Ḃfilippiánaċ 2 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)1 Uime sin, má tá aon ḟortaċt i gCríost, má tá aon tsólás san ngráḋ, má tá aon ċumann san Spiorad, má tá truaġ nó trócaire ar biṫ ann, déanaiḋ‐se mo ġáirdeaċas do ċóiṁlíonaḋ, 2 agus biḋiḋ ar aon aigne, ar aon ġráḋ, ar aon toil, ar aon ṁeon aṁáin; 3 gan éinniḋ do ḋéanaṁ tré ṁian conspóide nó baoṫġlóire, aċt le h‐uṁlaċt aigne measaḋ gaċ aoinneaċ gur fearr an duine eile ’ná é féin. 4 Nár ab é a leas féin aṁáin ḃéas mar ċúram ar aon duine agaiḃ, aċt bíoḋ gaċ duine agaiḃ ag féaċain ċum leasa daoine eile, leis. 5 Bíoḋ an dearcaḋ agaiḃ do ḃí ag Íosa Críost: 6 an té dob’ ionann le Dia féin ’n‐a ċló, aċt nár ṡaṁluiġ ḋó féin ḃeiṫ ar aon ċéim le Dia, mar ḃéaḋ sin ’n‐a ċraoiḃ le breiṫ, 7 aċt do lom é féin, agus do ġlac cuma seirḃísiġ ċuige féin, agus ṫáinig sé ar an saoġal i gcosaṁlaċt duine; agus do noċtaḋ é i rioċt duine; 8 agus i rioċt duine ḋó, d’uirísliġ sé é féin, agus do ḃí sé uṁal go dtí an bás, go bás na croise féin. 9 Ar an aḋḃar sin d’árduiġ Dia go mór é, agus ṫug sé ḋó an t‐ainm atá os cionn gaċ ainme eile; 10 ċum go ḃfeacfaḋ gaċ glún i n‐ainm Íosa, 11 ar neaṁ, ar talaṁ, nó fá ṫalaṁ, agus go n‐adṁóċaḋ teanga gaċ duine gur Tiġearna Íosa Críost, ċum glóire Dé an tAṫair. 12 D’á ḃriġ sin, a ḃráiṫre ionṁaine, mar ḃí siḃ uṁal i gcóṁnaiḋe, ní h‐é aṁáin im’ láṫair‐se, aċt go mórṁór ar mbeiṫ as láṫair dom, saoṫruiġiḋ amaċ ḃur slánuġaḋ féin le h‐eagla agus le crioṫnú; 13 óir is é Dia do‐ḃeir daoiḃ an toil agus an éifeaċt mar is mian leis féin. 14 Déanaiḋ gaċ niḋ gan ceasnú, gan aiġneas; 15 ċum go mbéiḋ siḃ gan loċt, gan aineaṁ, ’n‐ḃur gclainn Dé gan smál i lár ciniḋ ċaim, ċuirpṫiġ, go ḃfuil siḃ ’n‐a measc aṁail soillsí san tsaoġal, 16 ag noċtaḋ briaṫair na beaṫaḋ, ċum go mbéiḋ aḋḃar maoiḋṁeaċais agam i ló Ċríost, de ċionn nár riṫeas agus nár ṡaoṫruiġeas i n‐aisce. 17 ’Seaḋ, agus má doirtṫear mé mar ofráil diġe os cionn íoḋbairte agus seirḃíse ḃur gcreidiṁ, do‐ġním gáirdeaċas, agus do‐ġním bród i n‐éinḟeaċt liḃ‐se go léir: 18 agus ar an gcuma ċéadna, déanaiḋ‐se gáirdeaċas agus bród i n‐éinḟeaċt liom. 19 Aċt atá súil agam san Tiġearna Íosa go gcuirfead Timóteus ċugaiḃ gan ṁoill, ċum go mbéiḋ sólás croiḋe agam féin nuair ḃéas a ḟios agam cionnas mar tá an saoġal agaiḃ. 20 Óir ní ḟuil duine agam atá ar aon intinn leisean, fear ċuireas dúil ó ċroiḋe ’n‐ḃur leas. 21 Óir ní h‐iad gnóṫaí Íosa Críost, aċt a ngnóṫaí féin, is cúram leo uile. 22 Aċt atá a ḟios agaiḃ cionnas ċruṫuiġ sé, gur ṡaoṫruiġ sé mar aon liom‐sa i ngnó an tsoiscéil, mar ḋéanfaḋ mac i n‐éinḟeaċt le n‐a aṫair. 23 Atá súil agam go gcuirfead ċugaiḃ eisean ċóṁ luaṫ agus ḃéas a ḟios agam cad is cor dom: 24 aċt atá súil san Tiġearna agam go dtiocfad féin ċugaiḃ go luaṫ. 25 Aċt do ċeapas gur riaċtanaċ Epafróditus, bráṫair, agus ċóṁ‐oibriḋe, agus cóṁṡaiġdiúir liom, agus ḃur dteaċtaire‐se, agus an fear d’ḟóir orm i n‐am mo ġátair, do ċur ċugaiḃ: 26 óir ba ṁian leis go mór siḃ‐se go léir d’ḟeicsin, agus do ḃí sé an‐ḃuaiḋearṫa toisc go gcuala siḃ go raiḃ sé tinn: 27 agus go deiṁin ḃí sé tinn i rioċt báis; aċt do rinne Dia trócaire air, agus ní h‐airsean aṁáin, aċt orm‐sa, leis, ċum naċ mbéaḋ doilġeas os cionn doilġeasa orm. 28 Uime sin ba ṁóide mo ḋúṫraċt a ċur ċugaiḃ go mbéiḋ luṫġáir oraiḃ nuair ċífeas siḃ arís é, agus go mba luġade mo ḋoilġeas é. 29 Glacaiḋ ċugaiḃ é, mar sin, le lán‐ġáirdeaċas san Tiġearna, agus taḃraiḋ ómós d’á leiṫéidiḃ sin: 30 toisc go ndeaċaiḋ sé i ngar do’n ḃás ar son gnó Ċríost, ag cur a anma i mbaoġal báis d’iarraiḋ a raiḃ i n‐easnaṁ ar ḃur seirḃís daṁ‐sa do ṡoláṫar. |
First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1951.
British & Foreign Bible Society