2 Chum na gCoirinnteach 11 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)1 Ba ṁian liom go ḃféadfaḋ siḃ beagán diṫ‐céille d’ḟulang uaim: aċt ċeana atá siḃ ag fulang liom. 2 Óir atáim éadṁar liḃ le h‐éad diaḋa: óir ṫugas le pósaḋ siḃ d’ḟear aṁáin, ċum siḃ do ṫaḃairt mar ṁaiġdin gan smál do Ċríost. 3 Aċt is eagal liom, fá mar ṁeall an naṫair Éaḃa le n‐a ġliocas, go dtruailleoċaiḋe ḃur smaointe ar aon ċor ó’n tsimpliḋeaċt agus ó’n ngeanmnaiḋeaċt i dtaoḃ Ċríost. 4 Óir má ṫagann duine ag seanmóiriú Ċríost eile nár ṡeanmóruiġeamair‐ne, nó má ġlacann siḃ spiorad eile nár ġlacamar leis, naċ breaġ mar ḟulaingeann siḃ leisean? 5 Óir measaim naċ ḃfuil tosaċ ag na h‐abstalaiḃ mór‐luaċaċa úd orm‐sa. 6 Aċt má’s fíor féin gur beag le ráḋ fá ċainnt mé, ní mar sin dom fá eolas: mar do ċruṫuiġeamar ’n‐ḃur measc é go h‐iomlán ar gaċ sliġe. 7 Nó ar ṗeacaḋ ḋom m’ísliú féin ċum siḃ d’árdú? de ċionn gur ṡeanmóruiġeas soiscéal Dé i n‐aisce ḋaoiḃ? 8 Do ċreaċas eaglaisí eile, ag glacaḋ tuarastail uaṫa ċum seirḃís do ḋéanaṁ ḋaoiḃ‐se; 9 agus nuair do ḃíos ’n‐ḃur láṫair, agus mé i ngáḃatar, ní raḃas mar ualaċ ar aon duine; óir na bráiṫre, ag teaċt ó’n Maiċeadóin dóiḃ, ṫugadar dom gaċ a raiḃ i n‐éasnaṁ orm; agus ar gaċ sliġe do ċoisceas mé féin ar ḃeiṫ mar ualaċ oraiḃ, agus coiscfead. 10 Mar tá fírinne Ċríost ionnam, ní ċuirfiḋ aon duine stad liom san aḋḃar maoiḋṁeaċais seo agam i gcríoċaiḃ Aċáia. 11 Cad ċuige? Toisc gan gráḋ ḃeiṫ agam daoiḃ‐se? Is ag Dia atá a ḟios sin. 12 Aċt an méid do‐ġním, leanfad de, ċum naċ dtugad faill do’n dream gur mian leo faill d’ḟáġáil; ċum go ḃfaiġfiḋe iad ḃeiṫ ċóṁċosṁail linne i dtaoḃ an niḋ atá mar aḋḃar maoiḋṁeaċais aca. 13 Óir is abstail ḃréige a leiṫéidí sin, oibriḋṫe mealltaċa, g‐á gcur féin i gcló abstal Ċríost. 14 Agus ní h‐aon iongnaḋ é sin; mar ċuireann Sátan féin cló aingil solais air féin. 15 D’á ḃriġ sin, ní h‐aon rud mór a ṡeirḃísiġ ḃeiṫ g‐á n‐aistriú féin i gcló seirḃíseaċ fíréantaċta mar an gcéadna; dream gur do réir a ngníoṁarṫa ḃéas a gcríoċ ḋéiḋeannaċ. 16 Adeirim arís, Ná measaḋ aoinneaċ gur duine diṫ‐céilliḋe mé; má ṁeasann siḃ‐sé e, glacaiḋ liom mar ḋuine diṫ‐céilliḋe, agus leigiḋ ḋom beagán maoiḋṁeaċais do ḋéanaṁ. 