2 Chum na gCoirinnteach 7 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)1 Ó ṫárla na geallaṁnaċa sin ḃeiṫ againn, a ċáirde ionṁaine, glanaimís dínn féin gaċ smál colna agus spioraid, ag cur naoṁaċta i gcríċ i n‐eagla Dé. 2 Déanaiḋ sliġe ’n‐ḃur gcroiḋeaċaiḃ dúinn: ní ḋearnamar éagcóir ar aon duine, níor scriosamar aon duine, níor ṁeallamar aon duine. 3 Ní ċum loċt do ċur ’n‐ḃur leiṫ adeirim é seo, óir aduḃras ċeana go ḃfuil siḃ ’n‐ár gcroiḋeaċaiḃ ċum bás agus beaṫa d’ḟáġáil i n‐éinḟeaċt liḃ. 4 Is mór an ṁuiniġin atá agam asaiḃ, is mór an t‐aḋḃar maoiḋṁeaċais atá agam ’n‐ḃur dtaoḃ: atáim ṫar a ḃeiṫ lán d’áṫas i lár ár n‐aṁgair. 5 Óir, ar dteaċt san Maiceadóin dúinn, ní raiḃ suaiṁneas colna againn, aċt do ḃíomar go buaiḋearṫa ar gaċ leiṫ; bruiġeanta ar an taoḃ amuiġ, eagla ar an taoḃ istiġ. 6 Aċt Dia, do‐ḃeir sólás do na daoiniḃ atá i n‐ísle ḃriġe, ṫug sé sólás dúinn le teaċt Títuis; 7 agus ní h‐é aṁáin de ḃárr a ṫeaċta‐san, aċt de ḃárr an tsóláis fuair sé uaiḃ‐se, leis, agus é ag innsin dúinn i dtaoḃ ḃur dtnúiṫ ṁóir, i dtaoḃ ḃur n‐éagcaoine, i dtaoḃ ḃur dteas‐ġráḋa ḋaṁ‐sa; ar ṁoḋ gur ṁóide go mór mo ġáirdeaċas d’á ḃárr. 8 Óir bíoḋ gur ċuireas doilġeas oraiḃ lem’ litir, ní truaġ liom é, giḋ go raiḃ truaġ orm; mar is léir dom gur ċuir an litir sin cuṁa oraiḃ, giḋ nár ċuir aċt ar feaḋ tamaill. 9 Anois atá áṫas orm, ní h‐é i dtaoḃ doilġeas do ċur oraiḃ, aċt de ċionn gur cuireaḋ doilġeas ċum aiṫriġe oraiḃ: óir is doilġeas diaḋa do cuireaḋ oraiḃ, ċum naċ ndéanfaiḋe aon doċar daoiḃ d’ár gcionn. 10 Óir do‐ḃeir an doilġeas diaḋa aiṫriġe ċum slánuiġṫe naċ dtugann aiṫṁéala: aċt do‐ḃeir doilġeas an tsaoġail an bás. 11 Mar féaċ, an niḋ céadna so, gur cuireaḋ doilġeas diaḋa oraiḃ‐se an dúṫraċt d’oibriġ sé ionnaiḃ, agus an leiṫscéalaḋ, agus an díombuaiḋ, agus an eagla, agus an tnúṫán, agus an díoġrais, agus an díolaiḋeaċt! Do ċruṫuiġ siḃ ḃeiṫ glan ar fad san gcás so. 12 D’á ḃíṫin sin, má scríoḃas féin ċugaiḃ, ní ar son an té do‐rinne an éagcóir é, ná ar son an té d’ḟulaing í, aċt ċum go mbéaḋ ḃur ndíoġrais ’n‐ár dtaoḃ‐na soiléir i ḃfiaḋnaise Dé. 13 Ar an aḋḃar sin fuaramar sólás, aċt ba ṁóide ár sólás áṫas Ṫítuis, toisc go ḃfuair a spiorad breis meanma uaiḃ go léir. 14 Óir má rinneas maoiḋṁeaċas ar biṫ ’n‐ḃur dtaoḃ‐sa leis, níor náiriġeaḋ mé; aċt fá mar laḃramar i gcóṁnaiḋe liḃ do réir na fírinne, an maoiḋṁeaċas do‐rinneamar ós cóṁair Ṫítuis, fríṫ é ḃeiṫ fírinneaċ. 15 Agus is mó ’ná sin toil a ċroiḋe‐sean daoiḃ‐se, ag cuiṁneaṁ ḋó ar uṁlaiḋeaċt gaċ duine agaiḃ, mar d’ḟáiltiġ siḃ roiṁe le h‐eagla agus le crioṫnú. 16 Atá áṫas orm gur féidir liom muiniġin ḃeiṫ agam asaiḃ ar gaċ sliġe. |
First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1951.
British & Foreign Bible Society