1 Chum Timóteuis 3 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)1 Is inċreidṫe an focal, má loirgeann duine cúram easbuic, go loirgeann sé obair ṁaiṫ. 2 Uime sin ní foláir do’n easboc ḃeiṫ gan loċt, ḃeiṫ pósta le mnaoi aṁáin, ḃeiṫ measarḋa, staidéarṫa, déiġḃéasaċ, fáilteaċ; ullaṁ ċum teagasc do ṫaḃairt, 3 gan ḃeiṫ tugṫa do’n ḟíon, gan ḃeiṫ bruiġeantaċ; 4 aċt ḃeiṫ ceannsa, síoṫċánta, gan sainnt: ḃeiṫ ’n‐a ḋuine riaġluiġeas a ṫeaġlaċ féin go maiṫ, agus go ḃfuil a ċlann féin fá smaċt le stuaim aige; 5 óir munab eol do ḋuine cionnas a ṫeaġlaċ féin do riaġlú, cionnas ġlacfaiḋ sé cúram eaglaise Dé air féin? 6 Ba ċeart dó gan ḃeiṫ ’n‐a nua‐ċreidṁeaċ, ar eagla, ar mbeiṫ lán d’uaḃar dó, go dtuitfeaḋ sé fá ḃreiṫeaṁnas an diaḃail. 7 Ṫairis sin, ní folair deaġ‐ṫeist ḃeiṫ ag na daoiniḃ atá amuiġ air; ar eagla go dtuitfeaḋ sé i scannal agus i ndol an diaḃail. 8 Ar an gcuma ċéadna ní foláir do na deoċanaiḃ ḃeiṫ stuamḋa, gan teanga‐liom‐leat ḃeiṫ aca, gan ḃeiṫ tugṫa do ṁórán fíona, gan ḃeiṫ sanntaċ i ndroċ‐éadáil; 9 ag coiṁeád rúindiaṁaire an ċreidiṁ i gcoinsias glan. 10 Agus déantar tastáil orṫa‐san ar dtús, leis; ’na ḋiaiḋ sin, má táid gan loċt, déanaidís seirḃís mar ḋeoċanaiḃ. 11 Agus ar an gcuma ċéadna, ní foláir do na mnáiḃ ḃeiṫ stuamḋa, gan ḃeiṫ bíodánaċ, aċt ḃeiṫ macánta, dílis san uile niḋ. 12 Bíoḋ na deoċain pósta le mnaoi aṁáin, ag riaġlú a gclainne agus a dteaġlaiġ féin go maiṫ. 13 Óir na daoine do‐ġní seirḃís ṁaiṫ mar ḋeoċanaiḃ, do‐geiḃ siad céim ṁaiṫ ḋóiḃ féin, mar aon le dánaċt mór san gcreideaṁ atá i nÍosa Críost. 14 Atáim ag scríoḃaḋ na neiṫe seo ċugat, agus mé ag súil le teaċt ċugat go luaṫ; 15 aċt má ġním moill, ċum go dtuigiḋ tú cionnas ba ċeart duit ṫú féin d’iomċar i dteaġlaċ Dé, is é sin eaglaif Dé ḃí, colaṁan agus crann cosanta na fírinne. 16 Agus gan déidearḃaḋ ar biṫ, is doiṁin í rúindiaṁair na diaḋaċta; an Té do foillsiġeaḋ san ḃfeoil, do fíréanuiġeaḋ san Spiorad, go ḃfaca aingle é, do craoḃscaoileaḋ i measc na gCineaḋaċ, gur creideaḋ ann san tsaoġal, gur tógaḋ suas é san nglóir. |
First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1951.
British & Foreign Bible Society