2 Chum na gCoirinnteach 8 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)1 Anois, a ḃráiṫre, ba ṁaiṫ liom grása Dé tugaḋ i n‐eaglaisiḃ na Maiceadóine do ċur i n‐iúl daoiḃ: 2 cionnas mar ṁéaduiġ fairsinge a ḃféile de ḃárr líonṁaireaċta a n‐áṫais agus a mboċtaine móire, agus iad fá ḃuaiḋreaṁ an‐ṁór. 3 Óir de réir a n‐acfuinne, is eaḋ, agus ṫar a n‐acfuinn, do‐ḃeirim m’ḟiaḋnaise air, go dtugadar d’á saor‐ṫoil féin, 4 ag iarraiḋ an ġrása so go dian orainn, ḃeiṫ ċóṁṗáirteaċ i ḃfrioṫáileaṁ na naoṁ: 5 agus sin, ní h‐é mar ḃíomar ag súil leis, aċt ar dtús go dtugadar iad féin do’n Tiġearna, agus dúinne de ṫoil Dé. 6 Ar ṁoḋ gur spreagamar Títus, fá mar ṫosnuiġ sé ċeana air, go gcuirfeaḋ sé an grása so ċum críċe ionnaiḃ‐se, leis. 7 Aċt ó tá siḃ iomlán san uile niḋ, i gcreideaṁ, i n‐urlaḃra, agus i n‐eolas, agus san uile ḋúṫraċt, agus ’n‐ḃur ngráḋ ḋúinne, bíoḋ an grása so go h‐iomlán, leis. 8 Ní abraim é seo ċum órdú do ṫaḃairt aċt mar ḋúil is go ḃféaċfainn an ḃfuil siḃ dá ríriḃ ’n‐ḃur ngráḋ tré ḋúṫraċt na ndaoine eile. 9 Óir is eol daoiḃ grása ár dTiġearna Íosa Críost, giḋ go raiḃ sé saiḋḃir, gur éiriġ sé boċt ar ḃur son‐sa, ċum go n‐éireoċaḋ siḃ saiḋḃir de ḃarr a ḃoċtaine‐sean. 10 Is é an tuairim atá agam san gcás so, gur ceart daoiḃ‐se ba ṫúisce do ṫosnuiġ, atá bliaḋain ó ṡoin, ní h‐é aṁáin ar rud do ḋéanaṁ, aċt ar ḃeiṫ toilteanaċ ċuige, leis. 11 Uime sin cuiriḋ críoċ ar a ḋéanaṁ, leis, ċum go mbéiḋ críoċ iomlán air do réir ḃur n‐acfuinne, fá mar tá siḃ toilteanaċ ċuige. 12 Óir má tá an deaġ‐ṫoil ann, glactar léi do réir a ḃfuil ag duine, ní h‐é do réir a ḃfuil i n‐easnaṁ air. 13 Óir ní ċum sócaṁail daoine eile adeirim é, agus cruaḋtan ḃeiṫ oraiḃ‐se: 14 aċt ċum coṫrom do ḋéanaṁ; ḃur ḃfearasbárr an t‐am so láiṫreaċ ḃeiṫ le h‐aġaiḋ a riaċtanais‐sean, ċum go dtéiġiḋ a ḃfearasbárr‐san le h‐aġaiḋ ḃur riaċtanais‐se, leis; 15 ar ṁoḋ go mbéiḋ coṫrom ann; mar ta scríoḃṫa, An té do ċnuasaiġ mórán, ní raiḃ fuiġleaċ aige; agus an té do ċnuasaiġ beagán, ní raiḃ easbaiḋ air. 16 Aċt buiḋeaċas le Dia, do ċuir an dúṫraċt céadna ’n‐ḃur dtaoḃ i gcroiḋe Ṫítuis. 17 Óir ní h‐é aṁáin gur ġlac sé go fonnṁar le n‐ár n‐impiḋe: aċt ó ḃí sé féin go dúṫraċtaċ, d’imṫiġ sé ċugaiḃ d’á ṫoil féin. 18 Agus atáimíd ag cur bráṫar i n‐éinḟeaċt leis, fear go ḃfuil a ḋéiġṫeist san tsoiscéal leaṫta ar fud na n‐eaglais uile: 19 agus ní h‐é sin aṁáin é, aċt gur ṫoġ na h‐eaglaisí é ċum ḃeiṫ mar ċomráda bóṫair againn i dtaoḃ an ġrása so atá d’á ḟrioṫáileaṁ againn ċum glóire an Tiġearna, agus ċum ár ndeaġ‐ṫoil do ċur i n‐uṁail: 20 g‐á ṡeaċaint go mbéaḋ aon loċt le fáġáil orainn i dtaoḃ na flúirse atá le dáileaṁ againn: 21 óir is mian linn gaċ niḋ do ḋéanaṁ go h‐onóraċ, ní h‐é aṁáin i ḃfiaḋnaise Dé, aċt i ḃfiaḋnaise na ndaoine. 22 Agus atáimíd ag cur ár mbráṫar i n‐éinḟeaċt leo, fear atá dearḃṫa go minic againn ḃeiṫ níos dúṫraċtaiġe ’n‐a lán neiṫe, agus ḃeiṫ níos dúṫraċtaiġe ná sin anois, mar ġeall ar an muiniġin ṁóir atá aige asaiḃ‐se. 23 I dtaoḃ Ṫítuis, is é mo ċóṁṗáirtiḋe agus mo ċóṁoibriġṫeoir ’n‐ḃur dtaoḃ‐sa é: agus maidir le n‐ár mbráiṫriḃ, is iad abstail na n‐eaglais iad, glóir Ċríost. 24 Taḃraiḋ ḋóiḃ, mar sin, dearḃaḋ ḃur ngráḋa i ḃfiaḋnaise na n‐eaglais, agus dearḃaḋ an ṁaoiḋṁeaċais do‐ġnímíd asaiḃ. |
First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1951.
British & Foreign Bible Society