Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

2 Chum na gCoirinnteach 9 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

1 I dtaoḃ frioṫálṁa na naoṁ, ní gáḃaḋ ḋom scríoḃaḋ ċugaiḃ:

2 óir is eol dom a ṫoilteanaiġe atá siḃ, go mbím ag déanaṁ maoiḋmeaċais ’n‐a ṫaoḃ asaiḃ le muinntir na Maiceadóine, go ḃfuil Aċáia ullaṁ le bliaḋain anuas: agus do ḃrostuiġ ḃur ndíoġrais an ċuid is mó aca.

3 Aċt atáim ag cur na mbráṫar, ċum naċ maoiḋṁeaċas i n‐aisce do ḃéaḋ againn asaiḃ san gcás so: ċum go mbéaḋ siḃ ullaṁ, mar tá ráiḋte agam:

4 ar eagla, má ṫagann Maiceadónaiġ i n‐éinḟeaċt liom, agus go ḃfaiġiḋ siad siḃ gan ḃeiṫ ullaṁ, go náireoċaiḋe sinn (gan siḃ‐se do luaḋ) fá ṁéid na muiniġne seo.

5 Uime sin do ṁeasas gurḃ éigean a impiḋe ar na bráiṫriḃ dul ċugaiḃ‐se ar dtús, agus an bronntanas do ḃí geallta agaiḃ do ċur i dtreo roiṁ ré, ċum go mbéaḋ sé ullaṁ, ní mar ḃéaḋ sainnt, aċt mar ḃéaḋ féile ann.

6 Agus cuiṁniġiḋ air seo, An té ċuireas go gann, is gann ḃainfeas sé; agus an té ċuireas go fial, is fial ḃainfeas sé.

7 Taḃraḋ gaċ aoinneaċ do réir mar tá ceapṫa ’n‐a ċroiḋe aige, gan ḃeiṫ doiċeallaċ, ná gan dul i n‐éadan a ṫola, óir is geal le Dia an té ḃronnas go fáilteaċ.

8 Agus is féidir le Dia ḃur líonaḋ de’n uile ġrás; ċum, ar mbeiṫ ḃur sáiṫ de gaċ niḋ i gcóṁnaiḋe agaiḃ, go mbéiḋ acfuinn ċum gaċ deaġ‐ġnó agaiḃ:

9 mar tá scríoḃṫa, Do scaip sé go fial, do ḃronn sé ar ḃoċtaiḃ; Maireann a ḟíréantaċt de ṡíor.

10 Agus an té do‐ḃeir síol do’n tsíoladóir agus arán mar ḃiaḋ, soláṫróċaiḋ agus méadóċaiḋ sé síol ċum curṫa ḋaoiḃ, agus méádóċaiḋ sé toraḋ ḃur ḃfíréantaċta:

11 ar mbeiṫ ḋaoiḃ saiḋḃir ar gaċ sliġe ċum gaċ féile, go dtagann mór‐ḃuiḋeaċas do Ḋia trínne as.

12 Óir ní h‐é aṁáin go ḃfóireann miniostrálaċt an ċonganta so ar riaċtainisiḃ na naoṁ, aċt leanann mórán buiḋeaċais do Ḋia d’á ḃárr;

13 agus mar ġeall ar an dearḃaḋ do‐ḃeir an congnaṁ so, molann siad Dia as uċt ḃur n‐uṁlaċta do ṡoiscéal Ċríost adṁuiġeas siḃ, agus as uċt fairsinge ḃur dtaḃartais dóiḃ‐sean agus do’n uile ḋuine;

14 agus san urnaiġe ḋóiḃ ar ḃur son, leis, bíonn gráḋ aca ḋaoiḃ as uċt mór‐ġrása Dé atá ionnaiḃ.

15 Buiḋeaċas do Ḋia as uċt a ṫíoḋlaice do‐innste.

First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1951.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan