Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

1 Peadar 2 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

1 Cuiriḋ ḋíḃ, d’á ḃriġ sin, gaċ droċ‐rún, agus calaois,

2 agus gaċ fuar‐ċráḃaḋ, agus éad, agus gaċ bíodán, agus, mar ḋéanfaḋ naoiḋeanáin nua‐ḃeirṫe, cuiriḋ dúil san mbainne spioradálta úr‐ġlan, gan cealg, ċum go ḃfásfaiḋ siḃ ċum slánuiġṫe d’á ḃárr;

3 má ḃlaiseaḃar go ḃfuil an Tiġearna lán de ṁaiṫeas.

4 Druidiḋ leis, cloċ ṡír‐ḃeo, d’ar ḋiúltuiġ na daoine, aċt atá toġṫa, luaċṁar i ḃfiaḋnaise Dé.

5 Biḋiḋ‐se, mar an gcéadna, mar ċloċa beo d’á gcur le ċéile ċum teaċ spioradálta do ṫógáil, ċum ḃeiṫ ’n‐ḃur sagartaċt naoṁṫa, ċum íoḋbarṫa spioradálta ṫaiṫneas le Dia tré Íosa Críost, d’ofráil.

6 Uime sin atá scríoḃṫa san scrioptúir, Féaċ, leagaim i Síon príoṁ‐ċloċ ċúinne, ṫoġṫa, luaċṁar, Agus an té ċreideas innti, ní cuirfear náire air.

7 D’á ḃriġ sin, is luaċṁar liḃ‐se é, ó ċreideann siḃ ann: aċt i dtaoḃ an dreama naċ gcreideann, An ċloċ d’ár ḋiúltuiġ na saoir, Is di‐se do rinneaḋ cloċ ċinn ċúinne:

8 Agus, Cloċ tuisliḋ, agus carraig scannail; óir tuisliġeann siad ar an mbriaṫar, toisc iad ḃeiṫ easuṁal dó: agus is é do ḃí i ndán dóiḃ.

9 Aċt cineaḋ toġṫa is eaḋ siḃ‐se, sagartaċt ríoġḋa, náisiún naoṁṫa, pobal atá ’n‐a ṡealḃaċas ar leiṫ aige féin; ċum go ḃfógróċaḋ siḃ tréiṫe oirḋearca an té do ġlaoḋ as an dorċadas siḃ ċum a ṡolais iongantaiġ féin:

10 siḃ‐se náċ raiḃ ’n‐ḃur bpobal roiṁe sin, aċt atá ’n‐ḃur bpobal Dé anois: siḃ‐se naċ ḃfuair trócaire, aċt go ḃfuil trócaire fáġalta agaiḃ anois.

11 A ċáirde ionṁaine, impiḋim oraiḃ, mar ḋeoraiḋṫe agus mar oiliṫriġ, staonaḋ ó na h‐ainṁiantaiḃ colnaiḋe do‐ġní troid i n‐aġaiḋ an anma.

12 Bíoḋ deaġ‐iomċar macánta i measc na bPágánaċ agaiḃ; ċum, giḋ go laḃrann siad ’n‐ḃur n‐aġaiḋ aṁail mar ḃéaḋ siḃ ’nḃur luċt mí‐ġníṁ, go dtugaiḋ siad fá deara ḃur ngníoṁarṫa maiṫe, agus go dtugaiḋ siad glóir do Ḋia i ló na cuarta.

13 Géilliḋ do gaċ uġdarás daonna ar son an Tiġearna: má’s é an rí, mar árd‐riaġlóir é, nó má’s iad na goiḃearnóirí iad,

14 mar ḋaoine do cuireaḋ uaiḋ ċum díoġaltas d’agairt ar luċt déanta an uilc, agus ċum meisneaċ do ṫaḃairt do luċt na ndeiġ‐ġníoṁ.

15 Óir is é toil Dé, ag cleaċtaḋ an ċirt daoiḃ, go gcuirfiḋ siḃ ainḃfios daoine diṫ‐céilliḋe ’n‐a ṫost:

16 mar ṡaor‐ḋaoine, agus gan úsáid do ḃaint as ḃur saoirse ċum clúdaċ do ċur ar olcas, aċt mar ṡeirḃísiġ Dé.

17 Taḃraiḋ onóir do gaċ duine. Taḃraiḋ gráḋ do na bráiṫriḃ. Bíoḋ eagla Dé oraiḃ. Taḃraiḋ onóir do’n riġ.

18 A ṡeirḃíseaċa, biḋiḋ uṁal do ḃur máiġistriḃ le gaċ eagla; ní h‐é aṁáin dóiḃ‐sean atá maiṫ, cneasta, aċt dóiḃ‐sean, leis, atá mí‐réasúnta.

19 Óir is maiṫ an niḋ é, má ḟoiḋniġeann duine le doġrainn ar son Dé, ag fulang san éagcóir.

20 Óir cia an t‐aḋḃar maoiḋṁeaċais é, nuair ġníos siḃ peacaḋ, agus go ḃfáġann siḃ droċ‐íde d’á ḃárr, é do ġlacaḋ go foiġdeaċ? aċt má ġlacann siḃ go foiġdeaċ é, nuair ġníos siḃ mar ba ċeart, is niḋ sin ṫaiṫneas le Dia.

21 Agus is ċuige sin do glaoḋaḋ siḃ: de ḃriġ gur ḟulaing Críost féin ar ḃur son, ag fágáil sompla agaiḃ, ċum go leanfaḋ siḃ a lorg.

22 Ní ḋearna sé peacaḋ ariaṁ, agus ní fríṫ cealg ’n‐a ḃéal.

23 Nuair do cáineaḋ é, ní ḋearna sé aṫċáineaḋ; nuair d’ḟulaing sé, ní ḋearna sé bagairt; aċt do ċuir sé é féin fá ċuṁdaċ an té do‐ḃeir breiṫeaṁnas ceart:

24 an té d’iomċair ár bpeacaiḋe ’n‐a ċorp féin ar an gcrann, ċum, ar mbeiṫ ḋúinn marḃ do’n ṗeacaḋ, go mairfimís do’n ḟíréantaċt; agus do leiġeasaḋ siḃ le n‐a ċneaḋaiḃ.

25 Óir do ḃí siḃ mar ċaoiriġ ag dul ar fán; aċt anois atá siḃ fillte ċum Aoḋaire agus ċum Easpuig ḃur n‐anmann.

First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1951.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan