Ccolossianaċ 3 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)1 Uime sin, má tá siḃ aiséirġṫe i n‐éinḟeaċt le Críost, loirgiḋ na neiṫe atá ṫuas mar a ḃfuil Críost ’n‐a ṡuiḋe ar ḋeaslaiṁ Dé. 2 Cuiriḋ ḃur ndúil ins na neiṫiḃ atá ṫuas, ní ins na neiṫiḃ atá ar talaṁ. 3 Óir d’éagaḃar, agus atá ḃur mbeaṫa foluiġṫe mar aon le Críost i nDia. 4 Nuair foillseoċar Críost, ár mbeaṫa‐na, foillseoċar siḃ‐se, ċóṁ maiṫ, mar aon leis i nglóir an t‐am sin. 5 Uime sin marḃuiġiḋ ḃur mbaill atá ar talaṁ; striapaċas, neaṁ‐ġlaine, ainṁianta, droċ‐ċlaonta, agus sainnt — íoḋal‐aḋraḋ is eaḋ í; 6 óir is de ḋeascaiḃ a leiṫéidí sin ṫig díḃeirg Dé ar ċlainn na h‐easuṁlaċta; 7 ’n‐ár ṡiuḃail siḃ‐se roiṁe seo, an tráṫ ’n‐a raiḃ siḃ ag caiṫeaṁ ḃur saoġail ins na neiṫiḃ úd. 8 Aċt anois cuiriḋ uaiḃ na neiṫe seo go léir, leis; fearg, buirbe, droċ‐rún, bíodán, droċ‐ċainnt as ḃur mbéal. 9 Ná laḃraiḋ bréag le ċéile; ó tá an seanduine agus a ġníoṁarṫa curṫa ḋíḃ agaiḃ, 10 agus ó tá an nua‐ḋuine curṫa umaiḃ agaiḃ, agus é d’á aṫnuaḋaḋ i n‐eolas do réir íoṁáiġe an té do ċruṫuiġ é. 11 Ní ḟuil Gréagaċ ná Iúdaċ ann, ní ḟuil timċeall‐ġearraḋ ná neaṁ‐ṫimċeall‐ġearraḋ, barbaraċ, Scitiḋeaċ, daor ná saor ann, aċt is é Críost an t‐iomlán, agus é san iomlán. 12 D’á ḃriġ sin, mar ḋéanfaḋ clann toġṫa Dé, naoṁṫa agus ionṁain, cuiriḋ umaiḃ croiḋe trócaire, muinntearas, uṁlaċt, macántaċt, fad‐ḟulang; 13 ag foiḋneaṁ le ċéile, agus ag maiṫeaṁ d’á ċéile, má ḃíonn cúis ar biṫ ag aoinneaċ ar ḋuine eile; fá mar ṫug Críost maiṫeaṁnas daoiḃ‐se, 14 déanaiḋ‐se mar an gcéadna: agus ṫar gaċ niḋ eile, cuiriḋ umaiḃ an gráḋ, óir is é snaiḋm na ndeaġ‐ṡuḃáilce é. 15 Agus síoṫċáin Ċríost, ċum ar glaoḋaḋ siḃ i n‐aon ċorp aṁáin, bíoḋ sí ag riaġlú ’n‐ḃur gcroiḋeaċaiḃ; agus biḋiḋ buiḋeaċ. 16 Déanaḋ briaṫar Críost cóṁnaiḋe go fairsing san uile eagna ionnaiḃ; ag múineaḋ agus ag spreagaḋ a ċéile le salmaiḃ, agus le h‐iomnaiḃ, agus le dántaiḃ spioradálta, ag cantaireaċt do Ḋia le grása ’n‐ḃur gcroiḋeaċaiḃ. 17 Agus cibé niḋ do‐ġní siḃ, i mbriaṫar béil nó i ngníoṁ, déanaiḋ an uile niḋ i n‐ainm an Tiġearna Íosa, ag taḃairt buiḋeaċais do Ḋia tríd. 18 A ṁná, biḋiḋ uṁal do ḃur ḃfearaiḃ, mar is cóir san Tiġearna. 19 A ḟeara, taḃraiḋ gráḋ do ḃur mnáiḃ, agus ná biḋiḋ searḃ ’n‐a n‐aġaiḋ. 20 A ċlann ó, biḋiḋ uṁal do ḃur n‐aiṫreaċaiḃ agus do ḃur máiṫreaċaiḃ san uile niḋ, óir taiṫneann sin leis an Tiġearna. 21 A aiṫreaċa, ná brostuiġiḋ ḃur gclann ċum feirge, ar eagla mí‐ṁeisneaċ do ċur orṫa. 22 A ṡeirḃíseaċa, biḋiḋ uṁal do ḃur máiġistriḃ do réir na feola, ní le súil‐ṡeirḃís, mar ḃéaḋ siḃ d’iarraiḋ daoine do ṡásaṁ, aċt le deaġ‐ṫoil croiḋe, 23 i n‐eagla an Tiġearna: cibé nid do‐ġní siḃ déanaiḋ ó’n anam é, mar ḋéanfaḋ siḃ do’n Tiġearna, 24 agus ní do ḋaoiniḃ é; agus a ḟios agaiḃ go ḃfaiġiḋ siḃ an oiḋreaċt mar luaiġeaċt ó’n Tiġearna: is do’n Tiġearna Críost atá siḃ ag déanaṁ seirḃíse. 25 Óir an té do‐ġní an éagcóir, cúiteoċar leis do réir na h‐éagcóra atá déanta aige, |
First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1951.
British & Foreign Bible Society