2 Chum na gCoirinnteach 3 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)1 An ag tosnú arís ar ár molaḋ féin atáimíd? nó an ḃfuil gaḃaḋ againn le litreaċaiḃ molta ċugaiḃ nó uaiḃ, mar tá ag daoiniḃ áiriṫe? 2 Is siḃ‐se ár litir, atá scríoḃṫa ’n‐ár gcroiḋeaċaiḃ, atá d’á ṫuigsin agus d’á léiġeaṁ ag an uile ḋuine; 3 mar is léir gur siḃ litir Ċríost do cuireaḋ fá n‐ár gcúram, litir do scríoḃaḋ, ní h‐é le duḃaċ, aċt le Spiorad Dé ḃí; ní h‐é ar ṫáiḃléadaiḃ cloiċe, aċt ar ṫáiḃléadaiḃ feola. 4 Agus is tré Ċríost atá an ṁuiniġin seo againn i dtaoḃ Dé: 5 ní h‐é gur féidir linn éinniḋ d’áireaṁ mar ḃéaḋ uainn féin; aċt is ó Ḋia ṫig ár gcumas; 6 is é ṫug éifeaċt dúinn, leis, ċum ḃeiṫ ’n‐ár seirḃíseaċaiḃ do ṫiomna nua; ní h‐é do réir na litre, aċt do réir an spioraid; óir marḃann an litir, aċt do‐ḃeir an spiorad beaṫa. 7 Agus miniostrálaċt an ḃáis, atá greanta ’n‐a litreaċaiḃ ar ċloċaiḃ, má ṫáinig sí le glóir, i rioċt nárḃ ḟéidir le clannaiḃ Israel féaċaint go grinn ar ġnúis Ṁaoise, mar ġeall ar ġlóir a ġnúise: glóir do ḃí ag dul i n‐éag: 8 cad ċuige naċ mbéaḋ glóir is mó ’ná sin ag miniostrálaċt an spioraid? 9 Óir má tá miniostrálaċt an damnuiġṫe glórṁar, is mó ’ná sin go mór atá miniostrálaċt na fíréantaċta glórṁar. 10 Óir an niḋ do‐rinneaḋ glórṁar, is dearḃ naċ ndearnaḋ é glórṁar san gcás so, mar ġeall ar an nglóir is fearr. 11 Óir an niḋ do ḃí ag dul i n‐éag, má ḃí sé glórṁar, is mó ’ná sin go mór glóir an niḋ atá buan. 12 Ó ṫárla a leiṫéid seo de ṁuiniġin ḃeiṫ againn, laḃraimíd as cainnt an‐dána, 13 agus ní ḟuilmíd mar ḃí Maois, do ċuir folaċ ar a ġnúis, ċum naċ ndearcfaḋ clanna Israel go grinn ar ḋeireaḋ a raiḃ ag dul i n‐éag: 14 aċt do ḃí a n‐aigne dallta, óir go dtí an lá so féin, le linn léiġte an tseantiomna, fanann an folaċ céadna gan tógáil: folaċ atá curṫa ar neaṁ‐niḋ i gCríost. 15 Aċt go dtí an lá so, nuair léiġtear Maois, luiġeann folaċ ar a gcroiḋe. 16 Aċt nuair ċasfaiḋ siad ċum an Tiġearna, tógfar an folaċ díoḃ. 17 Anois is é an Tiġearna an Spiorad; agus an áit ’n‐a ḃfuil Spiorad an Tiġearna, is ann atá saoirse. 18 Aċt sinne uile, ag dearcaḋ, mar ḃéaḋ i scaṫán, ar ġlóir an Tiġearna, gan folaċ ḃeiṫ ar ár ngnúis, atáimíd d’ár n‐aistriú san íoṁáiġ ċéadna ó ġlóir go glóir, mar ḃéaḋ ó’n Tiġearna an Spiorad. |
First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1951.
British & Foreign Bible Society