Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

Ḃfilippiánaċ 4 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

1 Uime sin, a ḃráiṫre ionṁaine ’n‐a ḃfuil dúil mo ċroiḋe, agus atá mar ḃród agus mar ċoróin agam, seasaiḋ go daingean san Tiġearna, a ċáirde dílse.

2 Impiḋim ar Eúódia, agus impiḋim ar Ṡuntiċe, ḃeiṫ ar aon intinn san Tiġearna.

3 Agus impiḋim ort‐sa, a ċomrádaiḋe ḋil, congnaṁ do ṫaḃairt do na mnáiḃ úd, óir do ṡaoṫruiġeadar san tsoiscéal i n‐éinḟeaċt liom‐sa, i n‐éinḟeaċt le Clément, leis, agus leis an gcuid eile dem’ ċóṁ‐oibriġṫeoiriḃ, go ḃfuil a n‐ainmneaċa ṫíos i leaḃar na beaṫaḋ.

4 Déanaiḋ gáirdeaċas san Tiġearna i gcóṁnaiḋe: adéarfad arís é, Déanaiḋ gáirdeaċas.

5 Bíoḋ ḃur gcaoiṁe soiléir do’n uile ḋuine. Atá an Tiġearna i gcóṁgar.

6 Ná bíoḋ imniḋe oraiḃ fá rud ar biṫ: aċt san uile niḋ cuiriḋ ḃur n‐iarrataisí i n‐uṁail do Ḋia le h‐urnaiġe, agus le h‐aṫċuinġe, agus le breiṫ buiḋeaċais.

7 Agus síoṫċáin Dé ṡáruiġeas gaċ tuigsin, coiṁeádfaiḋ sí ḃur gcroiḋeaċa agus ḃur smaointe i nÍosa Críost.

8 I ndeireaḋ scéil, a ḃráiṫre, gaċ a ḃfuil fíor, gaċ a ḃfuil uasal, gaċ a ḃfuil glan, gaċ a ḃfuil ’n‐a ḋíol gráḋa, gaċ a ḃfuil fá ḋeaġ‐ċlú; gaċ suḃáilce, gaċ éinniḋ atá ionṁolta, gur ab orṫa sin ḃéas siḃ ag smaoineaḋ.

9 Na neiṫe d’ḟoġlaim siḃ, agus do ċuala siḃ, agus do ċonnaic siḃ ḃeiṫ ionnam‐sa, cleaċtuiġiḋ‐se na neiṫe sin: agus béiḋ Dia na síoṫċána liḃ.

10 Aċt do‐ġním gáirdeaċas mór san Tiġearna, de ḃriġ gur aiṫḃeoḋuiġ siḃ anois ar deireaḋ ḃur gcúram im’ ṫaoḃ‐sa: is fíor go raiḃ siḃ cúramaċ, aċt do ṫeastuiġ faill uaiḃ ċuige.

11 Ní h‐é go ḃfuilim ag laḃairt mar ḃéinn fá easbaiḋ: óir d’ḟoġlaimeas cionnas fanaṁain sásta, is cuma cia an staid ’n‐a mbím.

12 Is eol dom cionnas ḃeiṫ úiríseal, agus ḃeiṫ ar mo lánṁian: ar gaċ sliġe agus san uile niḋ d’ḟoġlaimeas cionnas ḃeiṫ sáiṫeaċ, agus cionnas ḃeiṫ ocraċ, cionnas ḃeiṫ i ḃflúirse, agus cionnas ḃeiṫ i ngátar.

13 Ní ḟuil niḋ naċ dtig liom a ḋéanaṁ le cumas an té neartuiġeas mé.

14 Cia ar biṫ e, is maiṫ do rinne siḃ é, go raiḃ siḃ páirteaċ liom im’ anró.

15 Agus atá a ḟios agaiḃ féin, a Ḟilipíneaċa, nuair d’imṫiġeas ó’n Maiceadóin, agus an soiscéal ’n‐a ṫús, naċ ndeaċaiḋ eaglais ar biṫ i bpáirt liom fá ḃronnaḋ agus fá ġlacaḋ,

16 aċt siḃ‐se aṁáin; óir i dTesaloníca féin dom do ċuir siḃ congnaṁ ċugam uair nó dó le h‐aġaiḋ mo riaċtanais.

17 Ní h‐é go ḃfuilim ag éileaṁ aon ḃronntanais; aċt gur ab aṁlaiḋ atáim ar lorg an torṫa raċas cum creideaṁna ḋaoiḃ.

18 Atá gaċ niḋ go h‐iomadaṁail agam: atá mo lán‐dóṫain agam, óir na neiṫe ṫáinig uaiḃ‐se, atá mar ḃolaḋ deaġ‐ċuṁra, íoḋbairt ionġlacṫa, taiṫneaṁaċ ag Dia, fuaras ó Epafróditus iad.

19 Agus soláṫróċaiḋ Dia gaċ a ḃfuil i n‐easnaṁ oraiḃ do réir a raċmais i nÍosa Críost.

20 Anois glóir do Ḋia agus d’ár nAṫair go saoġal na saoġal. Amen.

21 Beannuiġiḋ do gaċ naoṁ i nÍosa Críost. Na bráiṫre ata im’ ḟoċair, beannuiġeann siad daoiḃ.

22 Beannuiġeann na naoiṁ go léir daoiḃ, iad‐san go mórṁór ḃaineas le luċt tiġe Ċéasair.

23 Grása an Tiġearna Íosa Críost go raiḃ le n‐ḃur spiorad.

First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1951.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan