1 Eoin 1 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)1 Is é do ḃí ann ó ṫús, do ċualamar, do ċonnaic ár súile féin, ar ar ḋearcamar, agus do láiṁsiġ ár láṁa, 2 i dtaoḃ Briaṫair na beaṫaḋ (is eaḋ, do foillsiġeaḋ an ḃeaṫa, agus do ċonnacamar í, agus atáimíd ag taḃairt fiaḋnaise, agus atáimíd ag fógairt na beaṫaḋ ḋaoiḃ, an ḃeaṫa ṁarṫannaċ do ḃí leis an Aṫair, agus do foillsiġeaḋ ḋúinne); 3 an méid do ċonnacamar agus do ċualamar, is é atá againn d’á ḟógairt daoiḃ‐se, leis, ċum go mbéiḋ cumann agaiḃ‐se linne mar an gcéadna: agus is leis an Aṫair atá ár gcumann, agus le n‐a Ṁac Íosa Críost: 4 agus atáimíd ag seríoḃaḋ na neiṫe seo ċum go mbéiḋ lán‐ġáirdeaċas againn. 5 Agus is í seo an teaċtaireaċt do ċualamar uaiḋ‐sean, agus atá againn d’á fógairt daoiḃ, gur solas Dia, agus naċ ḃfuil dorċadas ar biṫ ann. 6 Má deirimíd go ḃfuil cumann againn leis, agus sinn ag siuḃal san dorċadas, is bréag do‐ġnímíd, agus ní ḟuilmíd ag déanaṁ na fírinne: 7 aċt má ṡiuḃlaimíd san tsolas fá mar tá seisean san tsolas, atá cumann againn le ċéile, agus glanann fuil Íosa Críost a Ṁac ó gaċ peacaḋ sinn. 8 Má deirimíd naċ ḃfuil aon ṗeacaḋ déanta againn, atáimíd d’ár meallaḋ féin, agus ní ḟuil an ḟírinne ionnainn. 9 Má adṁuiġmíd ár bpeacaiḋe, atá seisean ċóṁ dílis, ċóṁ ceart sin agus go maiṫfiḋ sé ár bpeacaiḋe ḋúinn, agus go nglanfaiḋ sé ó gaċ neaṁ‐fíréantaċt sinn. 10 Má deirimíd naċ ḃfuil peacaḋ déanta againn, bréagnuiġmíd é, agus ní ḟuil a ḃriaṫar ionnainn. |
First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1951.
British & Foreign Bible Society