2 Chum na gCoirinnteach 4 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)1 Ar an aḋḃar sin, ó ṫárla an ṁiniostrálaċt so ḃeiṫ againn, do réir mar fuaramar trócaire, ní ċailleann ar ár meisneaċ: 2 aċt ṫugamar cúl leis na neiṫiḃ náireaċa cleaċtar fá rún, agus ní ḃímíd ag siuḃal i ngliocas, ná ag truailliú briaṫair Dé, aċt, ag foillsiú na fírinne ḋúinn, tuillimíd molaḋ i gcoinsias gaċ duine i ḃfiaḋnaise Dé. 3 Aċt má tá ár soiscéal fá ḟolaċ, is ins an dream atá ag dul amuġa atá sé fá ḟolaċ: 4 san dream dí‐ċreidṁeaċ go ḃfuil a n‐aigne dallta ag Dia an tsaoġail seo, ċum naċ ndeallróċaḋ solas glórṁar Ċríost, íoṁáiġ Dé, orṫa. 5 Óir ní sinn féin ḟógraimíd, aċt Íosa Críost mar Ṫiġearna, agus sinn féin mar ṡeirḃísiġ ḋaoiḃ ar son Íosa. 6 Óir Dia d’órduiġ do’n tsolas soillsiú as lár an dorċadais, do ṡoillsiġ sé ’n‐ár gcroiḋeaċaiḃ, ċum solas glóire Dé do ṫaḃairt dúinn i ngnúis Íosa Críost. 7 Aċt atá an seod so i soiġṫiḃ cré againn, ċum naċ linne, aċt le Dia, do luaiḋfiḋe an ċuṁaċt gan teoraiḃ; 8 bímíd d’ár mbrúġaḋ ar gaċ leiṫ, gan ḃeiṫ i sáinn; bímíd fá ḃuaiḋirt, gan dul i n‐éadóċas; 9 curtar an tóir orainn, aċt ní tréigṫear sinn; buailtear síos sinn, aċt ní scriostar sinn; 10 beirimíd bású Íosa ’n‐ár gcorp i gcóṁnaiḋe, ċum go raiḃ beaṫa Íosa go soiléir le feicsin ’n‐ár gcorp so‐ṁarḃṫa, leis. 11 Óir sinne atá beo bímíd de ṡíor d’ár gcur ċum báis ar son Íosa, ċum go raiḃ beaṫa Íosa go soiléir le feicsin ’n‐ár gcolainn so‐ṁarḃṫa, leis. 12 Mar sin bíonn an bás ag oibriú ionnainne, aċt atá an ḃeaṫa ag oibriú ionnaiḃ‐se. 13 Aċt ó’s é an t‐aon spiorad aṁáin atá againn, do réir mar tá scríoḃṫa, Do ċreideas, agus d’á ḃriġ sin do laḃras; creidimíd‐ne, leis; 14 mar tá a ḟios againn, an té do ṫóg suas an Tiġearna Íosa, go dtógfaiḋ sé suas sinne i n‐éinḟeaċt le h‐Íosa, leis, agus go gcuirfiḋ sé ’n‐a láṫair sinne i n‐éinḟeaċt liḃ‐se. 15 Óir is ar ḃur son‐sa atá an uile niḋ, ċum go dtéiġiḋ an grása ċum glóire Dé, agus é d’á ṁéadú go mór de ḃárr buiḋeaċais an ṁóráin ṁóir. 16 Uime sin ní ċailleann ar ár meisneaċ; aċt giḋ go mbíonn an taoḃ amuiġ de’n duine ag meaṫ orainn, atá an taoḃ istiġ de d’á aṫnuaḋaḋ ó lá go ċéile. 17 Óir, ár gcráḋ beag éadtrom, naċ maireann aċt tamall gearr, soláṫruiġeann sé ḋúinn carn glóire síorraiḋe atá gan ċuimse; 18 gan ár súile ḃeiṫ ar na neiṫiḃ so‐ḟeicsiona, aċt ar na neiṫiḃ do‐ḟeicsiona: óir ní ṫugann na neiṫe so‐ḟeicsiona aċt seal, aċt is síor‐ḃuan iad na neiṫe do‐ḟeicsiona. |
First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1951.
British & Foreign Bible Society