17 An méid adeirim, ní do réir an Tiġearna adeirim é, aċt mar ḃéaḋ do réir diṫ‐céille, le teann maoiḋṁeaċais. 18 Ó ṫárla a lán ḃeiṫ ag maoiḋeaṁ do réir na colna, maoiḋfead‐sa mar an gcéadna. 19 Óir siḃ‐se atá ċóṁ céilliḋe sin, fulaingeann siḃ go fonnṁar le luċt diṫ‐céille. 20 Óir má ċuireann duine fá ḋaoirse siḃ, má ċreaċann sé siḃ, má ṁeallann sé siḃ, má éiriġeann sé uaiḃreaċ, má ḃuaileann sé san éadan siḃ, fulaingeann siḃ leis. 21 Laḃraim ’gam’ ċáineaḋ féin, aṁail mar ḃéimís ro‐lag. Aċt má tá aḋḃar dánaiḋeaċta ag duine ar biṫ (ag laḃairt go diṫ‐céilliḋe atáim) atáim‐se dána, leis. 22 An Eaḃraiḋiġ iad‐san? Is eaḋ mise, leis. An Israelítiġ iad? Is eaḋ mise, leis. An clann Abraċaim iad? Is eaḋ mise, leis. 23 An seirḃísiġ Ċríost iad (ag laḃairt mar ḋuine atá as a ċéill atáim), is mó ’ná sin mise; ní ba ḋúṫraċtaiġe i saoṫar, i bpríosúnaiḃ ní ba ṁiniciġe, dom’ sciúirseaḋ as miosúr, i mbaoġal báis go minic. 24 Fuaras ḋá ḟiċid buille, aċt ceann aṁáin, cúig uaire ó na h‐Iúdaċaiḃ. 25 Do buaileaḋ le slataiḃ trí h‐uaire mé, do gaḃaḋ de ċloċaiḃ orm uair aṁáin, d’ḟulaingeas long‐ḃriseaḋ trí h‐uaire, do ċaiṫeas lá go n‐oiḋċe ar an aiḃéis ṁóir; 26 go minic ar turasaiḃ, i ngáḃaḋ aiḃne, i ngáḃaḋ ó ġadaiḋṫiḃ, i ngáḃaḋ óm’ ċineaḋ féin, i ngáḃaḋ ó na Págánaċaiḃ, i ngáḃaḋ i mbailtiḃ móra, i ngáḃaḋ san ḃfásaċ, i ngáḃaḋ mara, i ngáḃaḋ i measc bráṫar bréige; 27 i saoṫar agus i gcruaḋtan, i ḃfaireaċán go minic, i dtroscaḋ go minic, fá ocras agus fá lomnoċtaiġe. 28 I gcionn na neiṫe sin taoḃ amuiġ ḋíom, atá an gnó ḃíos ’gam’ ċráḋ gaċ lá, imniḋe fá na h‐eaglaisiḃ uile. 29 Cia h‐é atá lag gan mise ḃeiṫ lag? Cia h‐é go mbaintear tusleaḋ as, agus naċ mbím dom’ loscaḋ? 30 Má ċaiṫfead maoiḋṁeaċas do ḋéanaṁ, is as neiṫiḃ ḃaineas lem’ laige ṁaoiḋfead. 31 Atá a ḟios ag Dia, ag Aṫair an Tiġearna Íosa Críost atá beannuiġṫe go síorraiḋe, naċ bréag atáim d’innsint. 32 I nDamaisc dom, an goiḃearnóir atá fá ċeannas Arétais rí, do ċonḃuiġ sé gárda ar ċaṫair na nDámaisceaċ, d’ḟonn mise do ġaḃáil: 33 agus do leigeaḋ mé síos tré ḟuinneoig i gciseán le h‐ais an ḃalla, gur éaluiġeas ó n‐a láṁaiḃ. |
First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1951.
British & Foreign Bible Society