Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

2 Chum na gCoirinnteach 1 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

1 Pól, abstal Íosa Críost tré ṫoil Dé, agus Timótéus ár mbráṫair, ċum eaglaise Dé atá i gCoirinnt, mar aon leis na naoṁaiḃ go léir atá i nAċáia ar fad:

2 Grása ḋaoiḃ agus síoṫċáin ó Ḋia ár nAṫair agus ó’n Tiġearna Íosa Críost.

3 Go mbeannuiġtear Dia agus Aṫair ár dTiġearna Íosa Críost, Aṫair na dtrócaire agus Dia gaċ cóṁḟortaċta,

4 do‐ḃeir cóṁḟortaċt dúinn ’n‐ár n‐anró uile, ċum go mbéiḋ ar ċumas dúinn cóṁḟortaċt do ṫaḃairt do na daoiniḃ go mbíonn buaiḋirt ar biṫ orṫa, tríd an gcóṁḟortaċt le n‐a ḃfaiġmíd féin cóṁḟortaċt ó Ḋia.

5 Óir dá ṁéid iad pianta Ċríost ionnainn, is móide ár sólás tré Ċríost, leis.

6 Agus má’s buaiḋirt dúinn, is ċum ḃur gcóṁḟortaċta agus ḃur slánuiġṫe é; nó má’s cóṁḟorṫaċt dúinn, is ċum ḃur gcóṁḟortaċta é, ag oibriú ionnaiḃ, agus siḃ go foiġdeaċ ag fulang na bpianta céadna ḟulaingmid‐ne:

7 agus is daingean an dóċas atá againn ’n‐ḃur dtaoḃ, de ċionn gur ab eol dúinn, fá mar tá siḃ ċóṁṗáirteaċ ins na piantaiḃ, go ḃfaiġiḋ siḃ ḃur gcuid féin de’n tsólás, leis.

8 Níorḃ áil linn, a ḃráiṫre, siḃ ḃeiṫ gan eolas i dtaoḃ an anró ṫárla ḋúinn san Áise, go raiḃ trom‐ualaċ mór orainn do ṡáruiġ orainn ar fad, i rioċt gur ḃaineamar dúil de’n ḃeaṫaiḋ féin:

9 go deiṁin do ḃí breaṫ báis ionnainn féin, ċum naċ mbéaḋ muiniġin againn asainn féin, aċt as Dia aiṫḃeoḋas na mairḃ:

10 do ṡaor ó n‐a ċóṁmór sin de ḃás sinn, agus ṡaorfas; go ḃfuil ár muiniġin as go saorfaiḋ sé fós sinn;

11 agus siḃ‐se ag cuidiú linn le h‐aṫċuinġe ar ár son; ċum go dtiuḃraiḋ a lán daoine buiḋeaċas ’n‐ár dtaoḃ as uċt na tíoḋlaice do bronnaḋ orainn ar impiḋe móráin.

12 Óir is é fáṫ ár maoiḋṁeaċais, fiaḋnaise ár gcóinsiais, gur i naoṁṫaċt agus i ḃfíre i ḃfiaḋnaise Dé d’iomċaramar sinn féin san tsaoġal, ní h‐é i ngliocas colnaiḋe, aċt i ngrása Dé, ’n‐ḃur dtaoḃ‐sa go mór.

13 Óir ní scríoḃaimíd ċugaiḃ aċt an méid léiġfeas siḃ agus aiṫniġeas siḃ gur fíor é, agus atá súil agam go n‐aiṫneoċaiḋ siḃ go deireaḋ é:

14 aṁail mar ċuir siḃ a ḃeag nó a ṁór d’aiṫne orainn, gur sinne aḋḃar ḃur maoiḋṁeaċais, fá mar is siḃ‐se aḋḃar ár maoiḋṁeaċais i ló ár dTiġearna Íosa.

15 Agus leis an dóċas so ba ṁian liom teaċt ċugaiḃ roiṁe seo, ċum go ḃfaiġeaḋ siḃ breis áṫais; agus imṫeaċt uaiḃ isteaċ san Maiceadóin,

16 agus teaċt ċugaiḃ arís ó’n Maiceadóin, agus go ndéanfaḋ siḃ mo ṫíoḋlacaḋ ar an mbealaċ dom ċóṁ fada le h‐Iúdaea.

17 Nuair do ḃíos ar an intinn sin, an raḃas corraċ? nó an ċóṁairle ar a gcinnim, an do réir na colna ċinnim uirṫi, ar ṁoḋ go mbeaḋ an ’seaḋ agus an ní h‐eaḋ im’ ḃéal agam i n‐éinḟeaċt.

18 Aċt, mar tá Dia fírinneaċ, ní raiḃ ár mbriaṫar daoiḃ‐se ’n‐á ’seaḋ agus ’n‐a ní h‐eaḋ i n‐éinḟeaċt.

19 Óir Íosa Críost, Mac Dé, do ṡeanmóireamar daoiḃ, is é sin mise agus Silḃánus agus Timótéus, níor ’seaḋ agus ní h‐eaḋ é, aċt ní ḟuil ann aċt ’seaḋ i gcóṁnaiḋe.

20 Dá ṁéid iad geallaṁnaċa Dé, is ann atá an ’seaḋ: agus d’á ḃriġ sin is tríd adeirtear Amén, ċum glóire Dé trínne.

21 Agus an té ḋaingniġeas sinn i n‐éinḟeaċt liḃ‐se i gCríost, is é Dia é;

22 an té do ċuir séala orainn, agus do ċuir éirlis an Spioraid ’n‐ár gcroiḋeaċaiḃ.

23 Agus éiliġim Dia mar ḟiaḋnaiḋe ar m’anam, gur ar ṁaiṫe liḃ‐se naċ dtainig mé arís go Coirinnt.

24 Ní h‐é go ndéanaimíd máiġistreaċt ar ḃur gcreideaṁ, aċt go ḃfuilmíd ag cur le n‐ḃur n‐áṫas; óir is tré ċreideaṁ ṡeasas siḃ.

First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1951.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan