1 Eoin 5 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)1 Cibé duine ċreideas gur ab é Íosa an Críost, is ó Ḋia do geineaḋ é, agus cibé duine ġráḋuiġeas an té do ġein é, gráḋuiġeann sé an Mac do geineaḋ uaiḋ. 2 Air so aiṫniġmíd go ḃfuil gráḋ againn do ċlainn Dé, nuair ḃíos gráḋ againn do Ḋia, agus nuair ċoiṁeádaimíd a aiṫeanta. 3 Óir is é seo gráḋ Dé, sinne do ċoiṁeád a aiṫeanta: agus ní ḟuil a aiṫeanta trom. 4 Óir buaḋann ar geineaḋ ó Ḋia ar an saoġal, agus is é do ḃuaiḋ ar an saoġal, ná ár gcreideaṁ‐na. 5 Agus cia h‐é ḃuaḋas ar an saoġal aċt an té ċreideas gur ab é Iosa Mac Dé? 6 Is é Íosa Críost an té ṫáinig tré uisce agus tré ḟuil: ní h‐é tríd an uisce aṁáin, aċt tríd an uisce agus tríd an ḟuil. 7 Agus is é an Spiorad do‐ḃeir fiaḋnaise, óir is é an Spiorad an ḟírinne. 8 Óir atá triúr ann do‐ḃeir fiaḋnaise, an Spiorad, agus an t‐uisce, agus an ḟuil: agus cuireann an triúr le ċéile. 9 Má ġlacaimíd le fiaḋnaise na ndaoine, is mó ’ná sin fiaḋnaise Dé: óir is í fiaḋnaise Dé, go dtug sé fiaḋnaise i dtaoḃ a ṁic. 10 An té ċreideas i Mac Dé, atá an ḟiaḋnaise seo ann féin. An té naċ gcreideann do Ḋia, bréagnuiġeann sé é; de ḃriġ nár ċreid sé an ḟiaḋnaise ṫug Dia i dtaoḃ a Ṁic. 11 Agus is í seo an ḟiaḋnaise, go dtug Dia an ḃeaṫa ṁarṫannaċ dúinn, agus gur ’n‐a Ṁac atá an ḃeaṫa so. 12 An té go ḃfuil an Mac aige, atá an ḃeaṫa aige; an té naċ ḃfuil Mac Dé aige, ní ḟuil an ḃeaṫa aige. 13 Do scríoḃas na neiṫe seo ċugaiḃ‐se ċreideas i n‐ainm Ṁic Dé ċum go mbéiḋ eolas agaiḃ go ḃfuil an ḃeaṫa ṁarṫannaċ agaiḃ. 14 Agus is é aḋḃar an uċtaiġ atá againn ’n‐a ṫaoḃ, má iarraimíd rud ar biṫ do réir a ṫola air, go n‐éisteann sé linn: 15 agus má tá a ḟios againn go n‐éisteann sé le cibé niḋ iarraimíd air, annsin atá a ḟios againn go ḃfuil na neiṫe d’iarramar air againn. 16 Má ċíonn aoinneaċ a ḃráṫair ag déanaṁ peacaiḋ naċ ḃfuil ċum báis, iarrfaiḋ sé, agus ḃéarfaiḋ Dia beaṫa ḋó le h‐aġaiḋ na ndaoine naċ ndéanann peacaḋ ċum báis. Atá peacaḋ ċum báis ann; ní abraim go mba ċeart dó guiḋe ar a ṡon sin. 17 Is peacaḋ gaċ éagcóir: agus tá peacaḋ ann naċ ḃfuil ċum báis. 18 Is eol dúinn, aoinneaċ do geineaḋ ó Ḋia naċ ndéanann sé peacaḋ; aċt an té do geineaḋ ó Ḋia, coiṁeádann sé féin é, agus ní ḃfaġann an ainspioraid greim air. 19 Is eol dúinn, leis, gur daoine le Dia sinn, agus go ḃfuil an saoġal ar fad fá ċuṁaċt na h‐ainspioraide. 20 Agus is eol dúinn go dtáinig Mac Dé, agus go dtug sé tuigsin dúinn ċum an té atá fírinneaċ d’aiṫint, agus atáimíd‐ne san té atá firinneaċ, ’n‐a Ṁac Íosa Críost. 21 Is é an fír‐Ḋia, agus an ḃeaṫa ṁarṫannaċ é seo. A ċlann ḃeag, coiṁeádaiḋ siḃ féin ar íoḋalaiḃ. |
First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1951.
British & Foreign Bible Society