Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

1 Peadar 3 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

1 A ṁná, biḋiḋ‐se uṁal, mar an gcéadna, d’ḃur ḃfearaiḃ féin; ionnas, má tá aon ċuid aca naċ n‐uṁluiġeann do’n ḃriaṫar, go mbuaiḋfear orṫa, i n‐éagmais an ḃriaṫair, le deaġ‐iomċar a mbainċéile;

2 ag féaċain dóiḃ ar ḃur mbéasaiḃ banaṁla, cúṫaile.

3 Ná bíoḋ le feicsin mar aḋḃar maise oraiḃ ar an taoḃ amuiġ ḋíḃ gruaig ṫreillsiġṫe, nó seoda óir, nó culaiṫe breaġṫa éadaiġ;

4 aċt nádúir ḟoluiġṫe an ċroiḋe istiġ, deaġ‐ṁaise neaṁ‐ṫruailliġṫe caoin‐spioraid ċeannsa, atá an‐luaċṁar i ḃfiaḋnaise Dé.

5 Óir na mná naoṁṫa fad ó, go raiḃ a muiniġin as Dia, is ar an gcuma sin do ṁaisiġeadar iad féin, agus iad uṁal d’á ḃfearaiḃ féin:

6 fá mar ḃí Sára uṁal d’Abraċam, ag glaoḋaċ tiġearna air. Atá siḃ‐se ’n‐ḃur gclainn di anois, má ġníonn siḃ go maiṫ, gan éinniḋ ḃeiṫ ann le faitċíos do ċur oraiḃ.

7 Ar an gcuma ċéadna, a ḟeara, déanaiḋ cóṁnaiḋe i n‐éinḟeaċt le n‐ḃur mnáiḃ do réir déiġċéille, ag taḃairt onóra do’n ṁnaoi aṁail do’n tsoiṫeaċ is laige, agus mar ċóṁ‐oiḋre grása na beaṫaḋ; ċum naċ gcurfar aon ċosc le n‐ḃur n‐urnaiġṫiḃ.

8 I ndeireaḋ scéil, biḋiḋ uile ar aon intinn, aṫtruaġaċ, lán de ġráḋ bráṫarḋa, so‐ċroiḋeaċ, aċt uṁal;

9 gan olc do ḋéanaṁ i n‐éiric an uile, ná aṫċáineaḋ do ṫaḃairt i n‐aġaiḋ cáinte, aċt ’n‐a ionad sin, beannaċt; óir is ċuige sin do glaoḋaḋ siḃ, go ḃfaiġeaḋ siḃ beannaċt mar oiḋreaċt.

10 Óir, An té gur mian leis beaṫa, Agus laeṫe maiṫe d’ḟeicsin, Coisceaḋ sé a ṫeanga de’n olc, Agus a ḃeola d’ḟoclaiḃ mealltaċa:

11 Staonaḋ sé de’n olc, agus déanaḋ sé maiṫeas; Iarraḋ sé síoṫċáin, agus leanaḋ sé í.

12 Óir atá súile an Ṫiġearna ar na fíréanaiḃ, Agus atá a ċluasa foscailte d’á n‐urnaiġṫiḃ: Aċt atá a ġnúis i n‐aġaiḋ luċta déanta an uilc.

13 Agus cia h‐é ḋéanfas doċar daoiḃ, má leanann siḃ go díċeallaċ de’n ṁaiṫ?

14 Aċt má ḟulaingeann siḃ ar son na fíréantaċta féin, is aoiḃinn daoiḃ: agus ná bíoḋ eagla oraiḃ rómpa‐san, agus ná bíoḋ buaiḋirt oraiḃ;

15 aċt naoṁuiġiḋ Críost mar Ṫiġearna ’n‐ḃur gcroiḋeaċaiḃ: agus siḃ ullaṁ i gcóṁnaiḋe ċum freagra do ṫaḃairt do gaċ duine iarras fios fáṫa an dóċais atá ionnaiḃ:

16 aċt a ḋéanaṁ go ciúin, ómósaċ, agus coinsias maiṫ ḃeiṫ agaiḃ; ionnas, nuair laḃartar ’n‐ḃur n‐aġaiḋ, go gcuirfear náire orṫa‐san ṁasluiġeas ḃur ndeaġiomċar i gCríost.

17 Óir is fearr, má’s é toil Dé é, go ḃfulaingeoċaḋ siḃ ag déanaṁ maiṫeasa, ná ag déanaṁ olcais.

18 Óir d’ḟulaing Críost féin, aon uair aṁáin, ar son na bpeacaiḋe, an fíréan i n‐éiric na neiṁḟíréan, ċum sinn do ṫaḃairt ċum Dé; d’á ċur ċum báis san ḃfeoil, aċt d’á ḃeoḋaḋ san spiorad;

19 ’n‐á ndeaċaiḋ sé agus ’n‐ar ṡeanmóir sé do na spioraidiḃ do ḃí fá ġlas;

20 an dream do ḃí easuṁal san am fad ó, nuair do ḃí foiġid Dé ag fanaṁain i laeṫiḃ Naoi, an ḟaid do ḃí an áirc d’á cur i dtreo, gur sáḃálaḋ beagán daoine, is é sin oċtar, innti treasna an uisce.

21 Is é a ṡaṁail sin an baiste ṡlánuiġeas sinne anois, ní h‐é glanaḋ salaċair an ċuirp, aċt freagairt deaġ‐ċoinsiais do Ḋia, tré aiséirġe Íosa Críost;

22 atá ar ḋeasláiṁ Dé, tar a éis dó dul isteaċ ins na flaiṫeasaiḃ; na h‐aingle, agus na h‐uġdaráis, agus na cuṁaċta ḃeiṫ curṫa fá n‐a ċeannas.

First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1951.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan