Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

Eoin 10 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

1 Go fírinneaċ, adeirim liḃ, an té naċ dtagann an doras isteaċ i gcró na gcaoraċ, aċt ḋreapuiġeas suas ar ḃealaċ eile, biṫeaṁnaċ agus gadaiḋe is eaḋ é.

2 Aċt an té ṫagas isteaċ an doras is é aoḋaire na gcaoraċ é.

3 Is dó‐san ḟosclas an geatóir; agus airiġeann na caoiriġ a ġlór: agus glaoḋann sé as a n‐ainm ar a ċaoiriḃ féin, agus seolann sé amaċ iad.

4 Agus nuair ḃíos a ṫréad uile seolta amaċ aige, siuḃlann sé rómpa, agus leanann na caoiriġ é: óir aiṫniġeann siad a ġlór.

5 Aċt ní leanfaiḋ siad coiṁiġṫeaċ, aċt teiċfiḋ siad uaiḋ: óir ní aiṫniġeann siad glór na gcoiṁiġṫeaċ.

6 Do laḃair Íosa an tsaṁlaoid sin leo: aċt níor ṫuigeadar na briaṫra aduḃairt sé leo.

7 Annsin aduḃairt Íosa leo arís, Go fírinneaċ adeirim liḃ, Is mise doras na gcaoraċ.

8 Gaċ a dtáinig róṁam is gadaiḋṫe agus biṫeaṁnaiġ iad: aċt níor airiġ na caoiriġ iad.

9 Is mise an doras: cibé ṫagas isteaċ tríom‐sa, slánóċar é, agus raċaiḋ sé isteaċ agus amaċ, agus do‐ġeoḃaiḋ sé inḃear.

10 Ní ṫagann an gadaiḋe aċt ċum ḃeiṫ ag goid, agus ag marḃaḋ, agus ag slad: ṫáinig mise ċum go mbéaḋ beaṫa aca, agus go mbéaḋ sí go fairsing aca.

11 Is mise an t‐aoḋaire maiṫ: do‐ḃeir an t‐aoḋaire maiṫ a anam ar son na gcaoraċ.

12 Aċt an fear tuarastail, naċ aoḋaire é, agus naċ leis féin na caoiriġ, do‐ċí sé an mac tíre ag teaċt, agus fágann sé na caoiriġ, agus teiċeann sé, agus sciobann an mac tíre iad, agus scaipeann sé iad:

13 óir ní ḟuil ann aċt fear tuarastail, agus ní ċuireann sé spéis ins na caoiriḃ.

14 Is mise an t‐aoḋaire maiṫ; agus aiṫniġim mo ċuid féin, agus aiṫniġeann mo ċuid féin mé,

15 fá mar aiṫniġeann an t‐Aṫair mé, agus aiṫniġim‐se an t‐Aṫair; agus do‐ḃeirim m’anam ar son na gcaoraċ.

16 Agus atá caoiriġ eile agam, naċ mbaineann leis an gcró so: ní mór dom iadsan ṫaḃairt, leis, agus éistfiḋ siad lem’ ġlór; agus béiḋ aon ċró agus aon aoḋaire aṁáin ann.

17 Ar an aḋḃar sin atá gráḋ ag an Aṫair ḋom, de ċionn go ḃfuilim ag taḃairt m’anma, ċum go nglacfainn ċugam é arís.

18 Ní ḟuil aon duine g‐á ṫógáil uaim, aċt is uaim féin atáim g‐á ṫaḃairt uaim. Atá ar ċumas dom a ṫaḃairt uaim, agus atá ar ċumas dom a ġlacaḋ ċugam arís. Mar sin do ċuir m’Aṫair de ḋualgas orm.

19 D’éiriġ conspóid arís i measc na nIúdaċ mar ġeall ar na briaṫraiḃ sin.

20 Agus aduḃairt mórán aca, Atá deaṁan ann, agus is ar buile atá sé; cad ċuige ḋaoiḃ ḃeiṫ ag éisteaċt leis?

21 Agus ḃí tuilleaḋ aca aduḃairt, Ní briaṫra duine go ḃfuil deaṁan ann iad sin. An ḃféadfaḋ deaṁan súile na ndall d’ḟoscailt?

22 Agus do ḃí féile na toirḃirte i nIarúsalem: an geiṁreaḋ do ḃí ann;

23 agus ḃí Íosa ag siuḃal sa teampall i bpóirse Ṡolaiṁ.

24 Agus do ċruinniġ na h‐Iúdaiġ ’n‐a ṫimċeall, agus aduḃradar leis, Cá ḟad an mbeiḋmíd idir an dá ċóṁairle agat? Má’s tú an Críost, innis dúinn é go cruinn díreaċ.

25 D’ḟreagair Íosa ḋóiḃ, D’inniseas daoiḃ é, agus ní ċreideann siḃ: na h‐oibreaċa do‐ġním i n‐ainm m’Aṫar, do‐ġní siad sin fiaḋnaise ḋom.

26 Aċt ní ċreideann siḃ‐se, mar ní dem’ ċaoiriḃ‐se siḃ.

27 Éisteann mo ċaoiriġ‐se lem’ ġlóir, agus aiṫniġim‐se iad, agus leanann siad mé:

28 agus do‐ḃeirim an ḃeaṫa ṡíorraiḋe ḋóiḃ; agus ní caillfear iad go deoiḋ, agus ní ḟuadóċaiḋ aoinneaċ as mo láiṁ iad.

29 An t‐Aṫair ṫug dom iad, is mó é ’ná gaċ rud; agus ní ḟéadann aoinneaċ iad d’ḟuadaċ as láiṁ an Aṫar.

30 Is aon mise agus an t‐Aṫair.

31 Do ṫóg na h‐Iúdaiġ cloċa arís le n‐a gcaiṫeaṁ leis.

32 D’ḟreagair Íosa ḋóiḃ, Is iomḋa deaġ‐obair ó’n Aṫair do ṫaisbeánas daoiḃ; cia aca obair ḋíoḃ go ḃfuil siḃ ag gaḃáil de ċloċaiḃ orm mar ġeall air?

33 D’ḟreagair na h‐Iúdaiġ, Ní mar ġeall ar aon deaġ‐obair atáimíd ag gaḃáil de ċloċaiḃ ort, aċt mar ġeall ar ḋiaṁasla, agus go ḃfuilir‐se, agus gan ionnat aċt duine, ag déanaṁ Dé ḋíot féin.

34 D’ḟreagair Íosa ḋóiḃ, Naċ ḃfuil scríoḃṫa ’n‐ḃúr ndliġe, Aduḃras, Is déiṫe siḃ?

35 Má duḃairt sé gur déiṫe iad‐san, go dtáinig briaṫar Dé ċuca (agus ní féidir an scrioptúir do ċur ar neaṁ‐niḋ),

36 an té do ċoisric an t‐Aṫair agus do ċuir sé uaiḋ ar an saoġal, an n‐abrann siḃ‐se leis, Táir ag diaṁaslaḋ; toisc go nduḃras, Is mise Mac Dé?

37 Muna ndéanaim oibreaċa m’Aṫar, ná creidiḋ mé.

38 Aċt má ġním iad, muna gcreideann siḃ mise, creidiḋ na h‐oibreaċa: ionnas go mbéiḋ a ḟios agaiḃ agus go dtuigfiḋ siḃ go ḃfuil an t‐Aṫair ionnam‐sa, agus go ḃfuilim‐se san Aṫair.

39 D’iarradar breiṫ air arís: agus d’éaluiġ sé as a láṁaiḃ.

40 Agus d’imṫiġ sé arís ṫar Iórnán anonn go dtí an áit ’n‐a raiḃ Eoin ag baisteaḋ ar dtús; agus d’ḟan sé annsin.

41 Agus ṫáinig a lán daoine ċuige; agus aduḃradar, Ní ḋearna Eoin míorḃail ar biṫ: aċt gaċ a nduḃairt Eoin i dtaoḃ an ḟir seo, do b’ḟíor é.

42 Agus do ḃí mórán annsin do ċreid ann.

First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1951.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan