2 Chum Timóteuis 2 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)1 Uime sin, a ṁic liom, bí‐se tréan san ngrása atá i nÍosa Críost. 2 Agus na neiṫe do ċualais uaim‐se i n‐éisteaċt móráin fiaḋnaiḋṫe, cuir ar iontaoiḃ daoine ionnraice iad, go mbéiḋ ar ċumas dóiḃ daoine eile do ṫeagasc, leis. 3 Fulaing cruaḋtan, mar ḋéanfaḋ saiġdiúir maiṫ Íosa Críost. 4 Saiġdiúir i mbun a ḋualgais, ní ċeaduiġeann sé ḋó féin ḃeiṫ gaḃṫa ag gnáṫċúramaiḃ an tsaoġail seo, ċum go mb’ ḟearr ṫaiṫneoċas sé leis an té do ṫoġ mar ṡaiġdiúir é. 5 Agus an féar ṫéiġeas ag iomaiḋeaċt ins na cleasaiḃ lúṫa, ní tugtar an ċoróin dó muna ndearna sé an iomaiḋeaċt do réir na riaġlaċ. 6 An criaḋaire do‐ġní an scláḃaiḋeaċt, ní mór dó an ċéad‐toraḋ d’ḟáġáil. 7 Breaṫnuiġ a ḃfuil d’á ráḋ agam; óir ḃéarfaiḋ an Tiġearna tuigsin san uile niḋ ḋuit. 8 Cuiṁniġ ar Íosa Críost, de ṗór Ḋáiḃí, d’aiséiriġ ó na marḃaiḃ do réir mo ṡoiscéil‐se: 9 go ḃfuilim ag fulang ar a ṡon i gcuiḃreaċaiḃ aṁail cuirpṫeoir, aċt ní ḟuil briaṫar Dé fá ċuiḃreaċaiḃ. 10 Is ar an aḋḃar sin atáim ag fulang an uile niḋ ar son na ndaoine atá toġṫa, ċum go ḃfaiġiḋ siad‐san, leis, an slánuġaḋ atá i nÍosa Críost le glóir ṡíorraiḋe. 11 Is fírinneaċ an ráḋ so: Má fuaramar bás i n‐éinḟeaċt leis, mairfimíd beo i n‐éinḟeaċt leis mar an gcéadna: 12 má ṡeasaimíd go dian, riaġlóċaimíd i n‐éinḟeaċt leis: má ṡéanaimíd é, séanfaiḋ seisean sinne, leis: 13 má éiriġmíd‐ne neiṁ‐ḋílis, fanann seisean dílis; óir ní féidir leis é féin do ṡéanaḋ. 14 Cuir na neiṫe seo i gcuiṁin dóiḃ, g‐á ḟógairt dóiḃ i ḃfiaḋnaise an Tiġearna gan ḃeiṫ ag aiġneas fá ḟoclaiḃ naċ ḃfuil aon tairḃe ionnta, aċt ċuireas amuġa an dream ċluineas iad. 15 Déan do ḋíċeall ċum ṫú féin do ṫaisbeáint mar ḟear ionṁolta i ḃfiaḋnaise Dé mar oibriḋe naċ gáḃaḋ ḋó ḃeiṫ fá náire, ag riaraḋ briaṫair Dé le díreaċas. 16 Aċt seaċain baoṫġlór neaṁ‐ḋiaḋa; óir raċaiḋ siad níos faide ar aġaiḋ i neaṁ‐ḋiaḋaċt; 17 agus leaṫfaiḋ a mbriaṫar aṁail aillis: daoine de’n aicme sin is eaḋ Hímenaeus agus Fílétus; 18 daoine do ċuaiḋ ar seaċrán ó’n ḃfírinne, g‐á ráḋ go ḃfuil an aiséirġe ṫart ċeana, agus atá ag milleaḋ creidiṁ daoine áiriṫe. 19 Cibé ar biṫ é, fanann bun daingean Dé go seasṁaċ, agus an séala so air: Is eol do’n Tiġearna a ṁuinntear féin; agus, Gaċ aoinneaċ ainmniġeas ainm an Tiġearna, tréigeaḋ sé an éagcóir. 20 Anois i dtiġ mór bíonn, ní h‐é aṁáin soiṫiġ óir agus airgid, aċt soiṫiġ aḋmaid agus cré, leis; cuid díoḃ ċum onóra, agus cuid díoḃ ċum easonóra. 21 Uime sin, má ċoiṁeádann duine é féin slán uaṫa so, béiḋ sé ’n‐a ṡoiṫeaċ ċum onóra, soiṫeaċ beannuiġṫe, usáideaċ do’n té gur leis é, fóġanta ċum gaċ deaġ‐ġnó. 22 Aċt seaċain ainṁianta na h‐óige, agus lean de’n ḟíréantaċt, de’n ċreideaṁ, de’n ġráḋ, de’n tsíoṫċáin, i n‐éinḟeaċt leis na daoiniḃ ġlaoḋas ar an Tiġearna as croiḋe úr‐ġlan. 23 Aċt diúltaiġ do ċeisteannaiḃ diṫ‐céilliḋe, diṫ‐léiġeanta, agus a ḟios agat go mbrostuiġeann siad bruiġean. 24 Agus ní ceart do ṡeirḃíseaċ an Tiġearna bruiġean do ḃrostú, aċt ḃeiṫ cneasta leis an uile ḋuine, ḃeiṫ ullaṁ ċum teagasc do ṫaḃairt, 25 lán d’ḟoiḋne, ag ceartú na ndaoine ċuireas ’n‐a aġaiḋ le ceannsaċt, le súil go dtiuḃrfaiḋe Ḋia ḋóiḃ, am ar biṫ, aiṫriġe do ḋéanaṁ ċum eolas d’ḟáġáil ar an ḃfírinne, 26 agus ċum go ḃfuasclóċaiḋ siad iad féin slán as gaiste an diaḃail, tar a éis do ṡeirḃíseaċ an Tiġearna breiṫ orṫa ċum toil Dé do ḋéanaṁ. |
First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1951.
British & Foreign Bible Society