Eoin 1 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)1 Ar dtús do ḃí an Briaṫar ann, agus ḃí an Briaṫar i ḃfoċair Dé, agus do b’é Dia an briaṫar. 2 Do ḃí sé ar dtús i ḃfoċair Dé. 3 Is tríd‐sean do rinneaḋ an uile niḋ, agus ’na éagmais‐sean ní dearnaḋ éinniḋ d’á ḃfuil ann. 4 Is ann do ḃí an ḃeaṫa, agus do b’é solas na ndaoine an ḃeaṫa. 5 Agus lonnruiġeann an solas san dorċadas; agus níor ṡáruiġ an dorċadas é. 6 Do ḃí fear ann do cuireaḋ ó Ḋia, darḃ ainm Eoin. 7 Ṫáinig seisean mar ḟiaḋnaise, ċum go ndéanfaḋ sé fiaḋnaise i dtaoḃ an tsolais, ċum go gcreidfeaḋ gaċ aoinneaċ tríd. 8 Níorḃ é féin an solas, aċt ṫáinig sé ċum go ndéanfaḋ sé fiaḋnaise i dtaoḃ an tsolais. 9 Do b’é sin an fíor‐ṡolas ṡoillsiġeas gaċ uile ḋuine, ag teaċt ar an saoġal. 10 Do ḃí sé ar an saoġal, agus is tríd do‐rinneaḋ an saoġal, agus níor aiṫin an saoġal é. 11 Is ċum a ċoda féin a ṫáinig sé, agus níor ġlac a ṁuinntear féin leis. 12 Aċt an méid do ġlac leis, ṫug sé mar ċeart dóiḃ ḃeiṫ ’n‐a gclainn do Ḋia, dóiḃ‐sean ċreideas ’n‐a ainm: 13 naċ ó’n ḃfuil, ná ó ṫoil na colna, ná ó ṫoil duine do geineaḋ iad, aċt ó Ḋia. 14 Agus do‐rinneaḋ colann de’n Ḃriaṫar, agus do ċóṁnuiġ sé ’n‐ár measc (agus do ċonnacamar a ġlóir, aṁail glóir Aon‐Ṁic an Aṫar), lán de ġrás agus d’ḟírinne. 15 Do‐ḃeir Eoin fiaḋnaise ’n‐a ṫaoḃ agus glaoḋann sé, g‐á ráḋ, Is é seo an té go nduḃras ’n‐a ṫaoḃ, An té atá ag teaċt im’ ḋiaiḋ, do cuireaḋ róṁam é, óir ḃí sé ann róṁam. 16 Óir is as a líonṁaire do ġlacamar uile, agus grás ar ġrás. 17 Óir tugaḋ an reaċt tré Ṁaois, aċt ṫáinig grás agus fírinne tré Íosa Críost. 18 Ní ḟaca aoinneaċ Dia ariaṁ; an t‐Aon‐Ṁac atá i n‐uċt an Aṫar, do b’é d’ḟoillsiġ é. 19 Agus is í seo fiaḋnaise Eoin, nuair do ċuir na h‐iúdaiġ sagairt agus Leḃítiġ ó Iarúsalem ċuige g‐á ḟiafruiġe ḋe, Cia h‐é ṫusa? 20 Agus d’adṁuiġ sé, agus níor ṡéan sé; agus d’adṁuiġ sé, Ní mise an Críost? 21 Agus d’ḟiafruiġeadar de, Cia h‐é ṫusa, má’s eaḋ? An tú Élias? Aduḃairt seisean, Ní mé. An tusa an fáiḋ? Agus d’ḟreagair seisean, Ní mé. 22 Aduḃradar leis, d’á ḃriġ sin, Cia h‐é ṫú? ionnas go dtiuḃraimís freagra ḋóiḃ‐sean do ċuir uaṫa sinn. Cad adeirir id’ ṫaoḃ féin? 23 Aduḃairt seisean, Is mise guṫ an té ġlaoḋas sa ḃfásaċ, Déanaiḋ sliġe an Tiġearna díreaċ, mar aduḃairt Ésáias fáiḋ. 24 Agus dream de na Fairisíneaċaiḃ ab eaḋ iad‐san do cuireaḋ. 25 Agus do ċeistiġeadar é, agus aduḃradar leis, Cad ċuige a ndéanann tú baisteaḋ, mar sin, muna tusa an Críost, nó Élias, nó an fáiḋ? 26 D’ḟreagair Eoin dóiḃ, g‐á ráḋ, Do‐ġním‐se baisteaḋ i n‐uisce: aċt atá ’n‐a ṡeasaṁ ’n‐ḃúr measc duine naċ aiṫnid daoiḃ, 27 an té atá ag teaċt im’ ḋiaiḋ‐se, naċ fiú mise oiread agus iall a ḃróige do scaoileaḋ. 28 Ṫarla an méid sin i mBétánia ar an taoḃ ṫall de Iórnán, mar a raiḃ Eoin ag baisteaḋ. 29 An lá ’n‐a ḋiaiḋ sin do ċonnaic sé Íosa ag teaċt ċuige, agus aduḃairt sé, Féaċ Uan Dé ṫógas peacaḋ an doṁain! 30 Is é sin an té go nduḃras ’n‐a ṫaoḃ, Atá ag teaċt im’ ḋiaiḋ fear do cuireaḋ róṁam, óir do ḃí sé ann róṁam. 31 Agus níor aiṫniġeas‐sa é; aċt is ċuige seo ṫáinig‐mé ag baisteaḋ i n‐uisce ċum go ḃfoillseoċaiḋe d’Israel é. 32 Agus ṫug Eoin fiaḋnaise, g‐á ráḋ, Do ċonnacas an Spiorad ag teaċt ó neaṁ anuas i rioċt cuilm; agus d’ḟan sé air. 33 Agus níor aiṫniġeas‐sa é: aċt an té do ċuir uaiḋ mé ag baisteaḋ le h‐uisce, aduḃairt sé liom, An té go ḃfeicfir an Spiorad ag tuirling air, agus ag fanaṁain air, is é sin an té ḃaisteas leis an Spiorad Naoṁ. 34 Agus do ċonnacas, agus ṫugas fiaḋnaise gur ab é Mac Dé é seo. 35 Arís, lá ar n‐a ḃáraċ, do ḃí Eoin ’n‐a ṡeasaṁ i n‐éinḟeaċt le beirt d’á ḋeisceablaiḃ: 36 agus d’ḟéaċ sé ar Íosa do ḃí ag dul ṫart, agus aduḃairt sé. Féaċ Uan Dé! 37 Agus do‐ċuala an ḃeirt deisceabal é ag laḃairt, agus do leanadar Íosa. 38 Agus d’iompuiġ Íosa, agus do ċonnaic sé iad g‐á leanaṁain, agus aduḃairt sé leo, Créad atá uaiḃ? Agus duḃradar‐san leis, A Rabbí (is é sin le ráḋ, A Ṁáiġistir), cá gcóṁnuiġeann tú? 39 Aduḃairt sé leo, Tagaiḋ, agus do‐ċífiḋ siḃ. Ṫángadar, mar sin, agus do ċonnacadar an áit ’n‐a raiḃ sé ’n‐a ċóṁnaiḋe; agus d’ḟanadar ’n‐a ḟoċair an lá sin: do ḃí sé tuairim na deiċeaṁaḋ h‐uaire. 40 Duine de’n ḃeirt do ḃí ag éisteaċt le h‐Eoin, agus do lean Íosa, ab eaḋ Aindrias, dearḃráṫair Ṡíomóin Peadar. 41 Fuair seisean ar dtús a ḋearḃráṫair féin, Síomón, agus aduḃairt sé leis, Fuaramar an Messias (is é sin le ráḋ, an Críost). 42 Agus ṫug sé leis é ċum Íosa. D’ḟéaċ Íosa air, agus aduḃairt sé, Is tusa Síomón mac Eoin: goirfear díot Céfas (is é sin le ráḋ, Peadar, nó Carraig). 43 Ba ṁian leis, lá ar n‐a ḃáraċ, dul go dtí an Ġalilé, agus fuair sé Pilib: agus aduḃairt Íosa leis, Lean mise. 44 Agus as Bétsáida, caṫair Aindriais agus Ṗeadair, ab eaḋ Pilib. 45 Fuair Pilib Natanaél, agus aduḃairt sé leis, Fuaramar an té úd ar ar scríoḃ Maois sa reaċt, agus na fáiḋe, Íosa Nasarḋa, mac Ṡeosaiṁ. 46 Agus aduḃairt Natanaél leis, An féidir aon niḋ maiṫ do ṫeaċt ó Nasair? Aduḃairt Pilib leis, Tar go ḃfeiciḋ tú. 47 Do ċonnaic Íosa Natanaél ag teaċt ċuige, agus aduḃairt sé leis, Féaċ an t‐Israelíteaċ fíor naċ ḃfuil aon ċealg ann! 48 Aduḃairt Natanaél leis, Cionnas aiṫniġeas tú mé? D’ḟreagair Íosa agus aduḃairt sé leis, Sarar ġlaoḋ Pilib ort, an tráṫ ’n‐a raiḃ tú fá’n gcrann fige, do ċonnacas ṫú. 49 D’ḟreagair Natanaél agus aduḃairt sé, A Rabbí, is tusa Mac Dé; is tusa Rí Israel. 50 D’ḟreagair Íosa agus aduḃairt sé leis, De ḃriġ go nduḃras leat, Do ċonnacas fá’n gcrann fige ṫú, an gcreideann tú? do ċífir neiṫe is mó ’ná sin. 51 Agus aduḃairt sé leis, Go fírinneaċ adeirim leat, Do ċífiḋ siḃ na flaiṫis ar ḟoscailt, agus aingil Dé ag dul suas agus ag teaċt anuas ar Ṁac an Duine. |
First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1951.
British & Foreign Bible Society