Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

2 Chum na gCoirinnteach 10 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

1 Anois, aṫċuinġim‐se, Pól, ḃíos úiríseal ’n‐ḃur measc, agus mé ’n‐ḃur láṫair, aċt ḃíos an‐dána ’n‐ḃur dtaoḃ agus mé as láṫair, as uċt caoiṁe agus mánlaċta Ċríost, impiḋim oraiḃ,

2 nuair ḃéiḋead ’n‐ḃur láṫair, naċ mbéiḋ d’ḟiaċaiḃ orm ḃeiṫ dána do réir mar ṁeasaim gur cóir dom ḃeiṫ dána i n‐aġaiḋ daoine áiriṫe ṁeasas gur ag siuḃal do réir na colna atáimíd.

3 Óir má ṡiuḃlaimíd san gcolainn féin, ní do réir na colna ṫroidimíd;

4 óir ní de’n ċolainn ár n‐airm troda, aċt atá siad cumasaċ ó Ḋia ċum daingne do leagaḋ;

5 bíonn saṁlaiḋeaċt, agus gaċ árd‐aiḋm ċuireas i n‐aġaiḋ eolais Dé d’á leagaḋ againn, agus gaċ smaoineaḋ d’á ċur fá smaċt na h‐uṁlaċta do Ċríost;

6 agus bímíd ullaṁ ċun díoġaltas d’imirt ar gaċ easuṁlaċt, ċóṁ luaṫ is ḃíos siḃ‐se ag uṁlú go h‐iomlán.

7 Ní ḟeiceann siḃ aċt a mbíonn róṁaiḃ. Má ċreideann aon duine ann féin gur le Críost é, deanaḋ sé aṫsmaoineaḋ leis féin, má’s duine le Críost é, gur ab aṁlaiḋ ḋúinne.

8 Óir bíoḋ go ndéanfainn beagán maoiḋṁeaċais san mbreis as ár h‐uġdarás (ṫug an Tiġearna ḋúinn ċum ḃur leasuiġṫe, ní ċum siḃ do leagaḋ),

9 ní h‐aon aḋḃar náire ḋom é: ar ṁoḋ naċ measfaiḋe mé mar ḃéinn d’iarraiḋ eagla do ċur oraiḃ lem’ litreaċaiḃ.

10 Óir, is é adeirid, Bíonn a litreaċa tréan, borb, aċt ní mór le ráḋ a ṗearsa agus é i láṫair, agus bíonn a ċainnt gan éifeaċt.

11 Measaḋ a leiṫéid sin, do réir mar ḃímíd do réir ár ḃfocail ’n‐ár litreaċaiḃ, gur mar sin ḃímíd i ngníoṁarṫaiḃ, agus sinn i láṫair.

12 Óir ní láṁaimíd sinn féin d’áireaṁ, nó do ċur i gcóiṁeas le daoine áiriṫe ḃíos g‐á molaḋ féin: aċt g‐á dtóṁas féin dóiḃ, agus g‐a gcur féin i gcóiṁeas le ċéile, atáid gan tuigsin.

13 Aċt ní ḋéanfaimíd‐ne maoiḋṁeaċas as miosúr, aċt do réir an ṁiosúir do ċuir Dia mar ṫeorainn linn, miosúr ṡíneas ċóṁ fada liḃ‐se.

14 Óir ní ṡínimíd‐ne ṫar teorainn aṁail mar nár ṡíneamar ċóṁ fada liḃ‐se: óir is ċugaiḃ‐se ba ṫúisce ṫángamar le soiscéal Ċríost:

15 ní ag maoiḋeaṁ as miosúr dúinn as a ndearna daoine eile; aċt atá súil againn, do réir mar ṁéaduiġeas ḃur gcreideaṁ,

16 go leaṫnóċar ár dteora n‐ḃur measc ċóṁ mór sin go seanmóirfimíd an soiscéal ins na críoċaiḃ ar an taoḃ ṫall díḃ, gan maoiḋeaṁ as a ḃfuil déanta ċeana taoḃ istiġ de ṫeorainn aon duine eile.

17 Aċt an té do‐ġní maoiḋṁeaċas, déanaḋ sé as an Tiġearna é.

18 Óir ní h‐é an té ṁolas é féin atá ionṁolta, aċt an té go molann an Tiġearna é.

First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1951.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan