá sé ag glaoḋaċ ort.

29 Agus nuair do‐ċuala sise é, d’éiriġ sí go tapaiḋ, agus do ċuaiḋ sí ċuige.

30 (Óir ní raiḃ Íosa tagṫa fós sa mbaile beag, aċt ḃí sé fós san áit ’n‐ar casaḋ Marta leis.)

31 Agus na h‐Iúdaiġ do ḃí i ḃfoċair Ṁáire sa tiġ, ag déanaṁ sóláis dí, nuair do ċonnacadar gur éiriġ sí go tapaiḋ, do leanadar í, g‐á ċeapaḋ gur ag dul ċum an tuama do ḃí sí, le caoineaḋ do ḋéanaṁ ann.

32 Agus nuair ṫáinig Máire go dtí an áit ’n‐a raiḃ Íosa, do ċaiṫ sí í féin ag a ċosaiḃ, g‐á ráḋ leis, A Ṫiġearna, dá mbéiṫeá annso, ní ḃfaiġeaḋ mo ḋearḃráṫair bás.

33 Agus nuair do ċonnaic Íosa í ag caoineaḋ, agus na h‐Iúdaiġ ṫáinig i n‐éineaċt léi ag caoineaḋ, do ċorruiġ an spioraid ann, agus do ḃí sé buaiḋearṫa,

34 Agus aduḃairt sé, Cá ḃfuil sé curṫa agaiḃ? Aduḃradar leis, A Ṫiġearna, tar go ḃfeicfir.

35 Do ḃris a ġol ar Íosa.

36 Agus aduḃairt na h‐Iúdaiġ, Féaċ an cion do ḃí aige air!

37 Aċt do ḃí cuid aca aduḃairt, An fear so d’ḟoscail súile an daill, naċ mbéaḋ ar ċumas dó an duine so do ċosaint ar an mbás?

38 Agus táinig Íosa ċum an tuama, agus a spioraid ag corrú ann. Agus pluais ab eaḋ í, agus leac ar a béal.

39 Aduḃairt Íosa, Tógaiḋ an leac. Aduḃairt Marta, deirḃṡiúr an duine ṁairḃ, A Ṫiġearna, atá sé bréan fá’n am so: óir atá sé marḃ le ceiṫre lá.

40 Aduḃairt Íosa léi, Naċ nduḃras leat, má ċreideann tú, go ḃfeicfir glóir Dé?

41 Agus do ṫógadar an leac. Agus d’ḟéaċ Íosa i n‐áirde, agus aduḃairt, A Aṫair, do‐ḃeirim a ḃuiḋeaċas leat gur éistis liom.

42 Agus do ḃí a ḟios agam go n‐éisteann tú liom i gcóṁnaiḋe: aċt mar ġeall ar an sluaġ atá ’n‐a seasaṁ im’ ṫimċeall aduḃras é, ċum go gcreidfidís gur ċuiris uait mé.

43 Agus tar a éis dó sin a ráḋ, do ġlaoḋ sé de ġuṫ árd, A Lasaruis, tar amaċ.

44 Agus ṫáinig an duine marḃ amaċ, agus na ceangail báis ar láiṁ agus ar ċois air; agus do ḃí éadaċ ceangailte ar a aġaiḋ. Aduḃairt Íosa leo, Scaoiliḋ é, agus leigiḋ ċum siuḃail é.

45 Ar an aḋḃar sin, mórán de na h‐Iúdaiġ ṫáinig ċum Máire, agus do ċonnaic na neiṫe do‐rinne sé, do ċreideadar ann.

46 Aċt d’imṫiġ cuid aca ċum na ḃFairisíneaċ, agus d’inniseadar dóiḃ na neiṫe do ḃí déanta ag Íosa.

47 Annsin do ċruinniġ uaċtaráin na sagart agus na Fairisíniġ cóṁairle, agus aduḃradar, Créad atá le déanaṁ againn? Óir atá an fear so ag déanaṁ a lán míorḃal.

48 Má leigimíd dó ar an gcuma so, creidfiḋ gaċ uile ḋuine ann: agus tiocfaiḋ na Róṁánaiġ agus scriosfaiḋ siad ár n‐áit agus ár gcineaḋ.

49 Aċt aduḃairt duine aca darḃ ainm Cáiafas, do ḃí ’n‐a árd‐ṡagart an ḃliaḋain sin, Ní ṫuigeann siḃ aon niḋ ’n‐a ṫaoḃ,

50 agus ni ċuiṁniġeann siḃ go n‐oireann sé ḋaoiḃ go ḃfaiġeaḋ aon duine aṁáin bás ar son an ṗobail, agus naċ scriosfaiḋe an cineaḋ uile.

51 Aċt ní uaiḋ féin aduḃairt sé sin: aċt ó ḃí sé ’n‐a árd‐ṡagart an ḃliaḋain sin, do ṫairngir sé go raiḃ Íosa ċum bás d’ḟáġáil ar son an ċiniḋ;

52 Agus ní h‐aṁáin ar son an ċiniḋ, aċt go gcruinneoċaḋ sé i n‐aon ċineaḋ aṁáin clann Dé atá scaipṫe.

53 D’á ḃriġ sin, ó’n lá sin amaċ, do ċeapadar de ċóṁairle le ċéile a ċur ċum báis.

54 Uime sin níor ṡiuḃail Íosa go poibliḋe i measc na nIúdaċ ó’n am sin, aċt d’imṫiġ sé isteaċ sa tír atá i n‐aice an ḟásaiġ, go caṫair ar a dtugtar Efráim; agus d’ḟan sé annsin i ḃfoċair a ḋeisceabal.

55 Agus do ḃí cáisc na nIúdaċ i n‐aṫċomaireaċt: agus do ċuaiḋ mórán daoine ó’n dúṫaiġ sin suas go h‐Iarúsalem, g‐á nglanaḋ féin roiṁ an gcáisc.

56 Agus do ḃíodar ag lorg Íosa, agus iad ag cainnt le ċéile ’n‐a seasaṁ ḋóiḃ sa teampall, Créad ṁeasas siḃ? Naċ dtiocfaiḋ sé ċum na féile?

57 Agus do ḃí órdú tugṫa ag uaċtaránaiḃ na sagart agus ag na Fairisíneaċaiḃ, dá mb’ eol d’aoinneaċ cá raiḃ sé, a innsin, go ngaḃfaidís é.

First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1951.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan