1 Peadar 1 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)1 Peadar, abstal Íosa Críost, ċum na muinntire atá ar deoraiḋeaċt, i bPontus, i nGalátia, san Áise, agus i mBitínia, 2 do toġaḋ do réir réaṁeolais Dé an tAṫair, tré naoṁú an Spioraid, ċum uṁlaċta agus ċum croiṫte fola Íosa Críost: Go méaduiġtear grása agus síoṫċáin daoiḃ. 3 Go mbeannuiġtear Dia, Aṫair ár dTiġearna Íosa Críost, d’aiṫġein, do réir a ṁór‐ṫrócaire, sinn ċum beo‐ḋóċais tré aiséirġe Íosa Críost ó na marḃaiḃ, 4 ċum oiḋreaċta neaṁ‐ṫruailliġṫe, gan smál, naċ dtéiġeann i n‐éag, atá i n‐áiriṫe ins na flaiṫeasaiḃ daoiḃ‐se, 5 atá d’ḃur gcuṁdaċ le cuṁaċt Dé tré ċreideaṁ fá ċóṁair slánuiġṫe atá ullaṁ le n‐a ḟoillsiú ins an aimsir ḋeiriḋ. 6 Niḋ is eaḋ é do‐ḃeir aḋḃar gáirdeaċais daoiḃ, bíoḋ, má’s gáḃaḋ é, go ḃfuil atuirse ar feaḋ tamaill oraiḃ mar ġeall ar ċaṫuiġṫiḃ éagsaṁla; 7 ċum go ḃfaiġfear dearḃú ḃur gcreidiṁ, atá níos luaċṁaire ’ná ór ṫéiġeas ar neiṁniḋ, giḋ go mbruiṫntear é le teiniḋ, go ḃfaiġfear a ṫairḃe i molaḋ, i nglóir, agus i n‐onóir nuair foillseoċar Íosa Críost: 8 an té d’á dtugaḃar gráḋ, giḋ naċ ḃfacaḃar é; ag creideaṁain daoiḃ ann, gan a ḟeicsin fós, atá siḃ ag déanaṁ gáirdeaċais le h‐áṫas do‐inniste, lán de ġlóir; 9 agus slánú ḃur n‐anmann d’á ḟáġáil agaiḃ mar ṫoraḋ ḃur gcreidiṁ. 10 Na fáiḋe do rinne tarngaireaċt fá’n ngrása do ḃí le teaċt ċugaiḃ, d’ḟiosruiġ agus do ċuarduiġ siad go díċeallaċ i dtaoḃ an tslánuiġṫe úd: 11 ar lorg na h‐aimsire, nó cóṁarṫa na h‐aimsire d’ḟoillsiġ Spiorad Ċríost do ḃí ionnta, nuair ṫug sé fios roiṁ ré i dtaoḃ a raiḃ le fulang ag Críost, agus i dtaoḃ na glóire do ḃí le leanaṁain ’n‐a ḋiaiḋ. 12 Do noċtaḋ ḋóiḃ, naċ dóiḃ féin, aċt daoiḃ‐se do ḃíodar ag dáileaḋ na neiṫe úd atá curṫa i dtuigsin daoiḃ anois aca‐san do ṡeanmóir an soiscéal daoiḃ tríd an Spiorad Naoṁ do cuireaḋ ó neaṁ; neiṫe is mian le h‐aingliḃ a scrúdú. 13 D’á ḃriġ sin, ag teannaḋ ḃur n‐intinne, biḋiḋ stuama, agus bíoḋ ḃur súil go h‐iomlán leis an ngrása tiuḃarfar daoiḃ le foillsiú Íosa Críost; 14 mar ḋéanfaḋ clann uṁal, gan géilleaḋ do na sean‐ainṁiantaiḃ do ċleaċtaḃar ’n‐ḃur n‐ainḃfios; 15 aċt ar ṡompla an té naoṁṫa do ġlaoḋ siḃ, biḋiḋ‐se naoṁṫa mar an gcéadna ’n‐ḃur n‐iomċar uile; 16 de ḃriġ go ḃfuil sé scríoḃṫa, Béiḋ siḃ naoṁṫa; óir atáim‐se naoṁṫa. 17 Agus má ġlaoḋann siḃ airsean mar Aṫair, do‐ḃeir breiṫ do réir oibre gaċ duine, gan meas do ṫaḃairt ar ṗearsain duine seaċas a ċéile, caiṫiḋ aimsear ḃur ndeoraiḋeaċta le h‐eagla: 18 agus a ḟios agaiḃ naċ le neiṫiḃ so‐ṫruailliġṫe, le h‐airgead nó le h‐ór, do fuasclaḋ siḃ ó na baoiṫ‐ċleaċtaiḃ saoġalta ṫáinig i n‐oiḋreaċt ó n’ ḃur sinnsearaiḃ ċugaiḃ; 19 aċt le fuil luaċṁair, mar ḟuil uain gan loċt, gan smál, fuil Ċríost: 20 do réaṁórduiġeaḋ roiṁ ḃunaḋ an doṁain, aċt do foillsiġeaḋ i ndeireaḋ na n‐aoiseann ar ḃur son‐sa; 21 ċreideas tríd‐sean i nDia, do ṫóg ó na marḃaiḃ é, agus ṫug glóir dó; ċum go mbéaḋ ḃur muiniġin agus ḃur ndóċas as Dia. 22 Ó ṫárla ḃur n‐anmanna ḃeiṫ glanta ag uṁlú do’n ḟírinne ḋaoiḃ, ċum fíor‐ġráḋ na mbráṫar do ċoṫú, taḃraiḋ gráḋ ó ċroiḋe go dúṫraċtaċ d’á ċéile: 23 óir do h‐aiṫ‐ġeineaḋ siḃ, ní ó ṡíol so‐ṫruailliġṫe, aċt ó ṡíol neaṁṫruailliġṫe, le briaṫar biṫ‐ḃeo, buan Dé. 24 Óir, Atá an uile ḟeoil mar an ḃféar, Agus atá a scéiṁ uile mar ḃláṫ an ḟéir. Feoġann an féar, agus tuiteann a ḃláṫ; 25 Aċt fanann briaṫar an Tiġearna go síorraiḋe. Agus is é briaṫar an tsoiscéil do craoḃscaoileaḋ ḋaoiḃ é seo. |
First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1951.
British & Foreign Bible Society