2 Chum na dTesaloníceach 2 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)1 I dtaoḃ a mbaineann le teaċt ár dTiġearna Íosa Críost, agus le n‐ár gcóṁċruinniú fá n‐a ċóṁair, 2 impiḋmíd oraiḃ, a ḃráiṫre, gan leigean d’ḃur n‐aigne ḃeiṫ corruiġṫe go luaṫ, ná ḃeiṫ buaiḋearṫa ag spiorad, nó ag focal, nó ag eipistil, mar ḃeaḋ uainne, g‐á ráḋ go ḃfuil lá an Tiġearna ann de láṫair. 3 Ná meallaḋ aoinneaċ ar aon ċuma siḃ; óir ní foláir tréigean an ċreidiṁ do ṫeaċt ar dtús, 4 agus noċtaḋ fir an ṗeacaiḋ, an mac mallaċtan árduiġeas é féin os cionn gaċ a dtugtar Dia mar ainm air, nó go ndéantar aḋraḋ ḋó; ar ṁoḋ go suiḋeann sé i dteampall Dé, g‐á ċur i gcéill gur Dia é féin. 5 Naċ cuiṁin liḃ gur inniseas an méid sin daoiḃ nuair ḃíos ’n‐ḃur ḃfoċair? 6 Agus is eol daoiḃ anois créad atá ag cur coisc leis, ċum naċ noċtfar é go dtí n‐a am féin. 7 Óir atá rúindiaṁair na míriaġaltaċta ag oibriú ċeana féin: aċt caiṫfear an té atá ag cur coisc leis do ṫógáil as an sliġe. 8 Annsin is eaḋ foillseoċar an duine míriaġalta go marḃóċaiḋ an Tiġearna Íosa le h‐anáil a ḃéil é, agus go scriosfaiḋ sé le n‐a ṫeaċt agus le n‐a ṫaiḋḃsiú é. 9 Is é sin an té go mbéiḋ a ṫeaċt do réir gníoṁaċais Ṡátain, le cuṁaċt, agus le míorḃailtiḃ, agus le h‐iongantaisiḃ bréige, 10 agus le gaċ ceilg dá gcuireann an cuirpṫeaċt ar an dream d’á ḃfuil an scrios i ndán; toisc nár ġlacadar gráḋ na fírinne, ċum go slánóċaiḋe iad. 11 Agus ar an aḋḃar sin cuireann Dia fá ċuṁaċt mearḃaill iad, ċum bréag do ċreideaṁain: 12 ċum gaċ dream nár ċreid an ḟírinne aċt do ċuir dúil san éagcóir, do ṫaḃairt fá ḃreiṫeaṁnas. 13 Aċt is dual dúinn buiḋeaċas do ṫaḃairt do Ḋia go síor ar ḃur son‐sa, a ḃráiṫre ionṁain leis an Tiġearna, de ḃriġ gur ṫoġ Dia ó ṫosaċ siḃ ċum slánuiġṫe tré naoṁú an Spioraid, agus tré ċreideaṁ san ḃfírinne. 14 Ċuige sin is eaḋ do ġlaoḋ sé tré n‐ár soiscéal siḃ, ċum glóir ár dTiġearna Íosa Críost d’ḟáġáil. 15 Uime sin, a ḃráiṫre, seasuiġiḋ go daingean, agus congḃuiġiḋ gaċ ar múineaḋ ḋaoiḃ le briaṫar béil, nó le h‐eipistil uainne. 16 Anois go dtugaiḋ ár dTiġearna Íosa Críost féin agus Dia ár nAṫair, do ġráḋuiġ sinn, agus ṫug sólás síorraiḋe agus deaġ‐ḋóċas dúinn tré ġrása, go dtugaiḋ sé sólás croiḋe ḋaoiḃ, 17 agus go neartuiġiḋ sé i ngaċ deaġ‐ġníoṁ agus i ngaċ deaġ‐ḟocal siḃ. |
First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1951.
British & Foreign Bible Society