2 Chum na gCoirinnteach 13 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)1 Is í seo an treas uair dom ag teaċt ċugaiḃ. Ar ḟiaḋnaise beirte nó triúir bunóċar gaċ focal. 2 Aduḃras liḃ ċeana nuair ḃíos láiṫreaċ an dara h‐uair, agus anois, ar mbeiṫ as láṫair dom, fógraim do na daoiniḃ do rinne peacaḋ, agus do na daoiniḃ eile, má ṫagaim arís, naċ ndéanfad truaġ ḋaoiḃ; 3 ó tá siḃ ag iarraiḋ a ċruṫú gur ab é Críost atá ag laḃairt ionnam; an té naċ ḃfuil lag ’n‐ḃur dtaoḃ, aċt atá cuṁaċtaċ ’n‐ḃur measc. 4 Óir má’s fíor gur céasaḋ é tré laige, maireann sé beo tré ċuṁaċt Dé. Óir atáimíd féin lag i n‐éinḟeaċt leis, aċt mairfimíd beo i n‐éinḟeaċt leis de ḃárr cuṁaċta Dé ’n‐ḃur dtaoḃ. 5 Scrúduiġiḋ siḃ féin, d’ḟéaċain an ḃfuil siḃ san gcreideaṁ; déanaiḋ froṁaḋ oraiḃ féin. Nó naċ ḃfuil a ḟios agaiḃ féin go ḃfuil Íosa Críost ionnaiḃ? munab aṁlaiḋ gur daoine iondamanta siḃ. 6 Aċt atá súil againn go dtuigfiḋ siḃ naċ daoine iondamanta sinne. 7 Anois aṫċuinġim ar Ḋia naċ ndéanfaiḋ siḃ olc ar biṫ; ní h‐é ċum go measfaiḋe sinn ḃeiṫ ionṁolta, aċt le fonn go ndéanfaiḋ siḃ‐se an ċóir, agus go measfaiḋe sinne ḃeiṫ iondamanta. 8 Óir ní féidir linn éinniḋ do ḋéanaṁ i n‐aġaiḋ na fírinne, aċt ar son na fírinne. 9 Óir bíonn luṫġáir orainn nuair ḃímíd lag, agus siḃ‐se ḃeiṫ láidir: agus is é rud ġuiḋmíd, siḃ‐se ḃeiṫ foirḃṫe ar fad. 10 D’á ḃriġ sin atáim ag scríoḃaḋ na neiṫe seo, agus mé as láṫair, fá mar ṫug an Tiġearna uġdarás ċum leasuiġṫe, agus ní ċum leagṫa ḋom. 11 I ndeireaḋ scéil, a ḃráiṫre, slán agaiḃ. Biḋiḋ foirḃṫe, bíoḋ meisneaċ agaiḃ; biḋiḋ ar aon intinn le ċéile; cóṁnuiġiḋ i síoṫċáin: agus fanfaḋ Dia an ġráḋa agus na síoṫċána agaiḃ. 12 Beannuiġiḋ d’á ċéile le póig naoṁṫa. 13 Beannuiġeann na naoiṁ go léir daoiḃ. 14 Go raiḃ grása an Tiġearna Íosa Críost, agus gráḋ Dé, agus comaoin an Spioraid Naoiṁ agaiḃ go léir. |
First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1951.
British & Foreign Bible Society