Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

1 Peadar 4 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

1 D’á ḃriġ sin, ó ṫárla gur ḟulaing Críost san ḃfeoil, bíoḋ an aigne ċéadna sin mar arm agaiḃ; óir an té d’ḟulaing san ḃfeoil, atá sé scarṫa le peacaḋ;

2 ċum naċ gcaiṫfeaḋ sé a ṡaoġal ’n‐a ḋiaiḋ sin do réir ainṁianta na ndaoine, aċt do réir tola Dé.

3 Óir ba leor an t‐am atá imṫiġṫe ṫart ċum toil na bPágánaċ do ḋéanaṁ, ag siuḃal i ndreaḃlas, i n‐ainṁiantaiḃ, i n‐ólaċán, i gcraos, i bpótaireaċt agus i n‐íoḋal‐aḋraḋ déisteanaċ.

4 Agus is niḋ é ċuireas iongnaḋ orṫa‐san, a ṁeas naċ riṫeann siḃ i n‐éinḟeaċt leo isteaċ i raḃarta ainṁeasarḋaċta, ag laḃairt go masluiġṫeaċ ’n‐ḃur dtaoḃ.

5 Ḃéarfaiḋ siad cunntas do’n té atá ullaṁ ċum breiṫeaṁnas do ṫaḃairt ar ḃeoḋaiḃ agus ar ṁarḃaiḃ.

6 Óir is ċuige do craoḃscaoileaḋ an soiscéal do na marḃaiḃ féin, ċum go dtiuḃarfaiḋe breiṫeaṁnas orṫa mar ḋaoine do réir na feola, aċt go mairfidís mar ṁaireann Dia san spiorad.

7 Aċt atá deireaḋ gaċ éinniḋ i gcóṁgar: biḋiḋ céilliḋe d’á ḃriġ sin, go h‐aireaċ ’n‐ḃur n‐urnaiġṫiḃ.

8 Ṫar gaċ niḋ eile bíoḋ dian‐ġráḋ agaiḃ d’á ċéile: óir cuireann an grád clúdaċ ar a lán mór peacaiḋe.

9 Biḋiḋ fáilteaċ roiṁ a ċéile gan doiċeall.

10 Do réir mar fuair gaċ duine bronntanas, roinniḋ ar a ċéile é, mar ḋéanfaḋ deaġ‐ṁaoir grása iomadaṁla Dé.

11 Má laḃrann aoinneaċ, laḃraḋ sé mar ḃéaḋ sé ag laḃairt briaṫar Dé; má ġníonn aoinneaċ miniostrálaċt, déanaḋ sé é do réir an ċumais do‐ḃeir Dia: ċum glóir ins an uile niḋ do ṫaḃairt do Ḋia tré Íosa Críost, ag a ḃfuil an ġlóir, agus an ċuṁaċt go saoġal na saoġal. Amen.

12 A ċáirde ionṁaine, ná bíoḋ aon iongnaḋ oraiḃ fá’n gcatú teintiḋe atá d’á ċur oraiḃ, mar ḃéaḋ niḋ neaṁ‐ġnáṫaċ ann, ó cuireaḋ é ċum siḃ d’ḟróṁaḋ:

13 aċt ó tá siḃ rannṗáirteaċ ’n‐ar ḟulaing Críost, déanaiḋ gáirdeaċas; ċum go mbéiḋ áṫas agus árd‐ṁeanma oraiḃ, ċóṁ maiṫ, nuair foillseoċar a ġlóir.

14 Má masluiġtear siḃ ar son ainme Críost is aoiḃinn daoiḃ, óir luiġeann Spiorad na glóire, Spiorad Dé, oraiḃ.

15 Aċt ná fulaingeaḋ aon duine agaiḃ mar ḋúnṁarḃṫóir, ná mar ġadaiḋe, ná mar ḃiṫeaṁnaċ, ná mar spíodóir i ngnóṫaiḃ daoine eile:

16 aċt má’s mar Ċríostaiḋe é, ná bíoḋ náire air; aċt taḃraḋ sé glóir do Ḋia as uċt an ainme seo.

17 Óir atá an t‐am tagṫa ċum tosnuiġṫe ar ḃreiṫeaṁnas ag tiġ Dé: agus má’s againne ṫosnóċas sé ar dtús, créad tá i ndán do na daoiniḃ naċ n‐uṁluiġeann do ṡoiscéal Dé?

18 Agus má’s ar éigean slánóċar an fíréan, cia an ċríoċ atá i n‐áiriṫe do’n duine neiṁ‐ḋiaḋa agus do’n ṗeacaċ?

19 D’á ḃriġ sin, na daoine ḟulaingeas do réir tola Dé, cuiridís a n‐anmanna fá ċuṁdaċ an Ċruṫuiġṫeora ḋílis, ag cleaċtaḋ maiṫeasa.

First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1951.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan