Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

Ccolossianaċ 4 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

1 agus ní ḟuil meas ar ṗearsain duine seaċas a ċéile. A ṁáiġistreaċa, taḃraiḋ a gceart agus a gcoṁṫrom féin do ḃur seirḃíseaċaiḃ, agus a ḟios agaiḃ go ḃfuil Máiġistir agaiḃ féin ar neaṁ, leis.

2 Leanaiḋ go buan de’n urnaiġe, agus biḋiḋ go h‐aireaċ innti,

3 le breiṫ buiḋeaċais; ag guiḋe orainne ar an am céadna, go ḃfosclóċaiḋ Dia doras do’n ḃriaṫar dúinn, ċum rúindiaṁair Ċríost, go ḃfuilim‐se i gcuiḃreaċaiḃ ar a son, d’innsin;

4 ċum go ḃfoillseoċad é, mar ba ċeart dom laḃairt.

5 Siuḃlaiḋ go stuamḋa i dtaoḃ na ndaoine atá lasmuiġ, ag baint tairḃe as an uain.

6 Bíoḋ salann an ġrása mar ḃlás ar ḃur gcainnt, ċum go mb’ eol daoiḃ freagra do ṫaḃairt do gaċ aoinneaċ.

7 Tiċicus, bráṫair ionṁain, agus ministir dílis, agus cóiṁṡeirḃíseaċ san Tiġearna, ḃéarfaiḋ seisean scéala ḋaoiḃ fám’ ġnóṫaiḃ.

8 Ċuige sin is eaḋ do ċuireas ċugaiḃ é, ċum go mbéiḋ a ḟios agaiḃ cionnas mar tá an saoġal againn, agus go dtiuḃraiḋ sé sólás croiḋe ḋaoiḃ;

9 mar aon le hOnésimus, bráṫair dílis, ionṁain, duine ḋíḃ féin. Ḃéarfaiḋ siad‐san fios scéil daoiḃ i dtaoḃ gaċ a ḃfuil d’á ḋéanaṁ agam.

10 Beannuiġeann Aristárċus, cóṁ‐ṗríosúnaċ liom, beannuiġeann seisean daoiḃ, mar aon le Marcus, col ceaṫair Ḃarnabais (go ḃfuair siḃ órduiġṫe ’n‐a ṫaoḃ;

11 má ṫagann sé ċugaiḃ, glacaiḋ leis), agus Iésus, go dtugtar Iustus mar ainm air; beirt de luċt an timċeall‐ġearrṫa iad‐san: is iad‐san aṁáin do ḃí ’n‐a gcóṁ‐oibriḋṫiḃ i n‐éinḟeaċt liom ar son ríoġaċta Dé, fir do ḃí mar ṡólás croiḋe ḋom.

12 Epafras, duine ḋíḃ féin, seirḃíseaċ Íosa Críost, beannuiġeann seisean daoiḃ, agus é ag spairn gan stad ’n‐a urnaiġṫiḃ ar ḃur son, g‐á ġuiḋe go seasfaiḋ siḃ go diongḃálta, lán‐dearḃṫa de ṫoil Dé.

13 Óir do‐ḃeirim m’ḟiaḋnaise ’n‐a ṫaoḃ go mbíonn sé ag saoṫrú go dian ar ḃur son‐sa, agus ar son a ḃfuil i Laodicia, agus ar son a ḃfuil i Hiéropolis.

14 Beannuiġeann Lúcás, liaiġ gráḋaċ, agus Démas daoiḃ.

15 Beiriḋ beannaċt ċum na mbráṫar atá i Laodicia, agus ċum Nimfa, agus ċum na h‐eaglaise atá ’n‐a tiġ.

16 Agus nuair ḃéas an eipistil seo léiġte ’n‐ḃur measc féin daoiḃ, cuiriḋ d’á léiġeaṁ í i n‐eaglais na Laodiciaċ leis; agus léiġiḋ‐se an eipistil ó Laodicia mar an gcéadna.

17 Agus abraiḋ le hArċippus, Taḃair aire do’n ṁiniostrálaċt fuairis ó’n Tiġearna, ċum go gcóiṁlíonfair í.

18 Mo ḃeannaċt uaim‐se Pól, lem’ láiṁ féin. Cuiṁniġiḋ ar mo ċuiḃreaċaiḃ. Grása go raiḃ liḃ.

First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1951.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan