2 Chum na gCoirinnteach 5 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)1 Óir is eol dúinn, má scriostar an pailliún so ’n‐a gcóṁnuiġmíd ar talaṁ, go ḃfuil áitreaḃ ó Ḋia againn, teaċ naċ ndearnaḋ le láṁaiḃ, atá síorraiḋe, ins na flaiṫeasaiḃ. 2 Óir bímíd ag osnaiġil san bpailliún so, ag súil le clúdaċ ár n‐áitreaḃa atá ó neaṁ: 3 mar ḋúil is go mbéiḋ clúdaċ orainn; ar ṁoḋ naċ ḃfaiġfear sinn lomnoċt. 4 Óir ċóṁ fada is ḃímíd san bpailliún so bímíd ag osnaiġil, agus sinn fá ṫrom‐ualaċ; ní h‐é go mba ṁian linn ḃeiṫ gan clúdaċ, aċt ḃeiṫ clúduiġṫe, ċum go sluigfiḋe a ḃfuil so‐ṁarḃṫa leis an mbeaṫaiḋ. 5 Anois an té do ċruṫuiġ ċuige seo sinn is é Dia é, ṫug éirlis an Spioraid dúinn. 6 Uime sin atá meanma againn i gcóṁnaiḋe, agus atá a ḟios againn, ċóṁ fada agus ḃímíd ’n‐ár gcóṁnaiḋe san gcolainn, go ḃfuilmíd as baile ó’n Tiġearna 7 (óir is do réir creidiṁ ṡiuḃlaimíd, agus ní do réir raḋairc); 8 atá meanma againn, agus is mó dob’ áil linn ḃeiṫ as baile ó’n gcolainn agus ḃeiṫ ’n‐ár gcóṁnaiḋe san Tiġearna. 9 Uime sin, cia aca san mbaile nó as baile ḋúinn, is é ċuirimíd róṁainn a ḋeaġṫoil do ḋéanaṁ. 10 Óir caiṫfimíd uile dul i láṫair caṫaoireaċ breiṫeaṁnais Ċríost; ċum go ḃfaiġeaḋ gaċ aoinneaċ cúiteaṁ a ndearna sé san gcolainn, do réir a ġníoṁarṫa, cia aca maiṫ nó olc iad. 11 Mar sin de, de ḃriġ gur ab eol dúinn eagla an Tiġearna, táimíd d’iarraiḋ na daoine do spreagaḋ, agus aiṫniġeann Dia sinn; agus atá súil againn go n‐aiṫniġeann siḃ‐se ’n‐ḃur gcroiḋeaċaiḃ sinn, leis. 12 Ní ḟuilmíd g‐ár molaḋ féin arís daoiḃ, aċt atáimíd ag taḃairt faille ḋaoiḃ ḃeiṫ gár molaḋ, ċum go mbéiḋ freagra agaiḃ do’n dream do‐ġní bród do réir deallraiṁ, ní do réir croiḋe. 13 Óir má táimíd ar easbaiḋ céille, is ar son Dé é; nó má táimíd ’n‐ár gcéill, is ar ḃur son‐sa é. 14 Óir atá gráḋ Ċríost d’ár mbrostú, mar is aṁlaiḋ ḃreaṫnuiġmíd, má fuair duine aṁáin bás ar son an uile ḋuine, go ḃfuaradar uile bás; 15 agus go ḃfuair seisean bás ar son an uile ḋuine; ċum naċ mairfeaḋ siad‐san atá beo ḋóiḃ féin as sin amaċ, aċt do’n té fuair bás agus d’aiséiriġ ar a son. 16 Ar an aḋḃar sin, ní aiṫniġmíd aon duine feasta do réir na colna: má’s fíor féin go raiḃ aiṫne againn ar Ċríost do réir na colna, ní ḟuil aiṫne againn air ar an gcuma sin anois. 17 Ar an aḋḃar sin, má tá aoinneaċ i gCríost, is duine úr‐nua é: atá deireaḋ leis na sean‐neiṫiḃ; atáid déanta as an nua. 18 Agus is ó Ḋia atá gaċ uile niḋ, do réiḋtiġ leis féin sinn tré Ċríost, agus ṫug miniostrálaċt an réiḋtiġ ḋúinn, 19 is é sin, go raiḃ Dia i gCríost ag réiḋteaċ an tsaoġail leis féin, gan cionnta na ndaoine do ċur ’n‐a leiṫ: agus ṫug sé ḋúinn briaṫar an réiḋtiġ. 20 Mar sin de atáimíd ’n‐ár dtaiḋleoiriḃ ar son Ċríost, aṁail mar ḃéaḋ Dia ag impiḋe oraiḃ trínne: impiġmíd oraiḃ as uċt Ċríost réiḋteaċ do ḋéanaṁ le Dia. 21 Óir ṫug sé airsean, do ḃí gan eolas ar an bpeacaḋ, ṫug sé air ḃeiṫ ’n‐a ṗeacaḋ ar ár son, ċum go ndéanfaiḋe fíréantaċt Dé ḋínne ann. |
First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1951.
British & Foreign Bible Society