Ḃfilippiánaċ 3 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)1 I ndeireaḋ scéil, a ḃráiṫre, déanaiḋ gáirdeaċas san Tiġearna. Ní ḟuil tuirse orm ag scríoḃaḋ na neiṫe céadna arís, aċt déanfaiḋ sé ḃur leas‐sa. 2 Seaċnaiḋ na madraí, seaċnaiḋ na droċ‐oibriḋṫe, seaċnaiḋ luċt an ċóiṁġearrṫa: 3 óir is sinne luċt an ḟír‐ṫimċeall‐ġearrṫa, do‐ġní aḋraḋ tré Spiorad Dé, agus do‐ġní maoiḋṁeaċas as Íosa Críost, 4 gan muiniġin ḃeiṫ againn as an ḃfeoil: giḋ go mb’ ḟéidir liom‐sa muiniġin do ċur as an ḃfeoil féin: má’s dóiġ le h‐aoinneaċ gur féidir leis muiniġin do ċur as an ḃfeoil, is mó ’ná sin is féidir liom‐sa: 5 mise do timċeall‐ġearraḋ an t‐oċtṁaḋ lá, do ṡíolruiġ ó ṫreiḃ Ḃeniamín, Eaḃraiḋeaċ ṫáinig ó Eaḃraiḋiḃ; i dtaoḃ na dliġe im’ Ḟairsíneaċ; 6 i dtaoḃ díoġraise, inġreimṫeaċ na h‐eaglaise; i dtaoḃ na fíréantaċta atá san dliġe, fríṫ mé ḃeiṫ gan loċt. 7 Aċt na neiṫe do ḃí mar ṫáirḃe ḋaṁ‐sa, do ṁeasas gur ċailleaṁain ar son Ċríost iad. 8 Go fírinneaċ measaim gur cailleaṁain gaċ uile niḋ ar aon eolais ṡár‐luaċṁair Íosa Críost mo Ṫiġearna: gur ḟulaingeas díṫ gaċ uile niḋ ar a ṡon, agus ní ḟuil de ṁeas agam orṫa aċt mar ḃéaḋ agam ar aoileaċ, ċum go ngnóṫóċainn Críost, 9 agus go ḃfaiġfiḋe mé ann, gan fíréantaċt dem’ ċuid féin ḃeiṫ agam, fíréantaċt ó’n dliġe, aċt an ḟíréantaċt ṫig ó Ḋia tré ċreideaṁ; 10 ċum go ḃfaiġead eolas air, agus ar ċuṁaċt a aiséiriġṫe, agus ar rannṗáirteaċt ’n‐ar ḟulaing sé, dom’ ċur i gcosaṁlaċt leis ’n‐a ḃás; 11 le súil go n‐éireoċaḋ liom, ar ċor ar biṫ, an aiséirġe ó na marḃaiḃ do roċtain. 12 Ní h‐é go ḃfuil ceann cúrsa sroiċte agam ċeana, nó go ḃfuil bárr feaḃais orm fós; aċt atáim ag bualaḋ ar aġaiḋ, mar ḋúil is go ḃfaiġinn sealḃ air, mar fuair Íosa Críost sealḃ orm‐sa. 13 A ḃráiṫre, ní h‐é go measaim go ḃfuil sé im’ ṡeilḃ fós: aċt atá aon niḋ aṁáin d’á ḋéanaṁ agam, ag déanaṁ dearmaid ar a ḃfuil ar mo ċúl agam, agus ag síneaḋ ċum a ḃfuil róṁam, 14 atáim ag riṫ fá ḋéin an ḃáire, ċum craoiḃe árd‐ġairme Dé i nÍosa Críost. 15 D’á ḃriġ sin, bíoḋ an dearcaḋ sin ag an méid dínn atá lán‐ḟoirḃṫe: agus má tá a ṁalairt de ḋearcaḋ fá rud ar biṫ agaiḃ, 16 noċtfaiḋ Dia an rud sin daoiḃ: aċt aṁáin, an fad atá sroiċte againn, ċeana, leanamaís d’á réir. 17 A ḃráiṫre, déanaiḋ‐se aiṫris orm‐sa i n‐éinḟeaċt le ċéile, agus coiṁeádaiḋ súil orṫa‐san leanas do réir an tsompla do‐ḃeirimíd daoiḃ. 18 Óir atá a lán daoine ag siuḃal, gur inniseas daoiḃ go minic le deoraiḃ ’n‐a dtaoḃ, gur náiṁde do ċrois Ċríost iad: 19 gur ab é a ndamnú a ndeireaḋ, gur ab é a mbolg a ndia, agus gur ab é a h‐aḋḃar maoiḋṁeaċais a náire, dream ċuireas a ndúil i neiṫiḃ saoġalta. 20 Óir is ar neaṁ atá ár n‐áitreaḃ‐na; agus is ó’n áit sin atáimíd ag fanaṁain le Slánuiġṫeoir, an Tiġearna Íosa Críost: 21 an té ċuirfeas malairt croṫa ar ċorp so ár h‐uṁlaiḋeaċta, ċum go ndéanfar cosṁail é le n‐a ċorp glórṁar féin, do réir an ċumais atá aige ċum gaċ uile niḋ do ṫaḃairt fá n‐a ċeannas féin. |
First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1951.
British & Foreign Bible Society