1 Eoin 3 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)1 Féaċaiḋ méid an ġráḋa ṫug an tAṫair dúinn, go nglaoḋfaiḋe clann Dé orainn: agus atá an scéal aṁlaiḋ ’n‐ár dtaoḃ. Ar an aḋḃar sin ní aiṫniġeann an saoġal sinn, toisc nár aiṫniġ sé eisean. 2 A ċáirde ionṁaine, atáimid ’n‐ár gclainn Dé anois, agus níor foillsiġeaḋ fós créad atá i ndán dúinn. Atá a ḟios againn, nuair foillseoċar é, go mbéiḋmíd cosṁail leis; óir ċífimíd é do réir mar tá sé. 3 Agus gaċ aoinneaċ go ḃfuil an dóċas so ann glanann sé é féin, fá mar tá seisean glan. 4 Gaċ aoinneaċ do‐ġní peacaḋ sáruiġeann sé an dliġe, leis: agus is sárú dliġe an peacaḋ. 5 Agus is eol daoiḃ gur foillsiġeaḋ é ċum peacaḋ do ċur ar ceal; agus ní ḟuil peacaḋ ar biṫ ann féin. 6 Cibé duine ċóṁnuiġeas ann, ní ḋéanann sé peacaḋ: cibé duine do‐ġní peacaḋ, ní ḟaca sé, ná níor aiṫniġ sé é. 7 A ċlann ḃeag, ná meallaḋ aoinneaċ siḃ: an té ċleaċtas fíréantaċt atá sé fíréanta, fá mar tá séisean fíréanta: 8 an té do‐ġní peacaḋ, is duine de ċlainn an diaḃail é; óir atá an diaḃal ag déanaṁ peacaiḋ ó ṫús. Ċuige seo is eaḋ do foillsiġeaḋ Mac Dé, ċum go gcuirfeaḋ sé deireaḋ le h‐oibreaċaiḃ an diaḃail. 9 Cibé duine do geineaḋ ó Ḋia, ní ḋéanann sé peacaḋ, óir fanann síol Dé ann: agus ní féidir leis peacaḋ do ḋéanaṁ de ḃriġ gur ó Ḋia do geineaḋ é. 10 Air seo is eaḋ aiṫniġtear clann Dé agus clann an diaḃail: an té naċ gcleaċtann fíréantaċt, ní duine le Dia eisean ná an té naċ dtugann gráḋ d’á ḃráṫair. 11 Óir is í seo an teaċtaireaċt do ċualaḃar ó ṫús, gur dual dúinn gráḋ do ṫaḃairt d’á ċéile: 12 ní ar nós Ċáin é, duine de ċlainn na h‐ainspioraide do ṁarḃ a ḋearḃráṫair. Agus cad ċuige ar ṁarḃ sé é? Toisc a oibreaċa féin ḃeiṫ go h‐olc, agus oibreaċa a ḋearḃráṫar ḃeiṫ fíréanta. 13 Ná bíoḋ aon iongnaḋ oraiḃ, a ḃráiṫre, fuaṫ ḃeiṫ ag an saoġal daoiḃ. 14 Is eol dúinn go ḃfuilmíd aistriġṫe ó’n mbás go dtí an ḃeaṫa toisc gráḋ ḃeiṫ againn do na bráiṫriḃ. An té atá gan gráḋ fanann sé san mbás. 15 Cibé duine go ḃfuil fuaṫ aige d’á ḃráṫair is dún‐ṁarḃṫóir é: agus atá a ḟios agaiḃ naċ gcóṁnuiġeann an ḃeaṫa ṁarṫannaċ i n‐aon dún‐ṁarḃṫóir. 16 Air so is eaḋ aiṫniġmíd an gráḋ, de ḃriġ go dtug seisean a anam ar ár son; agus ba ċeart dúinne ár n‐anam do ṫaḃairt ar son na mbráṫar. 17 Aċt cibé duine go ḃfuil maoin an tsaoġail seo aige, agus go ḃfeiceann sé á ḃráṫair i riaċtanas, agus go gcruaḋann sé a ċroiḋe ’n‐a aġaiḋ, cionnas ċóṁnuiġeann gráḋ Dé ann? 18 A ċlann ḃeag, ná taḃraimís gráḋ i mbriaṫraiḃ béil, ná leis an teangain: aċt i ngníoṁarṫaiḃ agus i ḃfírinne. 19 Air so aiṫniġtear gur daoine de’n ḟírinne sinn, agus béiḋ sásaṁ croiḋe againn ’n‐a ḟiaḋnaise; 20 óir má ċionntuiġeann ár gcroiḋe sinn, is mó Dia ’ná ár gcroiḋe, agus is eol dó an uile niḋ. 21 A ċáirde ionṁaine, muna gcionntuiġeann ár gcroiḋe sinn, atá uċtaċ againn i ḃfiaḋnaise Dé; 22 agus cibé niḋ iarraimíd air doġeiḃimíd uaiḋ é, de ḃriġ go gcoiṁeádaimíd a aiṫeanta, agus go ndéanaimíd na neiṫe ṫaiṫniġeas leis. 23 Agus is í a aiṫne, creideaṁain i n‐ainm a Ṁic Íosa Críost, agus gráḋ do ṫaḃairt d’á ċéile, do réir na h‐aiṫne ṫug sé ḋúinn. 24 Agus an té ċoiṁeádas a aiṫeanta, cóṁnuiġeann sé ann, agus cóṁnuiġeann seisean ann. Agus air so aiṫniġmíd go gcóṁnuiġeann sé ionnainn, tríd an Spiorad ṫug sé ḋúinn. |
First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1951.
British & Foreign Bible Society