Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

2 Chum na gCoirinnteach 2 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

1 Aċt im’ ṫaoḃ‐sa, do ceapas im’ aigne naċ dtiocfainn ċugaiḃ fá ḋoilġeas.

2 Óir má ċuirim doilġeas oraiḃ, cia h‐é ḟéadas soilġeas do ṫaḃairt dom munab é an té sin ar ċuireas doilġeas air?

3 Agus ċuige sin is eaḋ do scríoḃas an méid seo ċugaiḃ, ar eagla, ar dteaċt dom, go ḃfaiġinn doilġeas uaṫa‐san go mba ċeart go mbéaḋ bród orm ’n‐a dtaoḃ; ó ṫárla muiniġin ḃeiṫ agam asaiḃ go léir, gur ab é mo ḃród‐sa bród gaċ duine agaiḃ.

4 Óir is fá ḃuaiḋirt ṁóir agus fá ḋoilġeas croiḋe do scríoḃas ċugaiḃ le frasaiḃ deor, ní ċum doilġeas do ċur oraiḃ, aċt ċum go dtuigfeaḋ siḃ méid an ġráḋa atá agam daoiḃ.

5 Aċt má ṫáinig doilġeas de ċionn duine ar biṫ, ní h‐orm‐sa ṫáinig sé, aċt ṫáinig cuid de (gan luiġe ro‐ṫrom) oraiḃ go léir.

6 Is leor do’n té úd an pionós fuair sé ó’n ḃfurṁór;

7 ionnas ’n‐a ionad sin, gur ṁó ba ċóir daoiḃ maiṫeaṁnas agus sólás do ṫaḃairt dó, ar eagla go sloigfiḋe an té úd le h‐iomarca doilġis.

8 Uime sin aṫċuinġim oraiḃ ḃur ngráḋ do ḋearḃaḋ ḋó.

9 Óir ċuige sin is eaḋ do scríoḃas, ċum go mbéaḋ a ḟios agam, mar ṫastáil oraiḃ, an ḃfuil siḃ uṁal san uile niḋ.

10 Cibé duine go dtugann siḃ maiṫeaṁnas dó, do‐ḃeirim‐se maiṫeaṁnas dó, leis, mar, má tá rud ar biṫ maiṫte agam, is ar ḃur son‐sa atá sé maiṫte agam i láṫair Ċríost;

11 ar eagla go mbéaḋ buaiḋ ag Sátan orainn; óir ní ḟuilmíd gan eolas ar a ṡliġṫiḃ.

12 Anois nuair ṫángas go Tróas ar son soiscéil Ċríost, giḋ gur ḟoscail an Tiġearna doras róṁam, ní raiḃ suaiṁneas ar mo spiorad,

13 toisc naċ ḃfuaras mo ḃráṫair Títus: aċt d’ḟágas slán aca agus d’imṫiġeas go dtí an Ṁaiceadóin.

14 Aċt buiḋeaċas le Dia, ṫreoruiġeas go buaḋaċ i gCríost sinn i gcóṁnaiḋe, agus scaipeas san uile áit tré n‐ár láṁaiḃ an ċuṁraċt ṫig ó eolas air.

15 Óir is sinne deaġ‐ċuṁraċt Ċríost ar son Dé do’n dream atá d’á slánú, agus do’n dream atá d’á ndamnú;

16 do ḋream aṁáin cuṁraċt ó ḃás ċum báis, agus do’n dream eile cuṁraċt ó ḃeaṫaiḋ ċum beaṫaḋ. Agus cia an duine atá oireaṁnaċ le h‐aġaiḋ na neiṫe sin?

17 Óir ní mar an ṁór‐ċuid ḃímíd, ag truailliú Briaṫair Dé: aċt laḃraimíd i gCríost le fíre, mar ḃéaḋ ó Ḋia, i ḃfiaḋnaise Dé.

First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1951.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan