Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

Ccolossianaċ 2 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

1 Óir ba ṁian liom a ċur i ḃfios daoiḃ a ḋéine is tá an troid atá d’á déanaṁ agam ar ḃur son‐sa, agus ar son muinntire Laodicia, agus ar son na ndaoine uile naċ ḃfaca mo ġnúis san ḃfeoil;

2 ċum go neartóċar a gcroiḋeaċa, ċum go ndlúṫóċar iad le ċéile i ngráḋ, agus go mbéiḋ gaċ saiḋḃreas aca maidir le lán‐dearḃṫaċt tuigseana, ċum go ḃfaiġiḋ siad eolas ar rúindiaṁair Dé, is é sin Críost,

3 ’n‐a ḃfuil gaċ ionnṁas eagna agus eolais i ḃfolaċ.

4 Adeirim an méid seo ar eagla go meallfaḋ aoinneaċ le clisteaċt cainnte siḃ.

5 Óir, giḋ go ḃfuilim as láṫair san gcolainn, atáim ’n‐ḃur láṫair san spiorad, ag déanaṁ gáirdeaċais agus ag breaṫnú an eagair atá oraiḃ, agus ag breaṫnú seasṁaċta ḃur gcreidiṁ i gCríost.

6 Uime sin, ó ġlacaḃar Íosa Críost mar Ṫiġearna ċugaiḃ,

7 siuḃlaiḋ ann d’á réir, siḃ fréaṁuiġṫe agus daingniġṫe ann, fá mar tugaḋ teagasc daoiḃ, ag dul i méid ann le lán‐ḃuiḋeaċas.

8 Seaċnaiḋ an meallfaḋ aoinneaċ le n‐a ḟeallsaṁnaċt agus le n‐a ḃaoṫ‐ṫeagasc siḃ, do réir béaloidis daoine, do réir dúla an doṁain, agus ní do réir Ċríost:

9 óir is ann go corporḋa atá iomláine na Diaḋaċta ar fad,

10 agus is ann atá gaċ niḋ go h‐iomlán agaiḃ‐se, san té is árd‐ċeann ar gaċ flaiṫeas agus ar gaċ cuṁaċt,

11 ’n‐ár timċeall‐ġearraḋ siḃ le timċeall‐ġearraḋ naċ ndearnaḋ le láṁaiḃ, leis an timċeall‐ġearraḋ atá i gCríost, ag cur cuirp na feola ḋíḃ; ó h‐aḋnaċaḋ siḃ mar aon leis san mbaisteaḋ,

12 atá siḃ aiṫḃeoḋuiġṫe mar aon leis tré ċreideaṁ i gcuṁaċt Dé do ṫóg ó na marḃaiḃ é.

13 Agus siḃ‐se do ḃí marḃ de ḋeascaiḃ ḃur gcionnta agus tré neaṁ‐ṫimċeall‐ġearraḋ ḃur ḃfeola, d’aiṫḃeoḋuiġ sé i n‐éinḟeaċt leisean siḃ, tar a éis dó ár gcionntaí uile do ṁaiṫeaṁ ḋúinn.

14 Do ċuir sé deireaḋ leis an mbanna atá scríoḃṫa i reaċtaiḃ ’n‐ár gcoinniḃ, do ḃí contrárḋa ḋúinn; agus do ġlan sé as an sliġe é,

15 g‐á ṫáirngneáil do’n ċrois; ag cur na ḃflaiṫeas agus na gcuṁaċt de, do rinne sé sompla saoġalta ḋíoḃ, ag buaḋaċtain orṫa d’á bárr.

16 Ná leigiḋ d’aon duine ḃeiṫ ’n‐a ḃreiṫeaṁ oraiḃ fá ḃiaḋ, nó fá ḋiġ, nó fá lá féile, nó fá ġealaiġ úir,

17 nó fá lá sabóide: ní ḟuil ionnta siúd aċt scáil na neiṫe atá le teaċt; aċt is é Críost an bunaḋas.

18 Ná leigiḋ d’aon duine ḃur luaiġeaċt do ṁeallaḋ uaiḃ, g‐á ṡásaṁ féin fá scáṫ uṁlaċta ḋá deoin féin agus le h‐aḋraḋ do ṫaḃairt d’aingliḃ, ag seasaṁ ar a ḃfaca se, agus é d’á ṫeannaḋ le h‐uaḃar ag a céadfaiḋiḃ colnaiḋe féin,

19 gan greim do ċoiṁeád ar an gCeann, ó n‐a méaduiġeann an corp uile le fás ó Ḋia, agus é d’á ċoṫú agus d’á ṡnaiḋmeaḋ le ċéile le h‐altaiḃ agus le lúiṫeaċaiḃ.

20 Má’s fíor go ḃfuil siḃ básuiġṫe i n‐éinḟeaċt le Críost ó ḋúlaiḃ an doṁain, cad ċuige ḋaoiḃ géilleaḋ do reaċtaiḃ mar ḋéanfaḋ daoine ṁaireas san tsaoġal so.

21 Ná láiṁsiġ é, ná blais é,

22 ná bain leis, (neiṫe iad so uile ḃíos gan feiḋm tar éis úsáid do ḋéanaṁ ḋíoḃ), do réir aiṫeanta agus teagaisc daoine.

23 Is fíor go ḃfuil cuma eagnaiḋeaċta ar na neiṫiḃ sin ċum aḋraḋ deontaċ, agus uṁlaċt, agus smaċt ar an gcorp do ċur i gcéill; aċt ní ḟuil aon éifeaċt ionnta ċum cosc do ċur le h‐ainṁiantaiḃ na feola.

First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1951.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan