Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

2 Peadar 3 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

1 Is í seo anois, a ċáirde, an dara h‐eipistil atá agam d’á scríoḃaḋ ċugaiḃ; agus san dá eipistil atáim ag brostú ḃur slán‐aigne agus ag múscailt ḃur gcuiṁne,

2 ċum go gcuiṁneoċaiḋ siḃ ar na briaṫraiḃ do laḃair na naoṁ‐ḟáiḋe roiṁ ré, agus ar aiṫne an Tiġearna agus an tSlánuiġṫeora tré n‐ḃur n‐abstalaiḃ:

3 agus a ḟios agaiḃ ar dtús go dtiocfaiḋ luċt magaiḋ le sgige ins na laeṫiḃ deireannaċa, ag leanaṁain d’á n‐ainṁiantaiḃ féin,

4 g‐á ráḋ, Cá ḃfuil geallaṁain a ṫeaċta? óir ó’n tráṫ ’n‐a ḃfuair ár sinnsir bás, fanann an uile niḋ mar ḃí ó ċéad‐ċruṫú an doṁan.

5 Óir is é is toil leo a ḋearmad, go raiḃ na spéarṫa ann fad ó, agus go raiḃ doṁan ann do rinneaḋ le briaṫar Dé d’uisce agus tré uisce:

6 agus d’á ḃriġ sin, go dtáinig an t‐uisce ’n‐a ḋílinn ar an doṁan do ḃí ann an uair sin, gur gur scriosaḋ é: aċt na spéarṫa agus an talaṁ atá ann anois,

7 gur fá ċóṁair teineaḋ atá siad d’á gcoiṁeád ag an mbriaṫar céadna sin, d’á gcongḃáil go dtí lá breiṫeaṁnais agus scriosta na ndaoine neiṁ‐ḋiaḋa.

8 Aċt atá rud aṁáin ann, a ċáirde, gur ceart daoiḃ cuiṁneaṁ air, is é sin gur cuma leis an Tiġearna lá aṁáin nó míle bliaḋain, agus míle bliaḋain nó lá aṁáin.

9 Ní ḋéanann an Tiġearna moill i dtaoḃ a ġeallaṁna, do réir tuairme daoine áiriṫe fá ṁoill; aċt atá sé foiḋneaċ linn, de ḃriġ naċ mian leis go gcaillfiḋe aoinneaċ, aċt go dtiocfaḋ an uile ḋuine ċum aiṫriġe.

10 Aċt tiocfaiḋ lá an Tiġearna mar ġadaiḋe; imṫeoċaiḋ na spéarṫa le torann mór an lá úd, agus scriosfar na dúla le dian‐teas loiscneaċ, agus dóiġfear an talaṁ agus na h‐oibreaċa atá ann.

11 Ó ṫárla go ḃfuil sé i ndán do na neiṫiḃ seo go léir dul i n‐éag, cionnas mar ba ċeart daoiḃ‐se ḃeiṫ mar ḋaoine do réir deaġ‐iomċair agus diaḋaċta,

12 ag fuireaċ daoiḃ, agus siḃ go dúṫraċtaċ fá ċóṁair lae Dé, ’n‐a scriosfar na spéarṫa le tóiteán teineaḋ, agus ’n‐a leaġfar na dúla le dian‐teas loiscneaċ?

13 Aċt do réir a ġeallaṁna, atáimíd ag súil le neaṁ úr‐nua agus le talaṁ úr‐nua, ar a ndéanfaiḋ fíréantaċt cóṁnaiḋe.

14 D’á ḃriġ sin, a ċáirde, ó tá súil leis na neiṫiḃ seo agaiḃ, déanaiḋ gaċ iarraċt ċum go ḃfaiġfiḋe siḃ i síoṫċáin, gan smál, gan loċt ’n‐a ḟiaḋnaise.

15 Áirṁiḋ mar ṡlánú foiḋne ár dTiġearna: fá mar scríoḃ ár mbráṫair ionṁain Pól ċugaiḃ, leis, do réir na h‐eagna tugaḋ ḋó;

16 mar scríoḃann sé, leis, ’n‐a eipistiliḃ uile; ’n‐a ḃfuil neiṫe gur deacair a dtuigsin, go gclaonann daoine gan foġlaim, gan seasṁaċt a gciall, mar ċlaonann siad ciall na scrioptúir eile, ċóṁ maiṫ, ċum a n‐aiṁleasa féin.

17 D’á ḃriġ sin, a ċáirde, ó’s eol daoiḃ an méid seo roiṁ ré, biḋiḋ ar ḃur n‐aire, ar eagla go scuabfaiḋe siḃ le mearḃall na gcuirpṫeaċ, agus go dtuitfeaḋ siḃ ó n‐ḃur seasṁaċt féin.

18 Aċt biḋiḋ ag fás i ngrása agus i n‐eolas ár dTiġearna agus ár Slánuiġṫeora Íosa Críost. Dó‐san go dtugtar an ġlóir anois agus go síorraiḋe. Amén.

First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1951.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan