2 Chum Timóteuis 4 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)1 Cuirim d’aṫċuinġe ort i ḃfiaḋnaise Dé agus i ḃfiaḋnaise Íosa Críost, ḃéarfas breiṫ ar ḃeoḋaiḃ agus ar ṁarḃaiḃ, agus i n‐ainm a ṫaisbeánta agus a ríoġaċta; 2 déan an briaṫar do ċraoḃ‐scaoileaḋ; bí go díoġrasaċ i dtráṫ agus i n‐ántráṫ; bí ag spreagaḋ, ag smaċtaḋ, ag gríosaḋ le gaċ ceannsaċt agus le gaċ teagasc; 3 Óir tiocfaiḋ an t‐am naċ seasfaiḋ siad deaġ‐ṫeagasc; aċt le tocas ’n‐a gcluasaiḃ, cruinneoċaiḋ siad ċuca féin luċt teagaisc do réir a n‐ainṁianta féin: 4 agus tionn‐tóċaiḋ siad a gcluasa ó’n gcreideaṁ, agus casfaiḋ siad ċum faḃal. 5 Aċt bí‐se staidéarṫa san uile niḋ, fulaing cruaḋtan, déan gnó an tsoiscéalaiḋe, cóiṁlíon dualgas do ṁiniostrálaċta. 6 Óir atáim‐se anois féin dom’ ḋoirteaḋ amaċ mar íoḋbairt, agus is gearr uaim uair m’imṫeaċta. 7 Do ṫroideas an cóṁrac maiṫ, do ṡroiċeas ceann cúrsa, do ċoiṁeádas an creideaṁ; 8 ó’n am so amaċ is í coróin na fíréantaċta atá i ndán dom, coróin ḃéarfas an Tiġearna, breiṫeaṁ fíréan, dom san ló úd, agus ní daṁ‐sa aṁáin, aċt do na daoiniḃ go léir gur geal leo a ṫeaċt. 9 Déan do ḋíċeall ċum teaċt ċugam go luaṫ: 10 óir do ṫréig Démas mé tré ġráḋ do’n tsaoġal láiṫreaċ so, agus atá sé imṫiġṫe go Tesaloníca; atá Crescens imṫiġṫe go Galátia, agus Títus go Dalmátia. 11 Ní ḟuil im’ ḟoċair aċt Lúcás aṁáin. Beir leat Marcus, agus taḃair i n‐éinḟeaċt leat é: óir atá sé tairḃeaċ dom le h‐aġaiḋ mo ṁiniostrálaċta. 12 Aċt atá Tiċicus curṫa go hEiféis agam. 13 Nuair ṫiocfas tú, beir leat an clóca d’ḟágas ag Carpus i dTróas, agus na leaḃair, na meamraim go mór‐ṁór. 14 Do rinne Alecsander, saor uṁa, doċar mór dom: cúiteoċaiḋ Dia leis do réir a ndearna sé: 15 bí ar t’aire ’n‐a ṫaoḃ‐sa: óir do ċuir sé go mór i n‐aġaiḋ ár mbriaṫra. 16 Ag pléiḋe mo ċúise ḋom de’n ċéad uair níor ċuidiġ aoinneaċ liom, aċt do ṫréigeadar uile mé: nár agarṫar orṫa é. 17 Aċt do ṡeas an Tiġearna lem’ ais, agus ṫug sé neart dom, ċum go ḃfógróċaiḋe an teaċtaireaċt go h‐iomlán tríom‐sa, agus go gcluinfeaḋ na Cineaḋaċa go léir í: agus do saoraḋ mé ó ḃéal an leoṁain. 18 Saorfaiḋ an Tiġearna ó gaċ droċ‐obair mé, agus béarfaiḋ sé slán mé ċum a ríoġaċta neaṁḋa: dó‐san go raiḃ an ġlóir go saoġal na saoġal! Amen. 19 Beannuiġ do Ṗriscus agus d’Acuila, agus do líon tiġe Onésiforuis. 20 D’ḟan Erastus i gCoirinnt aċt d’ḟágas Trofimus i Mílétus, agus é tinn. 21 Déan do ḋíċeall ċum teaċt ċugam roiṁ an ngeiṁreaḋ. Beannuiġeann Eúbulus, agus Púdens, agus Línus, agus Claudia, agus na bráiṫre go léir duit. 22 Go raiḃ an Tiġearna led’ spiorad. Grása go raiḃ liḃ. |
First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1951.
British & Foreign Bible Society